YouVersion Logo
Search Icon

Hóisé 13

13
Díolfar as an Íoladhradh
1Nuair a labhraíodh Eafráim, thagadh creathnú ar dhaoine:
óir ba cheannasach in Iosrael é.
Ach fuarthas ciontach é mar gheall ar Bhál
agus tá sé ag fáil bháis.
2Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh;
déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin,
íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid,
ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe.
“Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,” deir siad;
agus pógtar laonna!
3Dá dheasca sin beidh siad cosúil le néal maidine,
nó leis an drúcht a imíonn as radharc go luath,
nó leis an gcáith a shéidtear chun siúil ó urlár buailte,
nó le púir dheataigh a shíobtar an fhuinneog amach.
Díolfar as Míbhuíochas
4Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte.
Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé,
ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé.
5Is mise a rinne aoireacht ort san fhásach,
i ndúiche an triomaigh mhóir.
6Bheathaigh mé iad agus fuair siad a sáith,
ach nuair a bhí siad sách, tháinig éirí in airde ar a gcroí,
agus mar sin de rinne siad dearmad díomsa.
7Chaith mé leo mar a dhéanfadh leon;
amhail liopard bhí mé ag faire orthu le hais an bhóthair.
8Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin,
agus réab mé cochall a gcroí;
rinne madraí craos orthu ansin,
agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad.
9Táim ar tí tú a scriosadh, a Iosrael!
Cé a thiocfaidh i gcabhair ort?
10Cá bhfuil do rí anois
chun tú féin agus do chathracha uile a shábháil?
Cá bhfuil do rialtóirí,
iad siúd a ndúirt tú fúthu: “Tabhair dom rí agus flatha”?
11Thug mé rí duit le teann feirge,
ach le racht cuthaigh bainim uait é arís.
Dísciú Eafráim
12Tá urchóid Eafráim á coinneáil faoi chumhdach,
agus tá a peaca curtha i dtaisce.
13Tá tinneas clainne ag tosú di,
ach is páiste díchéillí í;
mar cé go bhfuil ionú a breithe ann,
ní thagann sí go béal na broinne.
14Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad;
Sábhálfaidh mé iad ón mBás.
Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis?
Cá bhfuil do chealg, a Sheól?
Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.
15Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire,
tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi,
gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach;
agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc.
(Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.)

Currently Selected:

Hóisé 13: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in