YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 7

7
1Dúirt an Tiarna le Maois: “Féach! déanfaidh mé dia díot d'Fhorann agus beidh Árón do dheartháir mar fháidh agat. 2Caithfidh tú féin gach a n‑ordóidh mé duit a insint dó agus déarfaidh Árón le Forann clann Iosrael a ligean as a thír. 3Déanfaidh mise croí Fhorainn a chruachan agus comharthaí agus míorúiltí a chur i ngníomh i dtír na hÉigipte. 4Ní éisteoidh Forann libhse; agus leagfaidh mise dá bhrí sin mo lámh ar an Éigipt agus seolfaidh mé mo shluaite, mo phobal, clann Iosrael amach as tír na hÉigipte le héachtaí breithiúnais. 5Agus tabharfar le fios do na hÉigiptigh go léir gur mise an Tiarna nuair a shínfidh mé mo lámh in aghaidh na hÉigipte agus a thabharfaidh mé clann Iosrael amach óna measc.” 6Rinne Maois agus Árón amhlaidh; rinneadar gach a ndúirt an Tiarna leo. 7Bhí Maois ceithre fichid bliain d'aois agus Árón trí bliana agus ceithre fichid nuair a labhraíodar le Forann.
An tSlat ina Nathair
8Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: 9“Nuair a déarfaidh Forann libh: ‘Déanaigí míorúilt mar chruthúnas oraibh féin,’ ní foláir duitse a rá le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus caith síos ansiúd ar bhéala Fhorainn í agus déantar nathair nimhe di.’ ” 10Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin go Forann agus rinneadar mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh. Chaith Árón a shlat síos ar bhéala Fhorainn agus a shearbhóntaí agus rinneadh nathair nimhe di. 11Ansin chuir Forann chomh maith fios ar a shaoithe agus ar a asarlaithe agus le barr draíochta rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna. 12Chaith gach duine díobh a shlat uaidh ar an talamh agus rinneadh nathair nimhe di. Ach shlog slat Árón slata na ndraíodóirí. 13Ach bhí croí Fhorainn cruaite agus ní éisteodh sé leo faoi mar a dúirt an Tiarna.
An Chéad Phlá
14Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Tá croí Fhorainn ina chloch. Diúltaíonn sé ligean don phobal imeacht. 15Éirigh go Forann ar maidin agus é ag dul chun an uisce, agus fan leis ar bhruach na habhann agus tabhair leat i do láimh an tslat a ndearnadh nathair nimhe di. 16Abair leis mar seo: ‘Sheol an Tiarna, Dia na nEabhrach, mise chugat á rá: Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt dom san fhásach; féach, níor thug tú aon toradh orm fós. 17Mar seo a deir an Tiarna: Tabharfar le fios duit ar an gcuma seo gur mise an Tiarna: leis an tslat seo i mo láimh buailfidh mé uisce na habhann agus déanfar fuil de. 18Gheobhaidh na héisc san abhainn bás agus bréanfaidh an t‑uisce agus beidh an ghráin ag na hÉigiptigh ar uisce a ól aisti.’ ”
19Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus sín do lámh os cionn uiscí na hÉigipte ar fad, os cionn a n‑aibhneacha agus os cionn a gcanálacha, os cionn a mbogach agus os cionn a linnte i dtreo go ndéanfar fuil díobh go léir ar fud tír na hÉigipte, go fiú lán an tobáin agus an chrúsca.’ ” 20Rinne Maois agus Árón mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh. D'ardaigh sé a shlat i bhfianaise Fhorainn agus i bhfianaise a shearbhóntaí, agus bhuail sé an t‑uisce a bhí san abhainn agus rinneadh fuil dá raibh d'uisce san abhainn. 21Fuair an t‑iasc a bhí san abhainn bás agus bhréan an abhainn i dtreo nár fhéad na hÉigiptigh uisce a ól aisti; agus bhí fuil ar fud thalamh na hÉigipte go léir. 22Ach rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna lena gcleasa draíochta; agus d'fhan croí Fhorainn crua mar a bhí agus, faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna, ní éisteodh sé leo. 23D'fhill Forann agus d'imigh ar ais chun a thí agus níor thóg sé ceann fiú amháin de seo. 24Rinne na hÉigiptigh go léir poill a thochailt ar feadh na habhann chun uisce a fháil le hól mar nárbh fhéidir leo uisce na habhann a ól. 25Ghabh seacht lá thart tar éis don Tiarna an abhainn a bhualadh.

Currently Selected:

Eaxodus 7: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in