YouVersion Logo
Search Icon

Breithiúna 6

6
Gideón
1Rinne clann Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna; thug an Tiarna ar láimh iad do Mhidián ar feadh seacht mbliana. 2Luigh Midián go trom ar Iosrael. Bhain clann Iosrael feidhm as pluaiseanna sléibhe agus uaimheanna agus daingin chun teacht slán ó Mhidián. 3Nuair a chuireadh Iosrael síol, thagadh Midián fara Amáiléic agus treibheanna an Oirthir, agus d'ionsaídís iad; 4shuídís a longfort ina gcríocha, agus scriosaídís toradh na talún ar fud na tíre go himill Ghazá, gan beatha ar bith a fhágáil ag Iosrael, caora, ná damh, ná asal. 5Mar thagaidís chomh tiubh le lócaistí lena n‑eallach agus lena mbothanna; níorbh fhéidir a líon féin ná líon a gcamall a áireamh, i dtreo go gcreachaidís an dúiche ina ngabhaidís. 6Bhí Iosrael i gcruachás agus i ngátar, de bharr Mhidián; agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna ag lorg cabhrach.
7Nuair a ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna de bharr Mhidián, 8chuir an Tiarna fáidh go clann Iosrael, agus dúirt sé leo: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Sheol mé aníos ón Éigipt sibh, agus thug mé amach as teach na daoirse sibh; 9d'fhuascail mé sibh ó láimh na nÉigipteach, agus ó láimh lucht bhur ngéarleanúna go léir: dhíbir mé romhaibh iad, agus thug mé daoibh a gcuid tailte. 10Agus dúirt mé libh: “Mise an Tiarna bhur nDia; ná tugaigí ómós do dhéithe na nAmórach, a bhfuil sibh ag cur fúibh ina gcríocha.” Ach níor thug sibh aird ar mo ghlór.” ’
11Tháinig aingeal an Tiarna agus shuigh sé faoin gcrann darach in Ofrá a bhain le Ióáis, an tAibíezreach. Bhí a mhacsan Gideón ag bualadh cruithneachta sa chantaoir fhíona d'fhonn í a cheilt ar Mhidián, 12agus thaibhsigh aingeal an Tiarna dó go ndúirt leis: “Tá an Tiarna leat, a ghaiscígh chalma!” 13Dúirt Gideón leis: “Má tá an Tiarna linn, a uasail, cén fáth, más ea, ar tharla na nithe seo uile dúinn? Agus cá bhfuil na héachtaí go léir a d'inis ár n‑aithreacha dúinn, á rá: ‘Nár thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn?’ Ach anois tá droim laimhe tugtha ag an Tiarna linn agus táimid tugtha isteach i láimh Mhidián aige.”
14Leis sin, d'iompaigh an Tiarna chuige á rá: “Éirigh amach i do neart agus saor Iosrael ó chumhacht Mhidián! Nach mise féin a chuireann uaim thú?” 15D'fhreagair seisean: “A Thiarna, conas a thiocfaidh liomsa Iosrael a shaoradh? Is é mo fhinese an fine is laige i Manaise, agus is mise is lú cumas i dteaghlach m'athar.” 16Dúirt an Tiarna leis: “Beidh mise leat, agus buailfidh tú Midián amhail is nach mbeadh iontu ach aon duine amháin.” 17“Má fuair mé gean uait,” arsa Gideón leis, “tabhair dom comhartha gur tusa féin atá ag labhairt liom. 18Guím thú gan imeacht as seo nó go dtiocfaidh mé chugat arís agus go dtabharfaidh mé m'íobairt chugat, agus go gcuirfidh mé i do láthair í.” Agus d'fhreagair seisean: “Fanfaidh mé go dtiocfaidh tú ar ais.”
19D'imigh Gideón abhaile ansin agus d'ullmhaigh meannán agus builíní aráin gan ghabháile as éafá plúir. Chuir sé an fheoil i gciseán agus an t‑anraith i gcorcán agus thug sé chuige iad mar a raibh sé faoin dair. Nuair a dhruid sé leis, 20dúirt Dia leis: “Beir leat an fheoil, agus na builíní gan ghabháile, agus cuir ar an gcarraig seo iad, agus doirt an t‑anraith orthu.” Rinne sé amhlaidh. 21Leis sin shín aingeal an Tiarna barr na slaite a bhí ina láimh, gur bhain leis an bhfeoil agus leis na builíní gan ghabháile. Phreab tine as an gcarraig ansin agus loisc an fheoil agus na builíní gan ghabháile, agus leis sin sceinn aingeal an Tiarna as amharc. 22Thuig Gideón ansin gurbh é aingeal an Tiarna a bhí ann agus dúirt sé: “Faraor, a Thiarna Dia! Chonaic mé aingeal an Tiarna gnúis le gnúis!” 23Ach dúirt an Tiarna leis: “Síocháin leat! Ná bíodh eagla ort, ní bhfaighidh tú bás.” 24Thóg Gideón altóir don Tiarna san áit sin, agus thug sé Síocháin É An Tiarna mar ainm uirthi. Tá sí ina seasamh ansiúd fós in Ofrá na nAibíezreach.
