A Reúbaen, is tú mo chéadghin
mo neart, céadtoradh m'fhearúlachta.
Rug tú barr leat in uabhar agus barr i gcumhacht,
gan smacht mar an tuile; ach ní tú a bheidh ar tosach,
mar gur ghabh tú suas chun leaba d'athar,
agus gur thruailligh tú mo thocht, mo bhrón!