YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 52

52
1Dúisigh, dúisigh suas!
Cuir umat do neart, a Shíón!
Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach,
a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe.
Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó
duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.
2Craith díot an dusta sin! Bí i do shuí,
a Iarúsailéim, a bhraighdeanaigh!
Scaoil do mhuineál as a gheimhleacha,
a iníon Shíón, a bhraighdeanaigh!
An Pobal i nGéibheann
3Sea, seo mar a deir an Tiarna: Díoladh saor in aisce sibh agus ceannófar ar ais sibh gan airgead. 4Sea, seo mar a deir an Tiarna: Chuaigh mo mhuintir síos chun na hÉigipte anallód agus d'fhan ansin; ina dhiaidh sin d'imir an Asaír ansmacht agus foréigean orthu. 5Ach anois cad atá agam anseo? a deir an Tiarna, ó tógadh mo mhuintir ar shiúl saor in aisce agus lucht smachtaithe ag déanamh gaisce, a deir an Tiarna, agus ó mhaidin go hoíche gan stad tá m'ainm á mhaslú. 6Sin é an fáth a gcuirfidh mo mhuintir aithne ar m'ainm; tuigfidh siad, an lá sin, gur mise a deir: “Seo anseo mé!”
Múscailt Iarúsailéim
7Nach álainn ar na sléibhte
cosa an té a bhfuil dea-scéala leis,
síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige,
fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón:
“Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”
8Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglór,
ag liúireach le háthas in éineacht,
óir is léir dóibh lena súile cinn
an Tiarna ag filleadh ar Shíón.
9Scairtigí amach le háthas,
a bhallóga Iarúsailéim!
mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir,
tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.
10Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa
os comhair súile na gciníocha go léir,
agus feicfidh críocha uile na talún
beart tarrthála ár nDé.
11“Amach libh! Amach! Amach as an mBablóin,
ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan!
Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin,
a lucht iompair shoithigh an Tiarna!
12Óir ní rachaidh sibh amach faoi dheifir,
ní imeoidh sibh mar bheadh teifigh ionaibh.
Ar cheann bhur slua beidh an Tiarna ag máirseáil,
agus ag déanamh sciath thar lorg oraibh beidh Dia Iosrael.”
Ceathrú hAmhrán Ghiolla an Tiarna
13Is amhlaidh a bheidh rath ar mo Ghiolla,
gheobhaidh sé gradam agus céimíocht agus oirearcas thar cuimse.
14Mar a bhí scéin trath ar na sluaite ar a fheiceáil,
(bhí sé chomh loite sin ina chuma
- ní raibh cruth duine dhaonna air níos mó)
15is amhlaidh fós a bheidh alltacht ar an iomad ciníocha;
fágfar ríthe ina mbalbháin os a chomhair.
Óir feicfidh siad rud nach raibh insint scéil air
agus breathnóidh siad rud nár chualathas a leithéid riamh:

Currently Selected:

Íseáia 52: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in