YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 48

48
An Tiarna ina Mháistir
1Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib,
ar a dtugtar ainm Iosrael
agus a tháinig ó fhréamh Iúdá;
sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarna
agus a tharraingíonn anuas Dia Iosrael
gan dea-rún gan fíréantacht.
2Óir ainmníonn sibh sibh féin as an chathair bheannaithe
agus ligeann sibh bhur dtaca le Dia Iosrael
arb é Tiarna na Slua is ainm dó.
3Na rudaí a tharla, bhí siad foilsithe agam fadó,
bhí siad imithe amach as mo bhéal agus fógraithe;
leis sin rinne mé beart agus tháinig siad i gcrích.
4Óir bhí fhios agam go raibh tú ceanndána;
is geall le féithleog iarainn do mhuineál,
agus tá clár d'éadain ina phrás.
5Is uime sin a d'fhoilsigh mé rudaí duit roimh ré;
sula dtarlódh siad, d'fhógair mé duit iad,
ionas nach mbeifeá á rá: “M'íol is é a rinne iad;
mo dhealbh shnoite, mo dhealbh leáite a d'ordaigh!”
6Chuala tú agus chonaic tú sin go léir anois,
nach bhfuil sé chomh maith agat é a admháil?
Anois tá mé chun rudaí nua a fhoilsiú duit,
rudaí folaithe nárbh eol duit,
7a cruthaíodh anois beag,
nár chuala tú caint orthu go dtí seo,
nach féidir leat á rá fúthu: “Ar ndóigh, bhí a fhios agam sin.”
8Níor chuala tú trácht riamh orthu,
níorbh eol duit iad,
ní raibh do chluas oscailte agam dóibh roimh ré.
Óir bhí a fhios agam an feall atá ionat,
agus clú na ceannairce a bheith ort ón mbroinn.
9Ar son m'ainm chuirinn m'fhearg ar cairde,
ar mhaithe le mo chlú choinninn srian léi agus ní bhrisinn thú.
10Is amhlaidh a chuir mé an tine leat, ar nós airgid;
chuir mé féachaint ort i bhfoirnéis na buartha.
11Ar mo shon féin amháin is ea dhéanaim é,
óir cén chaoi a mbeadh m'ainm á thruailliú?
Ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile.
Gnaoi an Tiarna ar Chíoras
12Éist liom, a Iacóib,
a Iosrael, ós ortsa a ghlaoigh mé:
Is mise an tús
agus is mise fós an deireadh.
13Mo lámh is í a bhunaigh an talamh,
mo dheaslámh a scar amach na spéartha.
Ach mé a ghlaoch orthu,
éiríonn siad aniar chugam in éineacht.
14Bailigí go léir le chéile agus éistigí;
cé acu a d'inis na rudaí seo roimh ré?
“Déanfaidh fear mo pháirte rud orm
i gcoinne na Bablóine agus sliocht na gCaildéach.”
15Mise mé féin a labhair agus a ghlaoigh air,
a thug ann é agus a chuir rath ar a bheart.
16Gabhaigí i leith chugam go gcloise sibh an méid seo:
“Ón tús níor labhair mé libh faoi choim,
agus ón am a tharla seo tá mise ann.”
- “Agus anois tá an Tiarna Dia tar éis mé a chur uaidh,
mar aon lena spiorad.”
A raibh leagtha amach ag an Tiarna d'Iosrael
17Seo mar a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, Neach Naofa Iosrael:
Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit,
is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit.
18Och, dá mba gur thug tú aire do m'aitheanta!
Ar nós abhann is ea a bheadh do shonas
agus an rath ba dhual duit ar nós tonnta na farraige!
19Mar an ngaineamh is ea bheadh do shliocht
agus bheadh clann do bhroinne chomh tiubh lena ghráinní!
Choíche go deo ní bheadh d'ainm stoite scriosta os mo chomhair.
D'uair an imeachta as an mBablóin
20Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh!
Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala;
craolaigí é go críocha na talún.
Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt!
21Ní raibh tart orthu agus iad á gcinnireacht tríd an bhfásach aige;
chuir sé uisce ag scairdeadh as an gcarraig dóibh,
scoilt sé an charraig agus bhrúcht an t‑uisce amach aisti.
22“Níl síocháin ar bith,” a deir an Tiarna, “i ndán do choirpigh.”

Currently Selected:

Íseáia 48: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in