YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 54

54
Torthúlacht Iarúsailéim
1Gáir le háthas, a bhean aimrid nár shaolaigh clann;
bris amach i ngártha áthais agus lúcháire, tusa nach raibh i bpriacal riamh!
Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe
ná clann na mná céile, a deir an Tiarna.
2Cuir méid le hurlár do phubaill,
sín amach bratacha d'áit chónaithe,
scaoil amach iad; cuir fad le do chordaí agus téagar i do sháiteáin!
3Óir réabfaidh tú amach as do chríocha ar dheis agus ar chlé.
Cuirfidh do shliocht na ciníocha as a seilbh,
agus déanfaidh áitreabh dóibh féin as cathracha tréigthe.
Grá an Tiarna
4Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire;
ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó.
Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d'óige
agus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.
5Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit,
agus Tiarna na Slua is ainm dó;
Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é,
ar a dtugtar Dia an domhain uile.
6Sea! i do bhean tréigthe mar atá tú agus an t‑anam cráite ionat,
tá Dia ag glaoch ar ais ort.
Cé a shéanfadh an bhean atá mar chéile aige óna hóige?
a deir do Dhia.
7Seal faiteadh súl a thréig mé thú,
ach le barr dáimhe agus dúchais baileoidh mé chugam thú.
8Seal beag agus racht fraoich agus feirge orm
cheil mé mo ghnúis ort.
Ach tá trua agam duit anois le caoindúthracht shíoraí,
a deir an Tiarna, do shlánaitheoir.
9Is ionann cás dom anois agus in aimsir Naoi
nuair a mhionnaigh mé i dtaobh uiscí na Díleann
nach sceithfeadh siad thar an talamh níos mó.
Mionnaim mar an gcéanna i dtaobh na feirge a bhí orm leat
agus i dtaobh na haithise a chaith mé leat.
10Óir féadann na sléibhte imeacht
agus na cnocáin bogadh leo,
ach mo chaoindúthracht duitse ní imeoidh
ná mo chonradh síochána leat ní bhogfar,
a deir an Tiarna, a bhfuil trua aige duit.
An Iarúsailéim Nua
11A chathair atá cráite, stoirmshuaite, gan sólás,
is amhlaidh a leagfaidh mé do chlocha ar charmhogail
agus do dhúshraith ar shaifírí.
12Déanfaidh mé binn agus buaic duit de rúibíní,
geataí den chriostal duit,
agus de liaga lómhara do chompal uile.
13Do chlann go léir beidh siad á dteagasc ag an Tiarna
agus is mór an rath a bheidh orthu mar chlann.
14Beidh tú bunaithe ar an bhfíréantacht;
i bhfad uait an leatrom, agus ní bheidh eagla ort,
i bhfad uait an scéin, mar ní thiocfaidh sí i do chomhair.
15Má dhéantar ionsaí ort, ní uaimse a thiocfaidh sé;
an té a dhéanann ionsaí ort, caillfear é dá bharr.
16Seo, is mise a chruthaigh an gabha,
an té a shéideann tine na gceartaí
agus a tháirgeann airm de réir na feidhme atá leo.
Ach is mise fós a chruthaigh fear a scriosta agus a ndíobhála.
17Níl arm dá ndearna gabha a mbeidh aon mhaith leis i do choinne.
Duine ar bith a chuireann cúis dlí ort, casfaidh tú an t‑éitheach lena bhéal.
Sin mar atá i ndán do shearbhóntaí an Tiarna;
sin mar a sheasfaidh mé a gceart dóibh, briathar an Tiarna.

Currently Selected:

Íseáia 54: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in