Matha 16
16
Gabháil na bhFairisíneach
1Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh. 2Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Nuair a bhíonn an tráthnóna ann deir sibh: ‘Tá aimsir bhreá air: tá an spéir dearg’; 3agus ar maidin: ‘Déanfaidh sé drochaimsir inniu: tá an spéir dearg, gruama.’ Tuigeann sibh conas dreach na spéire a bhreithniú; an ea nach féidir libh comharthaí na n‑aimsirí seo a bhreithniú? 4Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna” - a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.
5Ag dul go dtí an taobh eile dóibh, ba é dearmad na ndeisceabal gan aon arán a thabhairt leo. 6Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” 7Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t‑arán linn.” 8Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t‑arán libh? 9Nach dtuigeann sibh fós, nó nach cuimhin libh na cúig builíní don chuig mhíle, agus cé mhéad ciseán a thóg sibh suas? 10Nó na seacht mbuilíní don cheithre mhíle agus cé mhéad cléibhín a thóg sibh suas? 11Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” 12Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach.
Admháil ó Pheadar: An Phríomhaíocht
13Ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d'fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: “Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?” 14Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.” 15Dúirt sé leo: “Ach cé a deir sibhse mé?” 16Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.” 17D'fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d'fhoilsigh duit é ach m'Athair atá ar neamh. 18Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m'eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. 19Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.” 20Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost.
An Pháis agus an tAiséirí -- An Chros agus an Choróin
21Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá. 22Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: “Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,” ar seisean, “agus i bhfad uait sin!” 23Ach d'iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d'aigne ach smaointe daoine.”
24Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. 25Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. 26Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? 27Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne. 28Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.”
Currently Selected:
Matha 16: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.