YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 49

49
Dara hamhrán Ghiolla an Tiarna
1A insí na farraige, éistigí liomsa;
tugaigí aire, a chiníocha i gcéin!
Ghairm an Tiarna mé sa bhroinn dom,
agus mé i gcoim mo mháthar luaigh sé m'ainm.
2Rinne sé claíomh faobhrach de mo bhéal,
chuir sé i bhfolach mé faoi scáth a láimhe.
Saighead líofa a rinne sé díom,
agus leag sé thart mé ina bholgán saighead.
3Dúirt sé liom: “Is tú mo ghiolla Iosrael
trína saothróidh mé glóir dom féin.”
4Agus bhí mise á rá liom féin: “Tá mo shaothar in aisce agam,
tá mo neart caite agam gan éifeacht.”
Ach bhí mo cheart le fáil agam i bhfochair mo Thiarna,
agus mo chúiteamh i bhfochair mo Dhé.
5Bhí maise orm i súile an Tiarna,
ba é mo Dhia mo neart.
Agus anois tá an Tiarna tar éis labhairt,
an té a dhealbhaigh mé ón mbroinn i leith i mo ghiolla dó,
le go mbailínn Iacób ar ais chuige,
le go gcruinnínn Iosrael le chéile dó:
6“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam
chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin,
chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais.
Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha,
chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”
Eachtra Iontach an Teacht Abhaile
7Is amhlaidh seo a deir an Tiarna,
fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael,
leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air,
le sclábh na dtíoránach:
Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort,
rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu,
de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta,
Neach Naofa Iosrael a thogh thú.
8Is amhlaidh seo a deir an Tiarna:
i dtráth mo pháirte tabharfaidh mé toradh ort,
lá na fuascailte tiocfaidh mé i gcabhair ort.
(Tá tú coinnithe caomhnaithe agam mar chonradh leis an bpobal.)
Cuirfidh mé an tír ina ceart arís;
roinnfidh mé oraibh as an nua na gabháltais scriosta;
9déarfaidh mé leis na cimí: “Amach libh!”
agus leo siúd atá sa dorchadas: “Amach go bhfeicimid sibh!”
Ar na bealaí go léir beidh siad ag iníor,
ar gach dumhach ghainimh gheabhaidh siad féarach.
10Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta,
ní loiscfear iad le gaoth ná le grian.
Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireacht
agus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.
11Déanfaidh mé slí de na sléibhte uile
agus leagfar síos dúshraith do na bealaí móra.
12Tá dream acu ag triall ó chríoch i gcéin,
dream aduaidh agus dream aniar,
dream eile fós ó Shíním aneas.
13Canaigí le lúcháir, a spéartha, agus déan gairdeas, a thalaimh!
a shléibhte, gairigí amach bhur racht áthais!
Óir tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir
agus ag glacadh trua dá chlann dearóil.
14Mar bhí Síón á rá: “Tá mé tréigthe ag an Tiarna,
tá mé ligthe i ndearmad ag mo Dhia.”
15An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche,
an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne?
Agus dearmad dá ndéanfadh féin,
ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!
16Féach, tá tú greanta ar bhosa mo lámh agam,
is gnách do bhallaí os comhair mo shúl.
17Tá lucht d'atógála chugat faoi dheifir,
agus lucht do scriosta agus do chreachta ag imeacht asat amach.
18Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall uait:
tá siad siúd go léir ag cruinniú agus ag déanamh ort.
Ar mo bheo - is é an Tiarna atá á mhionnú -
seoda is ea iad le tú féin a mhaisiú,
le cur ort ar nós feisteas brídeoige!
19Óir na ceantair bhánaithe chreachta sin agat,
agus do dhúiche shladta go léir -
róchúng a bheidh tú feasta do do lucht áitrithe,
agus beidh an dream a thug aghaidh a gcraois ort i bhfad i gcéin.
20Beidh siad á rá arís i d'éisteacht,
an chlann mhac sin a shíl tú a bheith caillte:
“Tá an áit seo róchúng dom,
déan slí dhom go socraí mé isteach!”
21Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh:
“Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom?
Bhí mé gan chlann agus mé aimrid,
ach iad seo, cé a thóg suas iad?”
Bhí mé fágtha liom féin,
an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?
22Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna Dia:
Seo chuige! Bagraím lámh ar na ciníocha
agus cuirim suas mo mheirge le haghaidh na náisiún.
Tabharfaidh siad do mhic ar ais chugat ina mbaclainn
agus d'iníonacha ar a ngualainn.
23Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat
agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche.
Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh
agus lífidh siad an dusta de do chosa.
Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna;
an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.
24An féidir an chreach a bhaint den ghaiscíoch,
nó príosúnach an aintiarna a tharrtháil?
25Is ea, ach seo é freagra an Tiarna:
Bainfear a phríosúnach den ghaiscíoch féin,
déanfar creach an aintiarna a tharrtháil!
Troidfidh mise lena dtroidfidh leat,
agus sábhálfaidh mé do chlann orthu.
26Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin,
beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann.
Agus beidh a fhios ag an uile fheoil
gur mise an Tiarna do Shlánaitheoir,
agus gurb é d'fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib.

Currently Selected:

Íseáia 49: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in