Breithiúna 5
5
Laoi Dheabórá agus Bhárác
1Chan Deabórá agus Bárác mac Aibíonoam laoi an lá úd:
2Scaoil laochra in Iosrael a bhfolt le gaoth
Agus tháinig an pobal i láthair le flosc.
Molaigí an Tiarna dá bharrsan.
3Éistigí, a ríthe! Tugaigí cluas a thaoiseacha!
Canfaidh mé don Tiarna,
Mórfaidh mé an Tiarna, Dia Iosrael.
4A Thiarna, nuair a chuir tú chun bóthair ó Shaeír,
Nuair a ghabh tú trí chríocha Eadóm,
Tháinig crith ar thalamh agus suaitheadh ar neamh,
Agus d'imigh scamaill ina mbáisteach.
5Leáigh na sléibhte os comhair an Tiarna,
Os comhair an Tiarna, Dia Iosrael.
6I laethanta Sheamgar mac Anát,
I laethanta Iáéil,
Tugadh cúl leis an mbóthar mór;
Ghabh lucht taistil na cúlchosáin.
7Bhí [sráidbhailte] Iosrael marbh, marbh gan anam,
Nó gur tháinig tú ar an bhfód, a Dheabórá,
Gur tháinig tú ar an bhfód mar mháthair in Iosrael.
8An mhuintir ar dhual dóibh seasamh do Dhia
Ní raibh focal astu.
As cúig cathracha, níor tháinig oiread agus sciath,
Gan oiread agus sciath as daichead míle in Iosrael!
9Preabann an croí ionam do cheannairí Iosrael,
Agus don mhuintir a sheas an fód go calma.
Molaigí an Tiarna dá bharrsan!
10A lucht falaireachta ar asail chróna,
Le diallaití saibhre fúibh,
Agus sibhse atá ag gabháil na mbóithre,
Canaigí laoi 11le gártha lúcháire an phobail,
Agus iad cruinnithe ag na láithreacha uisce.
Maíonn siad as beannachtaí an Tiarna ansiúd,
As beannachtaí a réimis in Iosrael.
(Mhairseáil pobal an Tiarna síos chun na ngeataí.)
12Múscail, múscail, a Dheabórá,
Múscail, múscail, agus abair amhrán.
Éirigh, a Bhárác, agus bíodh misneach agat;
Déan géibheannaigh de lucht do ghéibhnithe,
A mhic Aibíonoam!
13Mháirseáil Iosrael síos chun na ngeataí,
Mháirseáil pobal an Tiarna síos mar laochra chun troda ar a shon.
14Tá taoisigh Eafráim sa ghleann;
Tá bhur mbráithre Biniáimin ag gabháil le bhur ndíormaí.
Chuir na ceannairí chun siúil ó Mhácaír
Agus ó Zabúlun lucht iompartha slat an cheannais.
15Tá flatha Íosácár i dteannta Dheabórá;
Tá Naftáilí sa ghleann le Bárác agus á leanúint le teann deabhaidh.
I measc srutháin Reúbaen,
Tá cúraimí faoi chaibidil go fadálach.
16Cad ab áil libh ag moilliú i measc na gcróite
Ag éisteacht le píobaireacht i measc na dtréad?
(I measc srutháin Reúbaen,
Tá cúraimí faoi chaibidil go fadálach.)
17D'fhan Gileád thar Iordáin.
Cad ab áil le Dán a bheith i measc loingeas na gcoimhthíoch?
Shuigh Áiséar go sochma ar fheorainn na farraige,
Ag cur faoi go síochánta ag a chalaí.
18Chuir treibh Zabúlun a n‑anam i bhfiontar,
Agus Naftáilí chomh maith ar na hardáin.
19Tháinig na ríthe agus chuadar sa treas;
Ansin throideadar, ríthe úd Chanán,
Ag Tánác, agus uiscí Mhigideo;
Ach níor thugadar aon chreach airgid leo.
20Throid na réaltaí ó uachtar neimhe;
Chuireadar cath ar Shíseará óna gcúrsaí.
21Scuab tuile Chiseon chun siúil iad,
An tuile naofa, tuile Chiseon;
Treascair, a anam liom, treascair le fuinneamh;
22Tá tine chreasa ón talamh faoi chrúba na n‑each,
Agus iad ag gabháil sna feilimintí siúil.
23“Mallacht ar Mhaeróz,” arsa aingeal an Tiarna.
Mallacht agus mallacht eile ar an muintir a chónaíonn ann,
Mar nár tháinig siad i gcabhair ar an Tiarna,
I gcabhair ar an Tiarna in aghaidh na dtreon.
24Gura beannaithe Iáéil i measc na mban;
Bean Heibir, an Céineach;
I measc na mban go léir a chónaíonn i mbothanna
Gurab í is mó beannacht.
25D'iarr sé uisce agus thug sí dó bainne;
Thug sí gruth dó i gcorn flaithiúil.
26Shín sí a lámh agus rug ar an bpionna
Agus ina deasláimh rug greim ar thuairgnín an oibrí.
Bhuail sí buille ar Shíseará agus bhrúigh a phlaosc;
Bhasc sí a uisinn agus chuir an pionna tríthi.
27Thit sé agus síneadh ar lár faon ag a cosa é.
Thit sé chun láir agus lántalún agus bhí sé ansiúd ina chnap.
28Tá sí ag gliúcaíl ag an bhfuinneog,
Máthair Shíseará, agus ag féachaint tríd an gcrannaíl.
“Cén mhoill atá ar a charbad ag teacht?
Cén fáth a bhfuil a eachra faoina gcarbaid chomh mall?”
29Tugann an té is mó gaois ar a mná uaisle freagra,
Freagra a dhéanann sí a aithris di féin.
30“Nach bhfuil siad cheana féin ag bailiú, ar ndóigh,
agus ag roinnt na creiche?
- Ógbhean nó beirt do gach laoch;
Fallaing, nó dhá fhallaing dhaite do Shíseará;
Carbhat, dhá charbhat le bróidnéireacht domsa!”
31Go dté do naimhde go léir ar ceal, ar an gcuma sin, a Thiarna!
Go raibh do chairde mar an ghrian,
Agus í ag éirí i lán a nirt!
Agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain.
Currently Selected:
Breithiúna 5: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.