YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 55

55
Bia na mBochtán
1Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce;
fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí;
Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as,
agus fíon agus bainne gan íoc.
2Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é,
agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann?
Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh
agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.
3Tugaigí cluas agus tagaigí chugam,
éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach.
An Conradh
Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo,
an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.
4Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha,
i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin.
5Seo, glaofaidh tú ar chiníocha nárbh aithin duit
agus tiocfaidh ciníocha gan aithne ort chugat ina rith.
Toisc an Tiarna, do Dhia,
agus Neach Naofa Iosrael, ós é a chuir maise ort.
An Tiarna Tréan i nGar
6Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil;
glaoigí air, fad atá sé i ngar.
7Fágadh an coirpeach a dhrochnós
agus fear na hurchóide a bhearta.
Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó,
agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.
8Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta,
ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna.
9Is ard iad na spéartha os cionn na talún,
agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaí
agus mo bhearta os cionn bhur mbearta.
Éifeacht Bhriathar an Tiarna
10Óir mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha agus nach bhfilleann suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann, chun go dtuga sé síol don síoladóir agus arán le hithe, 11is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b'áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i gcrích.
Deireadh an Leabhair
12Sea, imeoidh sibh amach faoi lúcháir
agus tabharfar abhaile sibh slán sábháilte.
Sléibhte agus cnoic, ligfidh siad gártha áthais romhaibh
agus beidh crainn uile na tíre ag bualadh bos.
13In ionad driseacha beidh an chufróg ag fás,
agus in áit na neantóg an miortal.
Déanfaidh sin clú agus cáil don Tiarna,
beidh ina chomhartha nach gcaitear agus nach mbristear!

Currently Selected:

Íseáia 55: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in