Gníomhartha 8
8
1Agus thoiligh Sól lena dhúnmharú.
An Eaglais á Géarleanúint
An lá sin féin thosaigh géarleanúint mhór ar an Eaglais in Iarúsailéim agus scaip siad uile, ach amháin na haspail, ar fud chríocha Iúdáia agus na Samáire. 2Agus d'ardaigh daoine diaganta áirithe corp Stiofáin leo chun é a adhlacadh agus rinne siad caoineadh mór os a chionn. 3Ach bhí Sól ag déanamh scriosta ar an Eaglais: é ag dul ó theach go teach ag sracadh daoine amach, idir fhir agus mhná, agus á gcur i bpriosún.
Pilib sa tSamáir
4Iad sin a scaipeadh, ghluais siad ar fud na tíre ag fógairt an dea-scéil. 5Chuaigh Pilib go dtí cathair na Samáire agus thosaigh ag craobhscaoileadh dóibh i dtaobh Chríost. 6Thug na sluaite cluas ghéar dá raibh le rá ag Pilib mar ní hea amháin gur chuala siad a chuid cainte ach chonaic siad chomh maith na míorúiltí a bhí aige á ndéanamh. 7Mórán a raibh deamhain mhíghlana iontu, tháinig na deamhain amach astu agus iad ag screadadh de ghlór ard; agus leigheasadh mórán pairiliseach agus bacach, 8sa tslí go raibh áthas mór sa chathair sin.
Síomón Draoi
9Bhí sa chathair fear darbh ainm Síomón agus bhí sé roimhe sin ag cur mearbhaill ar mhuintir na Samáire lena chuid draíochta agus é ag maíomh gur duine mór le rá é féin. Gach duine sa chathair idir uasal agus íseal, thug siad cluas dó 10agus deiridís: “Is é seo ‘mórchumhacht Dé’ mar a thugtar air.” 11Thugaidís cluas dó toisc mearbhall a bheith chomh fada sin orthu ag a chuid draíochta. 12Ach nuair a chreid siad an dea-scéal ó Philib faoi ríocht Dé agus faoi ainm Íosa Críost, baisteadh iad idir fhir agus mhná. 13Agus Síomón féin chreid sé chomh maith le cách agus tar éis a bhaiste, chloígh sé go dlúth le Pilib agus thagadh alltacht air nuair a d'fheiceadh sé na míorúiltí agus na héachtaí móra a bhí a ndéanamh.
14Nuair a chuala na haspail a bhí in Iarúsailéim go raibh an tSamáir tar éis glacadh le briathar Dé, sheol siad chucu Peadar agus Eoin. 15Ar theacht dóibhsean chucu, rinne siad guí ar a son go bhfaighidís an Spiorad Naomh, 16mar ní raibh an Spiorad tagtha fós ar dhuine ar bith acu mar ní raibh siad ach baiste in ainm an Tiarna Íosa. 17Ansin leag Peadar agus Eoin a lámha orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh.
18Ach nuair a thug Síomón faoi deara gur trína lámha a leagan ag na haspail ar dhaoine a thugtaí an Spiorad, rinne sé airgead a thairiscint dóibh á rá: 19“Tugaigí domsa freisin an chumhacht sin i dtreo, cibé duine a leagfaidh mé mo lámha air, go bhfaighidh sé an Spiorad Naomh.” 20D'fhreagair Peadar dó, áfach: “Don donas leat féin agus le do chuid airgid má mheas tú tabhartas Dé a cheannach ar airgead. 21Níl baint ná páirt agat sa ghnó seo, mar ní ionraic do chroí i bhfianaise Dé. 22Iompaigh dá bhrí sin ón urchóid seo agat agus iarr ar an Tiarna go maithfí duit an smaoineamh seo a theacht i do chroí. 23Mar tugaim faoi deara go bhfuil tú éirithe chomh searbh leis an domlas agus go bhfuil tú gafa san olc.” 24D'fhreagair Síomón é: “Agus déanaigíse guí chun an Tiarna orm freisin ionas nach dtiocfaidh orm aon ní dár luaigh sibh.”
25Nuair a bhí a gcuid fianaise tugtha ag na haspail agus scéal an Tiarna fógartha acu, ghluais siad leo ar ais go Iarúsailéim agus d'fhógair an dea-scéal i mórchuid de bhailte na Samárach.
Pilib agus an Feidhmeannach Aetópach
26Labhair aingeal an Tiarna le Pilib: “Éirigh,” ar seisean, “agus gluais leat ó dheas an bóthar a ghabhann ó Iarúsailéim go Gazá; sin é bóthar an fhásaigh.” 27D'éirigh Pilib agus chuir chun bóthair. Agus tharla ag dul an bealach sin coillteán Aetópach, fear a bhí ina ardoifigeach ag Candacae, banríon na nAetópach, agus ina choimeádaí ar a cuid maoine uile. Bhí sé tar éis teacht go hIarúsailéim ag adhradh Dé 28agus bhí sé ar a shlí abhaile agus é ina shuí ina charráiste agus ag léamh Íseáia fáidh. 29Labhair an Spiorad le Pilib: “Gabh suas chun an charráiste agus siúil lena thaobh.” 30Rith Pilib anonn agus nuair a chuala sé an coillteán ag léamh Íseáia fáidh, labhair sé leis: “An dtuigeann tú a bhfuil agat á léamh?” ar seisean. 31“Conas a thuigfinn,” d'fhreagair an coillteán, “gan duine éigin a mhíneodh dom é?” agus d'iarr ar Philib suí in airde leis. 32Is é seo an giota den scrioptúr a bhí a léamh aige:
“Seoladh é amhail caora chun a choscartha,
agus amhail uan a bheadh ina thost os comhair an lomadóra,
níor oscail sé a bhéal.
33Ó tugadh céim síos dó
ní raibh cothrom le fáil aige.
Cé a dhéanfaidh trácht ar a shliocht
mar tógadh as an saol seo é.”
34Labhair an coillteán le Pilib: “Inis dom,” ar sé, “cé dó a bhfuil an fáidh ag tagairt? Cé acu dó féin atá sé ag tagairt nó do dhuine éigin eile?” 35Bhog Pilib chun cainte, agus ag tosú ón dréacht seo den scrioptúr d'fhógair sé dó an dea-scéal faoi Íosa. 36Bhí siad ag cur an bhóthair díobh nuair a tháinig siad chun lochán uisce. “Féach,” arsa an coillteán, “tá uisce anseo. Cad é an bac atá ormsa mo bhaisteadh?” 37(Dúirt Pilib leis: “Má chreideann tú ó do chroí go hiomlán, is ceadmhach duit.” D'fhreagair sé agus dúirt: “Creidim gurb é Mac Dé é Íosa Críost.”) 38D'ordaigh sé an carráiste a stop, chuaigh siad beirt, Pilib agus an coillteán, síos isteach san uisce agus bhaist Pilib é. 39Ach ar theacht amach as an uisce dóibh, d'ardaigh Spiorad an Tiarna Pilib chun siúil agus ní fhaca an coillteán é níos mó agus chuir sé chun bóthair go lúcháireach. 40Tháinig Pilib go hAzótas agus ghluais sé ag fógairt an dea-scéil ar fud na mbailte go léir nó go dtáinig sé go Céasaráia.
Currently Selected:
Gníomhartha 8: ABN
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.