YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 17

17
I dtaobh na Damaisce
1Fáistine i gcoinne na Damaisce.
Tá an Damaisc chun scor mar chathair,
ní bheidh ann ach carnán fothrach.
2Beidh a cuid bailte tréigthe go deo,
agus tréada ag iníor ina n‑áit;
luífidh siad síos iontu gan duine lena ruaigeadh.
3Tá Eafráim ag dul a dhúnphort a chailliúint,
agus an Damaisc a réimeas;
caithfear le fuílleach Arám
mar a chaithfear le glóir chlann Iosrael.
Briathar Thiarna na Slua.
4Sa lá sin beidh claochlú ar ghlóir Iacóib;
beidh a shaill go trua tairteolach.
5Amhail nuair a tharraingíonn an buanaí gabháil den arbhar chuige,
agus go mbaineann a lámh na diasa;
amhail nuair a bhíonn na ceannóga á gcnuasach i ngleann Rafáím.
6Níl fágtha ach an cnuasach;
amhail nuair a bhuailtear crann olóige,
a dó nó a trí de chaora fágtha ar a bharr,
a ceathair nó a cúig ar ghéaga an chrainn.
Briathar an Tiarna, Dia Iosrael.
7Sa lá sin breathnóidh an duine ar a Chruthaitheoir agus casfaidh a shúile i dtreo Neach Naofa Iosrael. 8Ní bhreathnóidh sé níos mó i leith na n‑altóirí, déantús a lámh féin, ná ní amharcfaidh ar an rud a rinne a mhéara féin, na cuaillí coisricthe agus galláin na gréine.
In Éadan Gairdíní Adóinis
9Sa lá sin, beidh do bhailte tréigthe
mar a bhí bailte mhuintir [Amór agus Hiv,]
a fágadh nuair a bhí clann Iosrael ag teacht.
Díthreabh a bheidh iontu,
10mar go ndearna tú dearmad ar Dhia do shlánaithe,
agus nár choinnigh tú cuimhne ar Charraig do nirt.
Óir plandaíonn tú plandáil in onóir d'Adóinis,
cuireann tú slapair de chuid na coigríche inti;
11an lá a gcuireann tú iad, bíonn siad ag geamhrú agat,
agus le teacht na maidine bíonn bláth ar do churadóireacht;
ach beidh an fómhar millte lá an léin,
agus an phian gan leigheas.
Rabharta na gCiníocha
12Och: búiríl na sluaite ollmhóra,
búiríl mar a bheadh búiríl na mórmhara,
tuargaint na náisiún ag tuargaint
mar a bheadh tuargaint an lán mara.
13Bagraíonn sé orthu,
scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach,
á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda,
mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.
14Um thráthnóna, scéin ar fad;
roimh mhaidin níl siad ann níos mó.
Is í seo cinniúint ár gcreachadóirí,
is é is dán don dream a rinne slad orainn.

Currently Selected:

Íseáia 17: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in