Marcus 14
14
Caibidil XIV
Coṁ-ċogar ḋaóine anaġaiḋ ṁac Dé.
1Agus a gcionn dá lá na ḋiáiġ sin do ḃí an ċáisg, agus sollamuin a naráin gan laiḃín ann: agus díarradar uaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe cionnas do ḃéuraidís a bfeill airsean, do ċum a ṁarḃṫa. 2Aċd a duḃradar, Ná déanam é sa tsollamuin, ar eagla go néiréoċaḋ búaiḋreaḋ a measg an ṗobuil.
3Agus ar mbeiṫ ḋó a Mbetánia, a dtiġ Ṡimóin an loḃair, ar suiḋe ḋó ar an mbord, táinic bean agá raiḃ bocsa ola, do spícnárd ṁórlúaiġe; agus ar mbriseaḋ an ḃocsa ḋi, do ḋóirt sí ar a ċéann é. 4Agus do rinneadar dream aca miċéadfuiḋ an a ninntinn féin, agus a duḃradar, Créud fá ndéantar an diomḃailsi air a nola? 5Oír do béidir so do reic ar níos mó ná trí ċéd piġin, agus a ṫaḃairt do na boċdaiḃ. Agus do ḃádar roḋiomḋaċ ḋi. 6Agus a duḃairt Iósa, Léigiḋ ḋi; créd fá gcuirṫí búaiḋreaḋ uirrṫe? do rinne sí obair ṁaiṫ oramsa. 7Oír a táid boiċd ḃar ḃfoċair do ġnáṫ, agus giḋ bé húair ḃus toil liḃ, is éidir ḋáoiḃ maiṫ do ḋéanaṁ ḋóiḃ: aċd ní ḃía misi do ġnáṫ agaiḃ. 8A ní dob éidir lé do rinne sí é: ṫáinic sí roiṁe láiṁ dungaḋ mo ċuirpso ċum a aḋluice. 9A deirimsi riḃ go fírinneaċ, Giḋ bé ar biṫ ball ar feaḋ an doṁain uile an a ndéantar an soisgeulsa do ṡeanmóir, go ninnéosdar an nísi do rinne sisi leis mar ċuiṁne uirrṫe.
10Agus dimṫiġ Iúdas Iscáriot, áon don dá ḟear ḋég, ċum úaċdarán na sagart, ionnas go mbraiṫfeaḋ sé éisean dóiḃ. 11Agus ar na ċluinsin sin dóiḃsean, do ġaḃ gáirdeaċus íad, agus do ġealladar go dtioḃraidís airgead dó. Agus do íarr seision am iomċuḃaiḋ ar a ḃraṫ ḋóiḃ.
12Agus an céad lá do ṡollamain a naráin gan laiḃín, an tan do ġuáṫaiġdís an túan cásg do ṁarḃaḋ, a duḃradar a ḋeisciobail ris, Gá hait ar toil leaċd sinne do ḋul dullṁuġaḋ do ċum go níosdá úan na cásg? 13Agus do ċuir sé días dá ḋeiscioblaiḃ, agus a duḃairt sé riú, Imṫiġiḋ don ċaṫraiġ, agus téigeaṁaiḋ neaċ oraiḃ ag iomċar soiṫiġ uisge: leanaiḋ é. 14Agus giḋ bé ar biṫ tiġ a raċa sé a sdeaċ, abraiḋ ré fear an tiġe, go nabair an Maiġisdir, Cáit a ḃfuil an séomra a nfear nuaḋ ṗosta ann a níosa mé an túan cásg a ḃfoċair mo ḋeisciobal? 15Agus taisbéanuiḋ seision ḋíḃ séomra árd fairsing deaġṁaiseaċ ulluṁ: ullṁuiġiḋ é ḋúinn ann sin. 16Agus do imṫiġeadar a ḋeisciobail, agus tangadar don ċaṫraiġ, agus fúaradar mar a duḃairt seision riú: agus do ullṁuiġeadar an ċáisg.
