YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 47

47
Mairgneach faoin mBablóin
1Síos leat! Buail fút sa láib,
a mhaighdean, a iníon na Bablóine!
Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh,
a iníon na gCaildéach!
Óir ní thabharfar ort níos mó
maoth ná muirneach.
2Chuig na clocha brón leat agus meil an mhin!
Scaoil díot do chaille;
tóg suas do sciortaí, taispeáin do chosa,
siúl tríd na haibhneacha.
3Taispeáin tú féin tarnocht
go bhfeice daoine do náire!
Tá mé ar son díoltais
agus ní chuirfear isteach orm.
4Deir ár slánaitheoir, arb é Tiarna na Slua is ainm dó
Neach Naofa Iosrael:
5Suigh fút, bí i do thost, agus isteach sa dorchadas leat, -
a iníon na gCaildéach.
Óir ní thabharfar ort níos mó choíche
máistreás na ríochtaí.
6Bhí colg orm chuig mo mhuintir,
agus d'fhág mé smál ar m'oidhreacht.
Lig mé isteach i do lámhasa iad,
ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh.
Ar an seanduine bhuail tú anuas
do chuing go róthrom.
7Bhí sé ina dheilín agat: “Choíche is go brách
beidh mise i mo mháistreás.”
Níor mhachnaigh tú ar na rudaí seo i do chroí,
ná níor chuimhnigh ar an deireadh a bheadh orthu.
8Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais,
atá i do shuí go te
á rá leat féin i do chroí:
“Mise, mé féin amháin!
Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche,
ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.”
9Tiocfaidh an dá rud seo díreach sa mhullach ort
d'aon iarraidh agus in aon lá amháin.
Caill do chlainne agus baintreachas,
tiocfaidh siad ort go tobann,
d'ainneoin do chuid asarlaíochta go léir
agus ilchumas do dhraíochta.
10Bhí tú muiníneach as do mhailís, á rá:
“Ní fheiceann aon duine mé.”
Do chríonnacht agus d'eolas,
is iad a mhearaigh thú.
Bhítheá á rá leat féin i do chroí istigh:
“Mise, mé féin amháin!”
11Ach tiocfaidh tubaiste ort
nach mbeidh dul agat [a chur faoi chónaí];
titfidh matalang ort
nach mbeidh tú in ann a chur díot;
bainfidh míchríoch díot
nach bhfuil coinne agat léi.
12Fan i mbun d'asarlaíochta mar sin
agus d'ildraíochta,
ar chaith tú do dhua leo ó d'óige i leith.
B'fhéidir go mbainfidh tú tairbhe astu!
B'fhéidir go spreagfaidh tú scéin fós!
13Ach tá tú tuirseach d'iomad do lucht comhairle.
Seasadh siad amach anois le tú a shábháil,
lucht chomhaireamh na spéartha,
lucht scrúdaithe na réaltaí,
an dream a fhoilsíonn in aghaidh na míosa
cad tá le titim amach.
14Beidh siad ar nós na gcoinlíní
a dhónn an tine.
Ní shábhálfaidh siad a mbeo
ar ghreim na lasrach.
Ná ní aon ghríosach í seo chun do ghoradh a dhéanamh,
ní aon teallach é le suí os a chomhair.
15Sin agat anois do lucht draíochta,
lenar chaith tú do dhua ó d'óige i leith!
Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe,
gan de chumas iontu tú a shábháil.

Currently Selected:

Íseáia 47: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in