YouVersion Logo
Search Icon

Iósua 19

19
Treibh Shimeon
1Ar Shimeon a thit an dara crann, ar threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní; bhí a n‑oidhreacht i lár oidhreacht threibh Iúdá. 2Fuaireadar mar chuid ronna: Béar Seaba, Seaba, Móládá, 3Hazar Siúál, Bálá, Eizim, 4Eilteólad, Batúl, Hormá, 5Zicleag, Béit Marcábot, Hazar Súsá, 6Béit Labáót, Seárúchan - trí cathracha déag lena sráidbhailte. 7Aín, Rimeon, Eitir, Aiseán - ceithre cathracha lena sráidbhailte. 8Leosan gabhann na sráidbhailte go léir timpeall ar na cathracha sin chomh fada le Bálat Béar agus Rámá an Neigib. Sin í oidhreacht threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní. 9Cuid de thailte threibh Iúdá a tugadh mar oidhreacht do threibh chlann Shimeon, mar bhí roinn threibh Iúdá rómhór dóibh; sin é an fáth gur laistigh d'oidhreacht chlann Iúdá a fuair clann Shimeon a n‑oidhreacht féin.
Treibheanna Zabúlun agus Íosácár
10Thit an tríú crann ar threibh Zabúlun de réir a bhfiní. Shín a dtailte oidhreachta chomh fada le Sáraíd. 11Ghabh a dteorainn siar in airde go Maral, cneas le Daibisit ar dtús agus ansin leis an gcom sall ó Iocnán; 12Ghabh an teorainn soir i dtreo éirí gréine ó Sháraíd go teorainn Chioslot Tábor, ansin i dtreo Dhobrat agus ansin suas go Iáifia. 13Ghabh sí ar aghaidh soir ansin i dtreo éirí gréine go Gát Héifir agus go hÍt Cázaín; bhain sí amach Rimeon, agus chas i dtreo Néá. 14Ag gabháil ó thuaidh ansin di chas sí i dtreo Hanaton agus stad ag machaire Ifteachael. 15Mar aon leis sin bhí Catá, Nahalál, Simreon, Idealá agus Beithil - dhá chathair déag lena sráidbhailte. 16Sin í oidhreacht chlann Zabúlun, de réir a bhfiní - na cathracha sin agus a sráidbhailte.
17Thit an ceathrú crann ar Íosácár, ar threibh Íosácár de réir a bhfiní. 18Ar a dtailte bhí Izréil, Casulót, Siúnaem, 19Hafáraím, Síón, Anácharát, 20Raibít, Ciseon, Eibiz, 21Reimit, Éan Gainím, Éan Hadá, Béit Pazaz. 22Ghabh a dteorainn cneas le Tábór agus Seachazaímeá agus Béit Seimis, agus stad ag an Iordáin - sé cathracha déag lena sráidbhailte. 23Sin í oidhreacht chlann Íosácár de réir a bhfiní - na cathracha lena sráidbhailte.
Treibheanna Áiséar agus Naftáilí
24Thit an cúigiú crann ar threibh chlann Áiséar de réir a bhfiní. 25Ina bhfearann bhí Healcat, Haili, Beitin, Aicseáf, 26Alam Meilic, Amád, Miseál; ar an taobh thiar shroich sé Cairmeil agus srutháin Libneát. 27Ar an taobh eile ghabh sé soir go Béit Dágón, shín chomh fada le Zabúlun agus Gleann Ifteachael, ó thuaidh go Béit Éimic agus Níéil; as sin ar aghaidh go Cábúl. Ar an taobh thuaidh 28bhain Eibreon, Rachob, Hamón, Cáná agus as sin go Síodón Mhór leis. 29Ghabh an teorainn ansin i dtreo Rámá, agus shroich daingean na Tuíre agus Hósá agus stad ag an bhfarraige. Machalab, Aiczíb, 30Umá, Afaec, Rachob - dhá chathair fichead lena sráidbhailte. 31Sin í oidhreacht threibh chlann Áiséar de réir a bhfiní - na cathracha sin lena sráidbhailte.
32Thit an séú crann ar chlann Naftáilí, ar chlann Naftáilí de réir a bhfiní. 33Shín a gcríocha ó Heilif agus ó Dhair Zanainím go hAdámaí Neicib, go Iabnael, agus ar aghaidh go Lacúm, agus stad siad ag an Iordáin. 34Ghabh an teorainn thiar go hAznót Tábór agus as sin go Hucoc, cneas le Zabúlun laisteas agus le hÁiséar laistiar, agus le Iúdá lastoir ag an Iordáin. 35Seo iad na cathracha daingne: Zidím, Zéar, Hamat, Racat, Cineirit, 36Adámá, Rámá, Házor, 37Ceidis, Eidreí, Éan Házór, 38Íreon, Migdeál Éil, Horaem, Béit Anát, Beit Seimis - naoi gcathair déag lena sráidbhailte. 39Sin í oidhreacht chlann Naftáilí de réir a bhfiní, na cathracha lena sráidbhailte.
Treibh Dhán
40Thit an seachtú crann ar chlann Dhán de réir a bhfiní. 41Bhain lena bhfearann oidhreachta: Zorá, Eisteáól, Ír Seimis, 42Sealaibín, Aiálón, Itleá, 43Eileon, Timneá, Eacrón, 44Eilticé, Gibiteon, Bálát, 45Iahud, Beiné Barac, Gat Rimeon, 46Mé Iarcón, Racón agus an dúiche sall ó Iopa. 47Ach chuir lucht dhúiche chlann Dhán ina n‑aghaidh, agus ghabh clann Dhán ó thuaidh dá bhrí sin agus d'ionsaíodar Leisim; ghabh siad é agus d'imir faobhar claímh air. Thóg siad seilbh ar an gcathair agus chuir fúthu inti, agus d'athraigh siad a hainm ó Leisim go Dán, i gcuimhne a sinsir, Dán. 48Sin í oidhreacht threibh chlann Dhán de réir a bhfiní, na cathracha sin lena sráidbhailte.
49B'shin deireadh le cranna á gcur chun an tír a roinnt mar sheilbh oidhreachta. Thug clann Iosrael oidhreacht ina measc do Iósua mac Nún. 50Thug siad dó, ar ordú an Tiarna, a rogha cathair, Timneár Searach in ardáin Eafraim. Rinne sé an chathair sin a atógáil agus chuir faoi inti.
51Sin iad na hoidhreachtaí a rinne Eileázár sagart, Iósua mac Nún, agus ceann gach fine a dháileadh ar cranna ar na treibheanna i Sileo i láthair an Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála. B'shin é an clabhsúr acu ar roinnt na críche.

Currently Selected:

Iósua 19: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in