Íseáia 11
11
Teacht an Rí Chóir
1Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise,
agus gas ag teacht óna fhréamh;
2tá spiorad an Tiarna ag lonnú air,
spiorad na heagna agus na tuisceana,
spiorad na comhairle agus na cumhachta,
spiorad an eolais agus eagla an Tiarna.
(In eagla an Tiarna is ea tá a dhúil.)
3Ní thugann sé breith de réir na cosúlachta,
ná ní chuireann tuairim de ar scéal scéil.
4Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha
agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre.
Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine,
agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.
5Is í an chóir bréid cheangail a choime,
agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga.
6Tá an mac tíre ina chónaí leis an uan,
an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair;
tá an gamhain agus an coileán leoin ar marthain in éineacht
agus gasúr óg á mbuachailleacht.
7Tá an bhó agus an béar ag snaidhmeadh caradais,
agus a gceanna beaga in aon ál le chéile;
tá an leon ag ithe cocháin ar nós na mart.
8Tá an leanbh cíche ag súgradh faoi phrochóg an chobra,
ar phluais na nathrach leagann an naíonán a lámh.
9Díth ná dochar ní dhéantar níos mó
ar fud mo shléibhe bheannaithe go léir,
óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiama
mar a líonann an fharraige leis an lán mara.
Filleadh na nDeoraithe
10Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieise
ina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha.
Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinín
agus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.
11Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua
chun fuílleach a phobail a athghabháil,
a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte,
ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám,
ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.
12Cuirfidh sé comhartha in airde le haghaidh na náisiún,
agus baileoidh sé ar díbríodh as Iosrael le chéile;
cruinneoidh sé muintir scaipthe Iúdá ó cheithre arda an domhain.
13Beidh deireadh ansin le héad Eafráim,
agus brúfar naimhde Iúdá síos;
ní bheidh Eafráim in éad le Iúdá feasta,
ná Iúdá ina namhaid ag Eafráim níos mó.
14Tabharfaidh siad ruathar siar ar shleasa na bhFilistíneach,
i gcuideachta a chéile déanfaidh siad slad ar chlann an Oirthir;
beidh Eadóm agus Móáb faoina gceannas
agus clann Amón ag géilleadh dóibh.
15Agus triomóidh an Tiarna camas mhuir na hÉigipte,
agus sínfidh amach a lámh os cionn na hAbhann;
le neart a anála roinnfidh sé ina seacht srutháin í,
agus beifear ag siúl trasna tirimchosach,
16sa dóigh go mbeidh clochán ann faoi choinne fuílleach a phobail,
ar mhair beo i ndiaidh deoraíocht na hAsaíre,
díreach mar bhí faoi choinne Iosrael
nuair a tháinig siad aníos as an Éigipt.
Currently Selected:
Íseáia 11: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.