YouVersion Logo
Search Icon

Hóisé 9

9
Díbirt agus Bás ar an gCoigríoch
1Ná déan gairdeachas, a Iosrael,
le teann lúcháire ar nós na náisiún!
Óir chuaigh tú le striapachas ó do Dhia,
agus ar gach urlár buailte arbhair is i dtuarastal striapachais a bhí do dhúil.
2Ach ní chothóidh urlár buailte ná cantaoir iad feasta,
agus rachaidh dá n‑úrfhíon.
3Ní bheidh cónaí orthu níos mó i dtír an Tiarna,
mar rachaidh Eafráim ar ais chun na hÉigipte
agus íosfaidh siad bia neamhghlan san Asaír.
4Go brách arís ní dhoirtfidh siad fíon le hurraim don Tiarna,
ná ní ofrálfaidh siad íobairtí dó.
Ní bheidh acu ach mar a bheadh arán dobróin,
agus an uile dhuine a íosfaidh é beidh sé neamhghlan.
(Óir ní bheidh ach a gcothú féin amháin ina gcuid aráin;
blúire de ní ofrálfar i dteach an Tiarna.)
5Cad a dhéanfaidh sibh ar lá an tsollúntais,
ar lá fhéile an Tiarna?
6Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios;
cruinneoidh an Éigipt iad,
agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh.
Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid,
agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.
Géarleanúint ar an bhFáidh
7Tá laethanta an smachtaithe ag teacht,
seo chugainn laethanta an chúitimh.
Go raibh a fhios sin ag Iosrael!
“Amadán is ea an fáidh”, a deir siad,
“is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.”
Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide,
agus bhur bhfuatha dom é.
8Tá faireoir Eafráim i bhfochair mo Dhé
- is é an fáidh é.
Tá líonta foghlaera leata ar a loirg uile,
agus i dteach a Dhé déantar géarleanúint air.
9Tá poll domhain tochailte acu dó,
faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh.
Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n‑urchóid,
agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.
Fréamh an Oilc Seanpheacaí Iosrael
Peaca ag Bál Peór
10Mar chaora fíniúna san fhásach,
is ea a tháinig mé ar Iosrael;
mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir),
is ea a leag mé súil ar bhur sinsear.
Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór,
choisric siad iad féin don Náire,
agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iad
ná na nithe dár thug siad gean.
11Tá acmhainn Eafráim ag eitilt uaithi mar éan,
agus beidh sí gan bhreith, gan bhroinn, gan ghin.
12Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil,
bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir.
Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!
13Mar a fheictear domsa é,
Tuír eile is ea Eafráim
atá curtha in áit ghlas fhéarmhar
ach beidh uirthi a clann a ligean uaithi le marfóir.
14Tabhair dóibh, a Thiarna, cibé rud is mian leat;
tabhair dóibh broinnte a bhéarfaidh go hanabaí agus cíocha seasca.
Peacaí i nGilgeál
15Nochtar a n‑olcas uile i nGilgeál.
Go deimhin, is ann a líon mé dá bhfuath.
De dheasca a ndrochghníomhartha díbreoidh mé as mo theach iad,
agus ní bheidh grá agam dóibh níos mó.
Ceannaircigh is ea a bhflatha uile.
16Tá Eafráim sleabhctha agus a bhfréamh seargtha;
ní thabharfaidh siad toradh uathu go deo arís.
Fiú má éiríonn leo clann a bhreith,
maróidh mise toradh muirneach a mbroinne.
17Caithfidh mo Dhia uaidh iad,
toisc gur dhiúltaigh siad éisteacht leis,
agus imeoidh siad ar fán i measc na náisiún.

Currently Selected:

Hóisé 9: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in