YouVersion Logo
Search Icon

Hóisé 14

14
1 Scriosfar an tSamáir,
mar bhí sí easumhal dá Dia.
Bás le faobhar a imreofar orthu;
déanfar smidiríní dá leanaí,
agus réabfar a mná torracha.
Maithiúnas agus Rath i nDíol ar Fhíoraithrí
2 Fill, a Iosrael, ar an Tiarna, do Dhia,
óir baineadh tuisle asat de dheasca do chuid urchóide.
3 Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh,
agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis:
Maith dúinn ár gcionta uile,
le go bhfaighimid uait rud is fónta,
i ndíol ar na briathra a chanaimid duit.
4 Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír,
ná ní rachaimid i muinín eachra;
go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh;
(óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).
5 Leigheasfaidh mé a mídhílseacht,
tabharfaidh mé grá dóibh go fonnmhar,
mar ní díol feirge liom iad níos mó.
6 Silfidh mé ar Iosrael mar an drúcht.
Bláthóidh sí ar nós na lile,
agus cuirfidh sí uaithi a fréamhacha
mar a dhéanann an stóracs.
7 Caithreoidh a géagáin;
áilleacht na holóige agus cumhracht an stóraics
a dháilfear uirthi.
8 Lonnóidh siad faoi mo scáth arís;
saothróidh siad arbhar,
agus beidh fíniúna ag fás acu,
a mbeidh cáil orthu mar atá ar fhíon na Liobáine.
9 Cad ab áil le hEafráim d'íola feasta?
Is mise a thugann éisteacht dó,
agus a bheidh ag faire air.
Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige;
más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.
Comhairle don Léitheoir
10 Tuigeadh an t‑eagnaí na briathra sin:
bíodh grinneolas ag an saoi orthu.
Óir is díreach iad bealaí an Tiarna
agus gluaiseann na fíréin dá réir,
ach bíonn siad ina gceap tuisle do lucht na heasumhlaíochta.

Currently Selected:

Hóisé 14: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy