YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 6

6
1Ach dúirt an Tiarna le Maois: “Feicfidh tú anois féin céard a dhéanfaidh mise le Forann. Le láimh láidir, sea le láimh láidir, a chaithfidh sé ligean dóibh imeacht as a thír.”
Insint Eile ar Ghlaoch Mhaois
2Labhair Dia le Maois: “Mise an Tiarna. 3Thaispeánas mé féin d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób faoin ainm ‘Dia Uilechumhachtach’; ach níor chuireas mé féin in aithne dóibh faoi m'ainm féin ‘an Tiarna.’ 4Dhaingnigh mé mo chonradh leo go dtabharfainn dóibh tír Chanán, an tír ina rabhadar ina ndeoraithe. 5D'éist mé chomh maith le cneadaíl chlann Iosrael atá i ndaoirse ag na hÉigiptigh agus chuimhnigh mé ar mo chonradh. 6Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais. 7Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d'fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach. 8Agus seolfaidh mé sibh isteach sa tír a gheall mé a thabhairt d'Abrahám, agus d'Íosác agus do Iacób; tabharfaidh mé daoibh é mar shealús. Mise an Tiarna.’ ” 9Labhair Maois amhlaidh sin le clann Iosrael, ach thugadar an chluas bhodhar dó le heaspa misnigh agus le crá na daoirse.
10Ansin dúirt an Tiarna le Maois: 11“Isteach leat! Abair le Forann, rí na hÉigipte, a ligean do chlann Iosrael dul óna thír amach.” 12Ach labhair Maois agus dúirt le béal an Tiarna: “Féach murar éist clann Iosrael liom, conas, más ea, a éistfidh Forann liom agus tutbhéalaíocht orm?” 13Ach labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus d'ordaigh sé dóibh araon dul go Forann, rí na hÉigipte, agus clann Iosrael a thabhairt amach as tír na hÉigipte.
Ginealach Mhaois agus Árón
14Seo leanas cinn a dteaghlaigh. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc agus Palú agus Haezron agus Cairmi; sin iad sliocht Reúbaen. 15Clann Shimeon: Iamúél agus Iáimín agus Óhad agus Iáicín agus Zochar agus Seáúl mac mná Canánaí: sin iad sliocht Shimeon. 16Seo iad ainmneacha chlann Léiví de réir a nginealach: Géirseon agus Cohát agus Maráraí. Bhí céad agus a daichead a seacht mbliana d'fhad saoil ag Léiví. 17Clann mhac Ghéirseon: Libní agus Simí de réir a gclann. 18Agus seo iad clann mhac Chohát: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil. Bhí céad agus a tríocha trí bliana d'fhad saoil ag Cohát. 19Seo iad clann mhac Mhararaí: Mailí agus Múisí. Sin iad sliocht Léiví de réir a nginealach. 20Ghabh Amrám Iócabad deirfiúr a athar mar bhean agus rug sí Árón agus Maois dó. Bhí céad agus a tríocha seacht mbliana d'fhad saoil ag Amrám. 21Seo iad clann mhac Izeár: Corach agus Neifig agus Zicrí. 22Clann mhac Uizíél: Míseáél agus Ealzáfán agus Sitrí. 23Phós Árón Eilíseaba iníon Amaíneádáb, deirfiúr Naiseon; agus rug sí dó Nádáb agus Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár. 24Seo iad clann Chorach: Aisír agus Ealcáná agus Aibíásáf; sin iad sliocht na gCorachach. 25Eileázár mac Árón ghabh sé iníon Phúitíél mar bhean agus rug sí Pineachás dó. Sin iad ceapa clanna na Léivíteach de réir a dteaghlach.
26Siúd iad an tÁrón agus an Maois a ndúirt an Tiarna leo: “Tabhair clann Iosrael as tír na hÉigipte ina sluaite faoi eagar.” 27Iadsan, an Maois céanna seo agus an tÁrón céanna, a labhair le Forann, rí na hÉigipte, faoi chlann Iosrael a thabhairt amach as an Éigipt.
A nGlaoch Arís
28An lá a labhair an Tiarna le Maois i dtír na hÉigipte, 29dúirt sé leis mar leanas: “Mise an Tiarna. Abair le Forann, rí na hÉigipte, a bhfuil á rá agam leat.” 30Ach dúirt Maois le béal an Tiarna: “Tá tutbhéalaíocht orm. Conas mar sin go n‑éisteodh Forann liomsa?”

Currently Selected:

Eaxodus 6: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in