17Agus ar dteaċd don tráṫnóna ṫáinic seision maille ris an dá ḟear ḋéug. 18Agus an tan do ṡuiḋeadar agus do ċaiṫeadar bíaḋ, a duḃairt Iósa, A deirim riḃ go fírinneaċ, Go mbraiṫfi fear ḋíḃ misi noċ a tá ag iṫe bíḋ am ḟoċair. 19Agus do ṫionnsgnadarsan ḃeiṫ go duḃaċ, agus ag ráḋ ris a ndíaiġ a ċéíle, An misi é? agus fear eile, An misi é? 20Agus ar ḃfregra ḋósan a duḃairt sé riú, Is fear don dá ḟear ḋéug é, ṫumas maráon riumsa sa meis. 21A tá Mac an duine ag imṫeaċd go firinneaċ, mar a tásgríoḃṫa air: aċd is anáoiḃinn don ḟear úd lé a mbraiṫṫear Mac an duine! do bfearr do nfearsin náċ beirṫí e ríaṁ.
22Agus ar mbeiṫ ag caoṫeaṁ bíḋ ḋóiḃsean, do ġlac Iósa arán, agus tar eis a ḃeannaiġṫe, do ḃris sé, agus tug sé ḋóiḃsean é, agus a duḃairt sé, Glacaiḋ, iṫiḋ: is sé so mo ċorpsa. 23Agus ar nglacaḋ an ċupáin dó, an tan rug sé buiḋeaċus, tug sé ḋóiḃsin é: agus do iḃeadar uile as. 24Agus a duḃairt sé ríu, Ag so mfuilsi na tiomna núaiḋe, ḋóirtear air sin ṁóráin. 25A deirim riḃ go fírinneaċ, Naċ ioḃa mé feasda do ṫoraḋ na fíneaṁna, go nuige an lá úd an a nioḃa mé núa é a rioġaċd Dé.
26Agus an tan do ċanadar salm, do ċúadar a maċ go slíaḃ na Noluiġeaḋ. 27Agus a duḃairt Iósa riú, Do ġéúḃṫáoi uile oilḃéim ionnamsa a noċd: oir a tá sgríoḃṫa, Búailfiḋ mé an táoḋaire, agus spréiġfiġṫear na cáoiriġ. 28Aċd tar éis misi eiséirġe, raċaiḋ mé roṁaiḃsi don Ġalilé. 29Aċd a duḃairt Peadar ris, Má ġeiḃid cáċ uile oilḃéim ionnad, ní ḃfuiġe misi é. 30Agus a duḃairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneaċ, A niuġ, ann sa noiḋċe noċd féin, ní is táosga ná ġoirfeas an coileaċ fá ḋó, go séanfa tú mé trí húaire. 31Aċd is móide a duḃairt seision, Dá maḋ éigean daṁ bás dfulang ad ḟoċair, ní ṡéanfa mé ṫú go bráṫ. Agus a duḃradar cáċ uile mar an gcéadna.
