YouVersion Logo
Search Icon

Matha 15

15
Traidisiún na nGiúdach agus an Dlí
1Tháinig ó Iarúsailéim ansin ag triall ar Íosa Fairisínigh agus scríobhaithe a dúirt: 2“Cén fáth a sáraíonn do dheisceabail traidisiún na sinsear? Ní dhéanann siad a lámha a ní nuair a bhíonn siad ag caitheamh a gcoda.” 3“Agus cén fáth,” ar seisean leo á bhfreagairt, “a sáraíonn sibh féin aithne Dé ar son an traidisiúin seo agaibh? 4Óir dúirt Dia: ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air’; 5ach is é a deir sibhse: ‘Cibé duine a deir lena athair nó lena mháthair: “Ní ar bith de mo chuidse a d'fhéadfadh dul chun sochair duitse, táim á choisreacan don Tiarna”; 6níl cead aige an onóir sin a thabhairt dá athair nó dá mháthair’; agus tá briathar Dé curtha ar neamhní agaibh ar son bhur dtraidisiúin. 7A bhréagchráifeacha, is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibh nuair a dúirt:
8‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola
ach is fada uaim atá a gcroí:
9Is díomhaoin dóibh bheith do m'adhradh,
óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’ ”
Fíorghlaine agus Glaine Bhréige
10Ghlaoigh sé an slua chuige agus dúirt sé leo: “Éistigí liom agus bainigí meabhair as an méid seo! 11Ní hé an rud a théann isteach sa bhéal a dhéanann neamhghlan an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.” 12Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: “An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?” 13D'fhreagair sé iad agus dúirt: “Planda ar bith nárbh é m'Athair neamhaí a phlandaigh é, sracfar as a fhréamha é. 14Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”
15Labhair Peadar leis: “Inis dúinn ciall an pharabail úd.” 16Dúirt Íosa: “Sibhse freisin, nach bhfuil tuiscint agaibh fós féin? 17An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é? 18Ní ionann agus na nithe a thagann amach as an mbéal, gur as an gcroí a thagann siad, agus déanann siadsan neamhghlan an duine. 19Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí. 20Sin iad na nithe a dhéanann neamhghlan an duine; ach ní dhéanann sé neamhghlan é má chaitheann sé a chuid gan a lámha a bheith nite.”
An Bhean ó Chanán
21Ar dhul amach as sin dó, chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shíodóine. 22Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.” 23Ach ní dúirt Íosa focal ar bith á freagairt. Tháinig a dheisceabail chuige agus bhí siad ag impí air: “Scaoil uait í,” ar siad, “tá sí ag glaoch inár ndiaidh.” 24D'fhreagair agus dúirt: “Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.” 25Ach tháinig an bhean agus d'fhan ar a dhá glúin ina láthair: “A Thiarna,” ar sise, “fóir orm.” 26D'fhreagair agus dúirt: “Níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.” 27Dúirt sise: “Cinnte, a Thiarna, agus itheann na coileáin féin na grabhróga a thiteann ó bhord a máistrí.” 28Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.
Mórchuid Leigheasanna
29D'fhág Íosa an áit sin agus bhain amach bord farraige na Gailíle. Chuaigh sé an sliabh suas agus shuigh ansin. 30Agus tháinig na daoine chuige ina sluaite móra, agus bhí acu leo bacaigh agus mairtínigh agus daill agus balbháin agus mórán eile, agus shín siad ag a chosa iad agus leigheas sé iad. 31Agus rinne na sluaite ionadh de nuair a chonaic siad caint ag balbháin, mairtínigh slán, siúl ag bacaigh agus radharc ag daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael.
Dara Míorúilt na mBuilíní
32Ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige agus dúirt: “Tá trua agam don slua, mar sin trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon bhia acu. Agus níor mhaith liom iad a scaoileadh chun siúil ar céalacan le heagla go mbuailfeadh laige iad sa tslí dóibh.” 33Ach dúirt na deisceabail leis: “Cá bhfaighimis a ndóthain aráin don slua seo, agus sinn san fhásach?” 34Dúirt Íosa leo: “Cé mhéad builín atá agaibh?” “Tá a seacht,” ar siadsan, “agus tá beagán mioniasc.”
35D'ordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, 36agus thóg sé na seacht mbuilíní agus na héisc, d'altaigh, bhris agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad. 37D'ith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán seacht gcléibhíní. 38Timpeall ceithre mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh. 39Agus tar éis dó na sluaite a scaoileadh uaidh, chuaigh sé ar bord an bháid agus tháinig go críocha Mhagadan.

Currently Selected:

Matha 15: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy