1
Séamas 3:17
An Bíobla Naofa 1981
Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.
Compare
Explore Séamas 3:17
2
Séamas 3:13
Cé tá eagnaí agus tuisceanach in bhur measc? Taispeánadh sé a dhea-oibreacha in umhlaíocht na heagna lena iompar fónta.
Explore Séamas 3:13
3
Séamas 3:18
Síolann lucht déanta na síochána an síol a thabharfaidh fómhar na fíréantachta, go síochánta.
Explore Séamas 3:18
4
Séamas 3:16
Mar a mbíonn éad agus uaillmhian dhoicheallach, bíonn corrthónacht agus gach sort drochbhirt.
Explore Séamas 3:16
5
Séamas 3:9-10
Is léi a bheannaímid an Tiarna agus ár nAthair; agus is léi chomh maith a mhallaímid daoine cé go bhfuil siad déanta ar dheilbh Dé. Tagann an bheannacht agus an mhallacht as an mbéal céanna. Níor cheart go mbeadh sin amhlaidh, a bhráithre liom.
Explore Séamas 3:9-10
6
Séamas 3:6
Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh.
Explore Séamas 3:6
7
Séamas 3:8
ach ní féidir d'aon duine daonna an teanga a cheansú; plá í atá ag réabadh léi agus í lán de nimh mharfach.
Explore Séamas 3:8
8
Séamas 3:1
A bhráithre liom, ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, mar tá a fhios agaibh go dtabharfar breith níos déine orainne.
Explore Séamas 3:1
Home
Bible
Plans
Videos