YouVersion Logo
Search Icon

Séamas 3

3
An Teanga
1A bhráithre liom, ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, mar tá a fhios agaibh go dtabharfar breith níos déine orainne. 2Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir agus an té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean, agus é ar a chumas an cholainn ar fad a shrianadh. 3Má chuirimid béalbhach i mbéal na gcapall d'fhonn go ngéillfidís dúinn, bíonn a dtoirt go léir faoinár stiúir. 4Tóg na báid féin, dá mhéid iad, agus fiú má bhíonn siad á séideadh ag na gálaí, déantar iad a stiúradh le stiúir bhídeach cibé áit is mian leis an bpíolóta de réir mar bhuaileann an fonn é. 5Níl sa teanga ach oiread ach ball beag, ach tá bearta móra á maíomh aici. Féach nach beag an lasair a chuireann foraois mhór trí thine! 6Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh. 7Is féidir don chineál daonna gach cineál ainmhí agus éin agus nathrach agus míol farraige a cheansú, agus tá sin déanta acu, 8ach ní féidir d'aon duine daonna an teanga a cheansú; plá í atá ag réabadh léi agus í lán de nimh mharfach. 9Is léi a bheannaímid an Tiarna agus ár nAthair; agus is léi chomh maith a mhallaímid daoine cé go bhfuil siad déanta ar dheilbh Dé. 10Tagann an bheannacht agus an mhallacht as an mbéal céanna. Níor cheart go mbeadh sin amhlaidh, a bhráithre liom. 11An ndéanann an tobar idir fhíoruisce agus uisce goirt a sceitheadh as an aon súil? 12An féidir, a bhráithre liom, don chrann fígí ológa a iompar nó don fhíniúin fígí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíoruisce a iompar.
An Eagna Fhíre agus Spiorad an tSaoil
13Cé tá eagnaí agus tuisceanach in bhur measc? Taispeánadh sé a dhea-oibreacha in umhlaíocht na heagna lena iompar fónta. 14Ach má tá éad searbh oraibh agus uaillmhian doicheallach in bhur gcroí, ná bígí ag maíomh ná ag bréagnú na fírinne. 15Ní anuas ó lastuas a thagann an sórt sin eagna, ach tá sí talmhaí, neamhspioradálta, agus diabhlaí. 16Mar a mbíonn éad agus uaillmhian dhoicheallach, bíonn corrthónacht agus gach sort drochbhirt. 17Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill. 18Síolann lucht déanta na síochána an síol a thabharfaidh fómhar na fíréantachta, go síochánta.

Currently Selected:

Séamas 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in