YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 49

49
Beannachtaí Iacóib
1Ansin ghlaoigh Iacób ar a chlann mhac agus dúirt: “Cruinnigí le chéile go n‑inseoidh mé daoibh cad tá i ndán daoibh sna laethanta atá romhaibh.
2Tagaigí le chéile, a mhaca Iacóib, agus éistigí;
éistigí le hIosrael bhur n‑athair.
3A Reúbaen, is tú mo chéadghin
mo neart, céadtoradh m'fhearúlachta.
Rug tú barr leat in uabhar agus barr i gcumhacht,
4gan smacht mar an tuile; ach ní tú a bheidh ar tosach,
mar gur ghabh tú suas chun leaba d'athar,
agus gur thruailligh tú mo thocht, mo bhrón!
5Deartháireacha Simeon agus Léiví,
agus chuireadar a ndobhearta i gcrích.
6Ná bíodh m'anam páirteach ina gcomhairlí;
nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar,
óir mharaíodar daoine le teann feirge
agus speireadar daimh le barr buile.
7Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaire
agus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta.
Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacób
agus scaoileadh orthu in Iosrael.
8A Iúdá, molfaidh do dheartháireacha thú;
beidh do lámh ar bhráid do naimhde
agus sléachtfaidh clann mhac d'athar duit.
9Coileán leoin é Iúdá!
Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach;
agus cromann sé agus luíonn mar leon
nó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt?
10Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá
ná más an cheannais ó idir a chosa,
go dtaga an té ar leis é,
dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.
11Ceanglaíonn sé a asal den fhíniúin
agus searrach a lárach dá stoc.
Níonn sé a éide i bhfíon
agus a chulaith i bhfuil na gcaor;
12beidh a shúile dearg le fíon
agus a dhéada bán le bainne.
13Beidh cónaí ar Zabúlun cois na farraige;
beidh sé ina fhoscadh ag loingeas
agus beidh imeall a chríoch i gcóngar Shíodón.
14Asal tréan é Íosácár
ina luí i measc cróite caorach;
15tuigeadh dó gur mhaith é áit lonnaithe,
agus gur thaitneamhach é an dúiche;
chrom sé a ghualainn don ualach,
agus rinneadh daor de faoi sclábhaíocht éigin.
16Beidh Dán ina bhreitheamh ar a phobal,
mar cheann de threibheanna Iosrael.
17Beidh Dán ina nathair nimhe ar an mbóthar
agus ar an gcosán ina nathair adharcach,
a bheireann greim ar speir an chapaill
agus go dtiteann a mharcach i ndiaidh a chúil.
18Táim ag súil le do shlánú, a Thiarna Dia.
19Déanfaidh foghlaithe foghail ar Ghád,
ach déanfaidh seisean foghail agus tóir orthu.
20Is saibhir é arán Áiséar
agus déanfaidh sé soláis a sholáthar do bhord an rí.
21Is eilit ar scaoileadh léi Naftáilí
agus oisíní gleoite á mbreith aici.
22Craobh thorthúil é Iósaef,
craobh thorthúil le hais an tobair,
agus a géascaí ag síneadh thar an mballa.
23Thug na saighdeoirí faoi le fíoch,
scaoileadar faoi le binib, agus luíodar go dian air,
24ach bhris neach tréan a mbogha
agus scaradh cuislí a lámh ona chéile
ag láimh Neach Tréan Iacóib,
ag ainm Charraig Iosrael,
25ag Dia d'athar a chabhraíonn leat,
ag Dia Uilechumhachtach a bheannaíonn thú,
le beannachtaí an duibheagáin a luíonn thíos,
le beannachtaí cíoch agus broinne,
26le beannachtaí arbhair agus bláthanna,
le beannachtaí na gcnoc cianaosta,
le beannachtaí na sléibhte síoraí;
go dtaga siad anuas ar cheann Iósaef,
agus ar bhaithis an té sin a coisreacadh i measc a dheartháireacha.
27Faolchú craosach é Biniáimin;
alpann sé a chreach ar maidin,
agus roinneann sé a sheilg tráthnóna.”
28Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n‑athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith.
Bás agus Adhlacadh Iacóib
29Ansin thug sé treoracha dóibh. “Is mithid mé a chruinniú chun mo mhuintire,” ar sé. “Déantar mé a adhlacadh i bhfochair m'aithreacha san uaimh i bhfearann Eafrón an Hiteach, 30san uaimh i bhfearann Mhacpaelá lastoir de Mhamrae i dtír Chanán, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha. 31Ansiúd a adhlacadh Abrahám agus Sárá a bhean; ansiúd a adhlacadh Íosác agus a bhean Ribeacá; ansiúd a rinne mé Léá a adhlacadh - 32san fhearann agus san uaimh ann, is é sin, a ceannaíodh ó na Hitigh.” 33Nuair a bhí deireadh a threoracha tugtha ag Iacób dá chlann mhac, tharraing sé a chosa chuige suas sa leaba, d'imigh an dé deiridh as agus cruinníodh mar sin chun a mhuintire féin é.

Currently Selected:

Geineasas 49: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in