Iósua 20
20
Cathracha Tearmainn
1Dúirt an Tiarna le Iósua: 2“Labhair leis na hIosraelaigh agus abair leo: 3‘Ainmnígí na cathracha tearmainn ar ar labhair mé libh trí Mhaois; cathracha inar féidir le marfóir a dhéanann marú gan bheartú nó trí thaisme dídean a fháil; beidh na cathracha seo mar thearmann agaibh ón díoltach fola. 4Ní miste don mharfóir teitheadh go dtí ceann de na cathracha seo; seasadh sé ag an mbealach isteach trí gheata na cathrach agus míníodh sé a chás do sheanóirí na háite. Tabharfaidh siad isteach sa chathair ansin é agus tabharfaidh siad áit chónaithe dó ina measc. 5Má bhíonn an díoltach fola sa tóir air, ná tugaidís an marfóir ar láimh dó, mar gur mharaigh sé a chomharsa trí thaisme, gan aon fhaltanas a bheith aige leis roimhe sin. 6Fanadh an marfóir sa chathair sin nó go seasa sé a thriail os comhair an chomhthionóil, go bhfaighe an t‑ardsagart in oifig bás; tá cead ansin ag an marfóir filleadh ar a chathair féin agus ar a bhaile féin, ar an gcathair as ar theith sé.’ ”
7Roghnaíodar Ceidis sa Ghailíl in ardáin Naftáilí, agus Seicim in ardáin Eafráim, agus Ciriat Arba (Heabrón is é sin) in ardáin Iúdá. 8Lastall den Iordáin, lastoir sall ó Ireachó, san fhásach ar an ardchlár, roghnaíodar Beizir le treibh Reúbaen, agus Rámót Gileád le treibh Ghád, agus Golán i mBáiseán le treibh Mhanaise. 9Sin iad na cathracha a cuireadh i leataobh do mhuintir Iosrael go léir, agus don deoraí ina chónaí ina measc, mar a bhféadfadh an marfóir tearmann a fhail, an té is é sin a mharaigh a chomharsa go ciniúnach; agus a anam a bhreith leis ón díoltach fola go seasfadh sé a thriail os comhair an chomhthionóil.
Currently Selected:
Iósua 20: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.