YouVersion Logo
Search Icon

Leabhar na n-Olagón 1

1
Pianpháis na Cathrach Tréigthe
1Ochón!
An chathair a bhíodh plúchta le daoine,
maireann sí léi féin ar an uaigneas;
is cosúil le baintreach anois
í siúd ar mhór ab fhiú í i measc na náisiún;
banphrionsa i measc na gcúigí ab ea í
ach is daorstát í faoi láthair.
2Bíonn sí ag gol go géar goirt san oíche;
bíonn a gruanna báite le caisí deor;
níl aon sólásaí ar bith aici
i measc a cuid leannán;
d'fheall a cairde go léir uirthi;
is naimhde di iad anois.
3D'imigh Iúdá léi ar deoraíocht
chun angar agus daoirse a sheachaint;
cónaíonn sí i measc na náisiún
ach ní bhfaigheann sí ionad suaimhnis ann;
óir, tá an tóir tar éis teacht suas léi
mar a bhfuil sí i gcúngrach mór.
4Tá bóithre Shíón ag caoi
mar ní thaithítear a hionad teagmhála;
tá a geataí uile bánaithe
agus déanann a sagairt osnaíl;
bíonn a maighdeana go léir á gcrá.
Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi!
5Ag a naimhde atá an ceannas;
tá a heascairde uile faoi rath;
óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh
de dheasca oll-líon a peacaí;
tá a leanaí imithe ina gcimí
os comhair a namhad amach.
6Tá a mórgacht uile leáite
ó iníon Shíón;
ba chosúil a flatha le fianna
nach raibh féarach acu níos mó;
bhíodh siad ar a dteitheadh go lagbhríoch
roimh an tóir a cuireadh orthu.
7Is cuimhin le Iarúsailéim anois
a laethanta angair agus fáin,
nuair a thit a muintir lena naimhde
agus gan cabhróir dá laghad acu.
Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti;
ábhar scige dóibh ab ea a turnamh.
8Pheacaigh Iarúsailéim go trom;
dá dheasca sin is neamhghlan í anois;
an dream a thugadh gradam di, maslaíonn siad í;
óir, chonaic siad lomnocht í;
ach bíonn sise ag caoineadh de shíor
agus tugann sí a cúl leo.
9Tá a salachar féin ar a sciortaí;
níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí;
ó nach tubaisteach é a turnamh!
Níl sólásaí ar bith aici.
“Féach, a Thiarna, ar m'ainnise;
is ag mo naimhde atá an bua.”
10Shín a heascairde a lámha amach
chun a maoinese go léir;
chonaic sise na náisiúin
ag réabadh isteach ina sanctóir -
an dream ar chros tú féin orthu
do chomhthionól a thaithí.
11Bíonn a muintir uile ag éamh
agus arán á lorg acu;
malartaíonn siad a n‑iarmhais ar bhia
chun iad féin a neartú arís.
“Féach, a Thiarna, agus breathnaigh
ar an drochmheas a chaitear orm.
12Sibhse uile a thriallann thar bráid,
breathnaígí agus féachaigí
an bhfuil aon bhrón mar mo bhrónsa -
mar an gcumha atá ag criathairt mo chroí,
a chuir an Tiarna féin orm,
ar lá a dhíbheirge fíochmhaire.
13Ón aird thuas chuir sé tine isteach i mo chnámha
a rug greim daingean orthu go léir;
leath sé líon do mo chosa
agus thug orm casadh ar ais;
d'fhág sé go tréigthe mé
agus mé go dona tinn ó lá go lá.
14Tá mo chionta ceangailte ina gcuing;
fíodh le chéile iad ina lámhasan
agus ardaíodh iad ar mo mhuineál;
eisean ba chúis le lagú mo nirt;
thug an Tiarna ar láimh dóibh mé
sa chaoi nach dtig liom fanacht i mo sheasamh.
15Na gaiscígh uile a bhíodh agam,
tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh;
thug sé slua le chéile i m'aghaidh
chun mo chuid ógánach a chloí;
tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoir
ar iníon fhíorógh Iúdá.
16Sin an fáth a mbím ag caoi
agus ag sileadh na súl go fuíoch
Óir, is fada uaim aon sólásaí
a mhúsclódh mo mheanma arís.
Tá mo chlann mhac treascartha tréigthe
mar is é an namhaid a rug an bua.
17Leathann Síón a lámha amach;
níl sólásaí ar bith aici;
thug an Tiarna ordú in aghaidh Iacóib
a chomharsana a bheith naimhdeach dó;
rud éigin neamhghlan ina measc
is ea Iarúsailéim.
18Is cothrom cóir é an Tiarna;
ach bhí mise easumhal dá ordú;
éistigí, mar sin, a chiníocha uile,
agus breathnaígí ar m'ainnise;
tá mo mhaighdeana agus m'ógánaigh
imithe uaim i mbraighdeanas.
19Ghlaoigh mé ar mo chuid leannán;
ach chlis siad go léir orm;
mo shagairt agus mo sheanóirí uile,
díothaíodh iadsan sa chathair,
nuair a bhí siad ag cuardach bia
chun iad féin a neartú arís.
20Féach, a Thiarna, is mise atá go hainnis;
tá a bhfuil istigh ionam corraithe cráite;
tá mo chroí á shníomh i m'ucht
mar ba mhór ar fad m'easumhlaíocht;
tá an claíomh ag dísciú mo chlainne lasmuigh
agus tá an Bás i réim laistigh.
21[Éist] le mo chuid osnaíola;
níl aon sólásaí ar bith agam;
chuir scéala m'anó áthas ar mo naimhde uile;
ar ndóigh ba thusa ba bhun leis go léir;
luathaigh an lá atá fógartha agat,
nuair a bheidh siadsan mar a bhfuilimse anois.
22An mhailís go léir a rinne siad,
go gcuirtear ar do shúile duit í;
caith leo mar a chaith tú liomsa
de dheasca mo chionta uile;
óir, is iomaí osna atá á ligean agam
agus tá mo chroí go tréithlag fann.”

Currently Selected:

Leabhar na n-Olagón 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in