YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 12

12
Dhá Dhuan Altaithe
1Déarfaidh tú an lá sin:
“Tugaim buíochas duit, a Thiarna;
bhí fearg ort liom
ach tá d'fhearg síothlaithe
agus thug tú sólás dom.
2An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir,
tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó,
óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol;
is é mo shlánú é.”
3Agus beidh sibh ag tarraingt uisce go lúcháireach
as toibreacha an tslánaithe.
4Déarfaidh sibh an lá sin:
“Tugaigí buíochas don Tiarna,
glaoigí air ina ainm!
Fógraígí a éachtaí don phobal,
meabhraígí gurb oirirc dá ainm.
5Canaigí don Tiarna, óir tá iontais déanta aige;
ní mór iad a fhoilsiú ar fud an domhain iomláin.
6Gáirigí le háthas agus liúirigí,
sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón,
óir is mór le rá é in bhur measc
Neach Naofa Iosrael.”

Currently Selected:

Íseáia 12: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in