YouVersion Logo
Search Icon

Hóisé 8

8
Naimhde an Chonartha
1Séid an stoc!
Tá léirscrios, amhail badhbh, ag bagairt ar theaghlach an Tiarna.
Mar bhris siad an conradh a rinne mé leo,
agus níor ghéill siad do mo dhlí.
2Éann siad orm: “A Dhia liom”;
ach is aithnid dúinne thú, a Iosrael.
3Tá Iosrael tar éis diúltú don Mhaith;
rachaidh an namhaid sa tóir air.
4Rinne siad ríthe gan bhail gan bhuíochas dom;
cheap siad taoisigh gan mo chead ná mo chomhairle.
Dhealbhaigh siad íola dóibh féin dá gcuid airgid agus óir,
agus dá dheasca sin scriosfar iad.
5Diúltaím don lao sin leat, a Shamáir!
Tá mo chuid feirge ar dearglasadh ina gcoinne -
Cá fhad eile a bheidh an neamhchiontacht thar a n‑acmhainn?
6Cad is ceart d'Iosrael a dhéanamh leis?
Saor a rinne é; ní dia é.
Go deimhin, imeoidh lao na Samáire in aon bhladhm amháin lasrach.
7Gaoth a síol, gála a bhfómhar!
Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh,
ná ní thabharfaidh sé plúr;
agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é.
8Tá Iosrael féin slogtha siar!
Siúd i measc na náisiún iad anois
amhail soitheach gan mhaith.
9Óir ghabh siad suas chun na hAsaíre.
Maireann an onagair ina haonar léi féin,
ach siúd Eafráim agus í ag fostú leannán!
10Ach fiú má fhostaíonn siad iad i measc na náisiún,
cruinneoidh mise iad ar ball beag,
agus is gairid go mbeidh siad ag lúbarnach
faoi ualach Rí na bhflatha.
11Thóg Eafráim a lán altóirí sásaimh;
ach is trúig pheaca dó na haltóirí sin anois.
12Fiú dá scríobhfainn síos dó na mílte míle de m'aitheanta,
mheasfaí mar rud iasachta iad.
13Tá andúil acu in íobairtí fola;
Ofrálann siad iad chun go mbeadh an fheoil le hithe acu!
Go deimhin, ní taitneamhach leis an Tiarna iad.
As seo amach coinneoidh sé cuimhne ar a n‑urchóid,
agus cúiteoidh sé a bpeacaí leo;
rachaidh siad ar ais chun na hÉigipte.
14(Tá Iosrael tar éis a Chruthaitheoir a dhearmad
agus páláis a thógáil.
Thóg Iúdá a lán cathracha daingne chomh maith.
Ach cuirfidh mise tine lena chathracha
agus loiscfidh sí a pháláis.)

Currently Selected:

Hóisé 8: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in