YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 60

60
Fáistine -- Aiséirí Iarúsailéim
1Éirigh, go lonrach, mar seo é do sholas ort,
agus tá glóir an Tiarna tar éis éirí os do chionn,
2ainneoin go bhfuil an dorchadas ag leathadh thar an talamh
agus dúchan na hoíche ar na ciníocha.
Os do chionnsa tá an Tiarna ag éirí
agus tá a ghlóir le feiceáil anuas ort.
3Tá na náisiúin ag triall ar do sholas
agus a ríthe ar ghile do mhaidneachain.
4Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall:
táthar ag bailiú le chéile agus ag triall ort.
Tá do chlann mhac ag teacht ó i bhfad i gcéin,
d iníonacha fós agus iad á n‑iompar ar an leis.
5Ar a fheiceáil duit, beidh loinnir i do ghnúis,
beidh do chroí ag borradh ionat le tocht:
óir casfar flúirse na farraige i do threo,
tiocfaidh saibhreas na náisiún ag triall ort.
6Beidh tú ar do chlúdach le camaill ina sluaite,
scoth chamaill Mhidián agus Éafá,
iad siúd go léir ag triall as Seabá,
ór agus túis ar iompar acu,
agus iad ag fógairt moltaí an Tiarna.
7Tréada uile Chéadar, cruinneoidh siad le chéile duit;
beidh reithí Nabáiót ag riar ar do ghá.
Rachaidh siad suas agus beidh glacadh leo air m'altóir,
cuirfear maise le maise mo Theampaill.
8Cé hiad siúd ag seoladh leo ar nós na néalta,
mar a bheadh colúir ag filleadh ar a gcró?
9Soithí is ea iad ag bailiú as críocha na farraige,
agus longa Thairsís ar a gceann,
ag iompar do chlann mhac ó i bhfad i gcéin
agus a gcuid óir agus airgid in éindí leo,
ar son ainm an Tiarna do Dhia
agus Neach Naofa Iosrael, os é a chuir maise ort.
10Beidh clann na gcoimhthíoch ag tógáil do mhúrtha as an nua,
agus a ríthe ag déanamh freastail ort.
Óir cé gur bhasc mé thú nuair a bhí an taom feirge orm,
is tú mo pháirt anois agus ghlac mé trua duit.
11Beidh do gheataí ar leathadh de shíor,
de lá ná d'oíche ní bheidh siad dúnta,
chun go dtugtar chugat saibhreas na gciníocha
agus a ríthe ar téad dá gcinnireacht.
12Óir náisiún nó ríocht nach stríocann duit, caillfear iad,
agus déanfar slad ar thíortha iomlána.
13Maise na Liobáine tiocfaidh ag triall ort,
giúis agus ailm agus cufróg ar fad le chéile,
chun slacht a chur ar láthair mo shanctóra,
agus scéimh san áit ar lonnaigh mo chosa.
14Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair;
sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú.
Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort,
Síón Neach Naofa Iosrael.
15In ionad a bheith tréigthe mar a bhí tú,
i do chéile a raibh fuath ort agus tú fágtha,
déanfaidh mé ábhar mórála díot go deo,
cúis ghairdis ó ghlúin go glúin.
16Diúlfaidh tú bainne na gciníocha,
diúlfaidh tú saibhreas na ríthe.
Agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna is slánaitheoir duit,
gurb é Neach Tréan Iacóib d'fhuascailteoir.
17In ionad umha, tabharfaidh mé ór chugat;
in ionad iarainn, tabharfaidh mé airgead;
in ionad adhmaid, umha; in ionad cloiche, iarann.
Gnó do chuid reachtairí fágfaidh mé ag an tsíocháin,
agus feidhm do mhaor ag an bhfíréantacht.
18Ní bheidh trácht ar fhoréigean i do dhúiche níos mó,
ar scrios ná ar shlad i do chríocha.
Goirfidh tú Saoirse do do mhúrthaí.
19Ní bheidh an ghrian mar sholas agat feasta sa lá
ná loinnir ghealaí le teacht na hoíche.
Is é an Tiarna a bheidh agat ina sholas síoraí
agus do Dhia ina bharr maise ort.
20Ní rachaidh do ghrian faoi go deo arís
ná urú ní thiocfaidh ar do ghealach,
óir beidh an Tiarna agat mar sholas síoraí
agus cuirfear críoch le laethanta do bhróin.
21Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin
agus seilbh acu ar an tír go deo,
ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna,
saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.
22An té is lú díobh déanfar míle de,
agus cine láidir as an mbaicle bheag.
Mise an Tiarna, tá mé tar éis labhairt;
in am trátha cuirfidh mé i gcrích é.

Currently Selected:

Íseáia 60: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in