Síorach 15
15
1An té a bhfuil eagla an Tiarna air, déanfaidh sé mar sin;
agus an té a dhéanann a chuid féin den dlí, gheobhaidh sé bua na heagna.
2Tiocfaidh sí ina airicis ar nós máthar,
agus glacfaidh sí chuici é mar a dhéanfadh maighdean brídeoige.
3Cothóidh sí é le harán na tuisceana,
agus tabharfaidh sí uisce na heagna dó le hól.
4Beidh sí mar thaca aige agus ní thitfidh sé;
beidh a mhuinín aige aisti agus ní náireofar é.
5Ardóidh sí os cionn a chomharsana é,
agus tabharfaidh sí bua na cainte dó i láthair an chomhthionóil.
6Gheobhaidh sé aoibhneas agus barr áthais uaithi,
agus bainfidh sé clú buanmharthanach amach mar oidhreacht.
7Ní bhfaighidh daoine éaganta aon ghreim uirthi,
ná peacaigh aon radharc uirthi.
8Is fada i gcéin í ón uabhar,
agus ní chuimhneoidh lucht an éithigh choíche uirthi.
9Ní oireann laoi mholta i mbéal peacaigh,
mar ní ón Tiarna a seoladh í.
10Tá moladh le reacadh le heagna,
agus sé an Tiarna atá lena chur sa siúl.
Saorthoil
11Ná habair: “Sé an Tiarna faoi deara mé a dhul ar seachrán,”
mar ní dhéanann sé an ní is fuath leis.
12Ná habair: “Eisean a chuir amú mé,”
mar níl aon ghnó aige den pheacach.
13Is gráin leis an Tiarna gach truaillitheacht,
agus is fuath iad leo siúd ar a bhfuil a eagla.
14Eisean a chruthaigh an duine i dtús baire,
agus a d'fhág é faoi stiúir a chomhairle féin.
15Más áil leat é, is féidir duit na haitheanta a choimeád,
agus ort féin atá sé ag brath a bheith dílis.
16Tá tine agus uisce curtha aige os do chomhair;
sín amach do lámh chuig cibé acu is rogha leat.
17Tá an bás agus an bheatha os comhair an duine,
agus tabharfar dó cibé acu is mian leis.
18Óir is fairsing í eagna an Tiarna;
Is mór í a chumhacht agus feiceann sé an uile ní.
19Bíonn a shúile ar na daoine a bhfuil eagla orthu roimhe,
agus is eol dó gach beart dá ndéanann an duine.
20Níor ordaigh sé d'aon duine riamh a bheith aindiaga,
ná níor thug sé cead d'aon duine riamh peaca a dhéanamh.
Currently Selected:
Síorach 15: ABN
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.