YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 18

18
Fáistine in Éadan Chúis
1Chugatsa atáim, a thír na sciathán seabhránach,
ar an taobh thall d'aibhneacha Chúis,
2tusa a sheolann do chuid teachtaí uait ar an bhfarraige,
ag taisteal in árthaí giolcach ar dhroim na n‑uiscí.
Imígí libh, a theachtairí meara,
chun cine na scafairí griandaite,
chuig an náisiún a raibh eagla rompu riamh anall,
cine cumhachtach caithréimeach,
sa tír a shileann na haibhneacha.
3A mhuintir an domhain uile,
a áitreabhacha na talún go léir,
breathnaígí, tá an comhartha á chrochadh in airde;
éistigí, tá an stoc á shéideadh.
4Óir is é seo atá an Tiarna a rá liom:
“Ón áit a bhfuil mo chónaí,
tá mé ag breathnú uaim go socair,
le linn loinnir agus ruithne teasa,
le ceo drúchta i mbrothall an fhómhair.”
5Roimh fhómhar an fhíona, agus aimsir na mbachlóg thart,
nuair a aibíonn an bláth chun caor,
gearrtar na péacáin leis an gcorrán,
déantar beangáin a scoitheadh agus a theascadh.
6Fágfar ansin iad go léir
le haghaidh éin chreiche na sléibhte
agus ainmhithe allta na talún.
Caithfidh na héin an samhradh ag gabháil dóibh,
agus na hainmhithe allta an geimhreadh.
7Ag an am sin tabharfar bronntanais chuig Tiarna na Slua ó chine na scafairí griandaite, ón náisiun a raibh eagla rompu riamh anall, ón gcine cumhachtach caithréimeach sa tír a shileann na haibhneacha; tabharfar iad chuig an áit ina lonnaíonn ainm Thiarna na Slua, ar shliabh Shíón.

Currently Selected:

Íseáia 18: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in