YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 51

51
Slánú Chlann Abrahám
1Éistigí liom, sibhse go léir atá ar lorg an chirt,
atá ag iarraidh an Tiarna.
Breathnaígí an charraig as ar gearradh sibh,
agus an cairéal ar tochlaíodh sibh amach as.
2Breathnaígí Abrahám bhur n‑athair
agus Sárá a thug ar an saol sibh.
Óir bhí sé ina aonar nuair a ghairm mise é
agus bheannaigh mé é agus rinne mé líonmhar é.
3Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón,
tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá.
As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin,
agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna.
Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann,
altú buíochais agus siansa ceoil.
Breith ar an Domhan
4Tugaigí aird orm, a chiníocha;
a náisiúna, cuirigí cluas oraibh le héisteacht liom.
Óir is uaimse a thagann an reacht
agus beidh mo bhreithiúnas ina sholas do na ciníocha.
5Tabharfaidh mé mo cheart i láthair go tobann,
tiocfaidh mo shlánú ar nós an tsolais.
Tá mo lámh ar tí breith a thabhairt ar na ciníocha.
Tá súil ag insí na farraige liom
agus iad muiníneach as neart mo láimhe.
6Ardaígí bhur súile i dtreo na spéire
agus breathnaígí ar an talamh síos.
Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh,
imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann,
gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg.
Ach mo shlánúsa, beidh sé buan,
agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.
7Éistigí liom, sibhse a bhfuil eolas an chirt agaibh,
a phobal a mheabhraíonn mo dhlíthe in bhur gcroí.
Ná bíodh eagla oraibh roimh mhasla daoine
ná anbhuain de bharr a gcuid achasán.
8Óir creimfidh an leamhan iad ar nós giobal éadaigh,
mar bheadh olann iontu íosfaidh na péisteoga iad.
Ach mo chumhachtsa chun cirt, mairfidh sí buan
agus mo shlánú ó ghlúin go glúin!
Múscailt an Tiarna
9Múscail, múscail, cuir umat do neart,
a lámh an Tiarna,
Múscail mar a dhéantá sa seanam,
in aimsir na nglún a d'imigh.
An ea nach tusa a scoilt Ráhab,
a pholl an Dragan ina lár?
10An ea nach tusa a thriomaigh an fharraige,
uiscí an Aigéin mhóir,
chun bealach mór a dhéanamh as duibheagáin na farraige,
le go bhféadfadh an dream a fuasclaíodh dul trasna?
11An pobal atá saortha ag an Tiarna, tá siad ag filleadh,
tá siad ag teacht go Síón ag liúireach le gairdeas.
Tá aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann,
áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta,
casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.
Sólásaí Uilechumhachtach is ea an Tiarna
12Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit.
Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine,
an duine ar dual dó an bás,
an duine seo nach buaine é ná an féar?
13Tá dearmad déanta agat ar an Tiarna a rinne thú,
a spréigh na spéartha amach agus a chuir bun faoin talamh;
agus tá crith ort i gcónaí agus gach uile lá
roimh fhraoch an aintiarna agus é faoi réir le tú a scrios.
Ach cá bhfuil sé, an fraoch seo an aintiarna?
An Slánú
14Tá an cime ar tí a scaoilte amach; ní bhfaighidh sé bás i dtóin díge agus ní bheidh ganntanas aráin air. 15Is mise an Tiarna do Dhia a chorraíonn an fharraige agus a chuireann a tonnta ag torann; Tiarna na Slua is ainm dom. 16Chuir mé mo chuid focal i do bhéal, ar scáth mo láimhe chuir mé i bhfolach thú, nuair a spréigh mé amach na spéartha agus chuir mé bun faoin tálamh agus dúirt le Síón: “Is tú mo phobal.”
Múscailt Iarúsailéim
17Dúisigh, dúisigh suas! Bí i do shuí, a Iarúsailéim!
Tusa a d'ól ó láimh an Tiarna cupán a fheirge.
Corn an mhearbhaill, d'ól tú é, d'ól tú siar é ar fad.
18Níl agat feasta chun tú a chinnireacht
duine ar bith den chlann mhac a shaolaigh tú,
ná chun tú a choinneáil suas lena láimh
duine ar bith den chlann mhac a thóg tú.
19Tá an dá olc seo tar éis teacht ort
- cé a bheadh ag maíomh do dhóigh ort?
Creach agus scrios, claíomh agus gorta,
- cé a thabharfadh sólás duit?
20Tá do mhic ina luí gan lúth
ar choirnéal gach uile shráide
chomh lag le heilit i mbarrach,
ar meisce le fearg an Tiarna,
le bagairtí do Dhé.
21Ar an ábhar sin, éist leis seo, a chreatúir chráite,
atá ar meisce cé nach le fíon é;
22seo mar a deir Dia do Thiarna,
do Dhiasa agus curadh cosanta do mhuintire:
Seo, tá mé á thógáil as do láimh,
an cupán sin an mhearbhaill;
corn mo chuid feirge,
ní ólfaidh tú as níos mó.
23Cuirfidh mé isteach i lámha lucht do chéasta é,
iad sin a deireadh leat:
“Luigh fút, agus siúlfaimid sa mhullach ort.”
Agus dhéantá cabhsa as do dhroim,
mar a bheadh bealach mór ann le haghaidh lucht siúil.

Currently Selected:

Íseáia 51: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in