YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 9

9
Iompú Phóil
1Idir an dá linn lean Sól ag bagairt báis ar dheisceabail an Tiarna. Chuaigh sé go dtí an t‑ardsagart 2ag lorg litreacha uaidh le tabhairt chun na sionagóg i nDamaisc i dtreo, cibé duine dá bhfaigheadh sé ann, fear nó bean, a lean an bealach, go ndéanfadh sé iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go Iarúsailéim. 3Bhí sé ar an mbóthar ann agus é ag druidim le Damaisc nuair a las solas ón spéir ina thimpeall de phreib. 4Thit sé chun talaimh agus chuala sé an guth á rá leis: “A Shóil, a Shóil, cén fáth a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?” 5“Cé thú féin, a Thiarna?” d'fhiafraigh Sól. D'fhreagair an guth: “Is mise Íosa, an té a bhfuil tú á ghéarleanúint. 6Ach éirigh i do sheasamh, gabh isteach sa chathair agus déarfar leat cad is déanta duit.”
7Na fir a bhí ag taisteal leis, rinneadh staic díobh: bhí an guth le cloisteáil acu ach gan duine le feiceáil. 8D'éirigh Sól den talamh, ach nuair a d'oscail sé na súile ní raibh aon léas radhairc aige. Rug siad ar láimh air agus sheol isteach sa chathair é. 9Agus bhí sé ar feadh trí lá gan radharc agus gan greim ná bolgam a bhlas.
Pól á Bhaisteadh
10Bhí, i nDamaisc, deisceabal darbh ainm Anainias agus labhair an Tiarna in aisling leis: “A Anainias,” ar sé. “Teacht, a Thiarna,” d'fhreagair Anainias. 11“Éirigh,” arsa an Tiarna leis, “agus gluais leat go dtí an tSráid Dhíreach mar a thugtar uirthi, agus loirg i dteach Iúdáis fear ó Tharsas arb ainm dó Sól. Tá sé ag guí ann... 12agus chonaic sé in aisling fear darbh ainm Anainias ag teacht isteach chuige agus ag leagan a lámh air chun go mbeadh a radharc ar ais aige.” 13Ach d'fhreagair Anainias: “A Thiarna, chuala mé iomrá ar an bhfear seo óna lán daoine agus ar a bhfuil d'olc déanta aige ar an bpobal naofa in Iarúsailéim, 14agus anseo féin tá údarás aige ó na hardsagairt gach duine dá nglaonn ar d'ainmse a ghabháil.” 15“Gluais leat,” arsa an Tiarna leis, “mar is é sin an duine atá tofa agamsa chun m'ainm a thabhairt i láthair na bpágánach agus na ríthe agus i láthair chlann Iosrael. 16Taispeánfaidh mise dó a bhfuil le fulaingt aige ar son m'ainmse.” 17D'imigh Anainias leis, agus ar dhul isteach sa teach dó leag sé a lámha air, á rá: “A Shóil, a bhráthair, is é an Tiarna a sheol chugat mé - an Íosa a thaispeáin é féin duit ar do bhealach anseo - chun go mbeadh do radharc arís agat agus go líonfaí den Spiorad Naomh thú.” 18Agus de phreib thit mar a bheadh screamh dá shúile agus tháinig a radharc arís dó; agus ar éirí dó ina sheasamh, baisteadh é. 19Agus tar éis dó rud a ithe tháinig a neart arís ann.
Pól ag Fógairt an Dea-Scéil
D'fhan Sól ar feadh tamaill leis na deisceabail i nDamaisc. 20Thosaigh sé láithreach ag fógairt sna sionagóga gurb é Íosa mac Dé. 21Tháinig alltacht ar a raibh ag éisteacht leis agus deiridís: “Nach é sin an duine a rinne scrios in Iarúsailéim ar a mbíodh ag glaoch ar an ainm sin? Nach é gnó a thug anseo é iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go dtí na hardsagairt?” 22Ach is ag dul i neart a bhí Sól agus chuir sé mearbhall ar Ghiúdaigh Dhamaisce toisc é bheith ag dearbhú gurb é Íosa an Meisias.
Pól in Iarúsailéim
23I gceann tamaill mhaith chuaigh na Giúdaigh i gcomhairle le chéile chun é a mharú, 24ach fuair Sól eolas ar a gcomhcheilg. Bhídís ag faire na ngeataí go géar de lá agus d'oíche chun é a mharú 25ach thóg na deisceabail leo é san oíche agus lig síos i gciseán ar cheann téide é trí scoilt san fhalla.
26Ar theacht dó go Iarúsailéim rinne sé iarracht ar dhul i bpáirt leis na deisceabail ach bhí eagla orthu go léir roimhe mar ní chreidfidís gur dheisceabal é. 27Ansin thóg Barnabas faoina chúram é agus thug i láthair na n‑aspal é, ag aithris dóibh conas mar a chonaic sé an Tiarna ar an mbóthar agus mar a rinne sé comhrá leis agus mar a labhair sé go teann in ainm Íosa i nDamaisc. 28D'fhan Sól in éineacht leo in Iarúsailéim gan chosc gan cheangal air ach é ag labhairt go dána in ainm an Tiarna. 29Bhíodh sé ag caint agus ag conspóid leis na Giúdaigh Heilléanacha freisin. Rinne siadsan iarracht ar é a mharú 30ach nuair a fuair na bráithre amach é, thóg siad Sól leo go Céasaráia agus chuir as sin go Tarsas é.
31Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.
Peadar i Lioda
32Tharla nuair a bhí Peadar ar a chamchuarta go ndeachaigh sé chun an phobail naofa a chónaigh i Lioda. 33Tháinig sé ar dhuine ann arbh ainm dó Aenéas - pairiliseach a bhí ag coimeád na leapa le hocht mbliana anuas. 34Labhair Peadar leis: “A Aenéas,” ar sé, “tá Íosa Críost do do leigheas. Éirigh i do shuí agus cóirigh do leaba.” Agus d'éirigh sé láithreach. 35Agus nuair a chonaic muintir Lioda agus muintir Sharóin é, d'iompaigh siad go léir chun an Tiarna.
36Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Taibít (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn “eilit”). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce. 37Tharla sna laethanta sin gur buaileadh breoite í agus go bhfuair sí bás. Tar éis dóibh í a thonach chuir siad ar chlár í i seomra uachtarach. 38Tá Lioda i ngar do Iopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige á iarraidh air teacht chucu gan mhoill. 39D'éirigh Peadar agus tháinig lena gcois. Ar shroichint na háite dó thug siad in airde chun an tseomra uachtaraigh é. Tháinig na baintreacha go léir chuige ag sileadh deor agus ag taispeáint dó na léinte agus na gcótaí a dhéanadh Dorcas dóibh fad a bhí sí ina beatha. 40Ach chuir Peadar gach duine acu amach agus chaith sé é féin ar a ghlúine ag guí. Ansin d'iompaigh sé chun an choirp, á rá: “A Thaibít, éirigh i do shuí.” D'oscail sise a súile agus ar fheiceáil Pheadair di, d'éirigh sí aniar. 41Shín Peadar a lámh chuici agus chuir ina seasamh í. Ansin ghlaoigh sé chuige an pobal naofa agus na baintreacha agus thug suas dóibh í go beo beathach. 42Leath an scéal sin ar fud Iopae agus chreid mórán sa Tiarna. 43D'fhan sé in Iopae ar feadh i bhfad fara súdaire darbh ainm Síomón.

Currently Selected:

Gníomhartha 9: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in