25Dúirt an Tiarna leis an oíche sin: “Faigh gamhain ramhar d'athar, an dara ceann. Leag anuas an altóir do Bhál atá ag d'athair, agus gearr anuas an cuaille naofa taobh léi. 26Tóg altóir chloch dea-chumtha don Tiarna do Dhia ar bharr an fharragáin seo. Ansin faigh an gamhain ramhar, an dara ceann, agus íobair é mar íobairt dhóite le hadhmad an chuaille a bheidh gearrtha anuas agat.” 27Thogh Gideón deichniúr dá ghiollaí agus rinne mar a dúirt an Tiarna leis. Ach le barr eagla roimh a theaghlach féin agus muintir an bhaile é sin a dhéanamh leis an lá, rinne sé é leis an oíche. 28Nuair a d'éirigh muintir an bhaile ar maidin lá arna mharach, féach! bhí altóir Bhál leagtha anuas, an cuaille naofa a bhí taobh léi scriosta, agus an gamhain ramhar eile ofráilte ina íobairt dhóite ar an altóir eile a tógadh. 29“Cé rinne é seo?” ar siad lena chéile. Cheistíodar agus rinneadar iniúchadh, agus dúradar: “Sé Gideón mac Ióáis a rinne é seo!” 30Ansin dúirt muintir an bhaile le Ióáis: “Tabhair amach do mhac, mar ní foláir é a chur chun báis, mar gur leag sé anuas altóir Bhál, agus gur ghearr sé anuas an cuaille naofa a bhí taobh leis.” 31Ach dúirt Ióáis leis an muintir go léir a bhí cruinnithe ina aghaidh: “An bhfuil fonn oraibh aighneas a dhéanamh ar mhaithe le Bál, agus seasamh leis? (Aon duine a dhéanfaidh aighneas ar mhaithe le Bál, cuirtear chun báis é roimh mhaidin.) Más dia é, déanadh sé a chuid aighnis dó féin, ós rud é gur scriosadh a altóir.” 32Tugadh Iarubál ar Ghideón an lá sin, mar dúradar: “Ní foláir do Bhál aighneas a dhéanamh ina choinne, ós rud é gur scrios sé a altóir.”
33Ansin chruinnigh Midián agus Amáiléic, agus muintir an Oirthir go léir le chéile; ghabhadar thar an Iordáin agus shuíodar a longfort i nGleann Izréil. 34Tháinig spiorad an Tiarna ar Ghideón: shéid sé ar an adharc agus d'fhreagair Aibíezir go léir a ghlaoch. 35Chuir sé teachtairí ar fud Mhanaise go léir chomh maith agus d'fhreagair siadsan é. Chuir sé teachtairí go hÁiséar, go Zabúlun, agus go Naftáilí agus amach leo sin chuige chomh maith. 36Dúirt Gideón le Dia: “Má tá sé beartaithe agat dáiríre Iosrael a fhuascailt le neart mo láimhe, mar a dúirt tú, 37féach, seo lomra olla á leathadh agam ar an urlár buailte. Má bhíonn drúcht ar an lomra amháin, agus an t‑urlár go léir tirim, ansin beidh a fhios agam go ndéanfaidh tú Iosrael a fhuascailt le neart mo láimhe, mar a dúirt tú.” 38Agus is amhlaidh a bhí. D'éirigh sé go moch lá arna mhárach, agus d'fháisc an lomra agus bhain lán coirn de dhrúcht as an lomra. 39Ansin labhair Gideón arís le Dia: “Ná bí i bhfearg liom má labhraím arís eile! Lig dom aon triail amháin eile fós a dhéanamh leis an lomra. Bíodh an lomra amháin tirim, agus bíodh drúcht ar an urlár go léir ina thimpeall.” 40Rinne Dia amhlaidh an oíche sin; d'fhan an lomra amháin tirim agus bhí drúcht ar an talamh go léir ina thimpeall.

Currently Selected:

Breithiúna 6: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Breithiúna 6