32Agus tangadar don ionad dar ab ainm Getsémane: ann sin a duḃairt seisin ré na ḋeisciobluiḃ, Suiḋiġ ann so, go ndéuna mé urnuiġe. 33Agus rug sé Peadar agus Séumas agus Eóin leis, agus do ṫionnsgain sé ḃeiṫ go criṫeaglaċ brónaċ; 34Agus a duḃairt sé riú, A tá manam tuirseaċ go dtí an bás: fanaiḋsi ann so, agus déanaiḋ faire. 35Agus ar nimṫeaċd roiṁe ḋó beagán, do ṫuit sé ar talaṁ, agus do rinne sé urnuiġe, ionnus da maḋ éidir é, go raċaḋ an úair ṫairis. 36Agus a duḃairt sé, Abbá, a Aṫair, a tá gaċ ní soiḋéanta ḋuitsi; cuir an cupánso ṫoramsa: giḋeaḋ nár ab é an ní ḃus toil leamsa, aċd an ní ḃus toil leaċdsa. 37Agus ṫáinic sé, agus fúair sé índsan na gcodlaḋ, agus a duḃairt sé ré Peadar, A Ṡimóin, an ḃfuil tú ad ċódlaḋ? an né nar ḃéidir leaċd faire éan úaire do ḋénnaṁ? 38Déunaiḋ faire agus urnuiġe, do ċum náċ dteigeaṁaḋ a ccaṫuġaḋ siḃ. A tá an spiorad ullaṁ go deiṁin, aċd a tá an ċolann anḃfann. 39Agus ar nimṫeaċd úaṫa a rís, do rinne sé urnuiġe, ag ráḋ na mbríaṫara gcéudna. 40Agus ar ḃfilleaḋ ḋó, fúair sé a rís na gcodlaḋ íad: (óir do ḃádar a súile trom:) agus ní raiḃ a ḟios aca cionnas do ḃéuraidís freagra air. 41Agus táinic sé an treas úair, agus a duḃairt sé riú, Codluiḋ a nois, agus coiṁnuiġiḋ: is lór sin, ṫainic an úair; féuċ, do ḃeirṫear Mac an duine a láṁuiḃ na bpeacṫaċ. 42Eírġiḋ, imṫiġeam; féuċ, is fogus dúinn an té ḃraiṫeas misi.
43Agus ar an mball, an feaḋ do ḃí sé ag caint, ṫáinic Iúdas, áon don dá ḟear ḋéug, agus slúaġ mór na ḟarraḋ maille ré cloiḋṁiḃ agus lé batuiḋiḃ, ó úaċdaránuiḃ na sagart agus ó na sgriobuiḋiḃ agus ó na sinnsioruiḃ. 44Agus tug sé an té do ḃraiṫ é coṁarṫa ḋóiḃsean, ag ráḋ, Giḋ bé neaċ ḋá dtioḃra misi póg, is é sin é; beiriḋ aír, agus taḃraiḋ liḃ é go coiṁéudaċ. 45Agus ar dteaċd ḋó, do ċúaiḋ sé air ball ċuigesin, agus a duḃairt sé, Día do ḃeaṫa a ṁaiġsidir; agus tug sé póg ḋó.
46Agus do ċuir siadsan a láṁa annsan: agus do ġaḃadar é. 47Aċd ar dtarrang a ċloiḋiṁ a maċ dfior don ṁuinntir do ṡeas a láṫair, do ḃúail sé óglaċ an árdṡagairt, agus dó ḃean sé a ċlúas de. 48Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ríu, An dtangaḃair a maċ dom ġlacaḋsa, aṁuil ċum bioṫaṁnaiġ, lé cloiḋṁiḃ agus lé batuiḋiḃ? 49Do ḃí mé gaċ éanlá aguiḃ sa teampall ag teagasg, agus níor ġlacaḃuir mé: Aċd is éigin na sgríobtuiriḋ do ċoiṁlíonaḋ. 50Agus ar na ṫréigean san, do ṫeiṫeadar a ḋeisciobuil uile.
51Agus do lean óganaċ áiriġe é, agá raiḃ línéudaċ ag folaċ a lómnoċdaiġe; agus rugadar na hógánaiġ air: 52Agus ar ḃfagḃáil an línéadaiġ ḋósan, do ṫeit sé lemnoċd úaṫa.
53Agus rugadar Iósa léo ċum an árdṡagairt: agus do ċruinniġeadar ann sin úaċdaráin na sagart uile agus na sinnsir agus na sgriobuiḋe. 54Agus do lean Peadar a ḃfad úaḋ é, nó go raiḃ sé a sdiġ a halla a nárdṡagairt: agus do ḃí sé na ṡuiḋe a ḃfoċair na searḃḟoġantuiḋeaḋ, agus dá ġoraḋ ag an teiniḋ.
55Agus do ḃádar úaċdaráin na sagart agus an ċoṁairle uile ag íarraiḋ fíaḋnuisi a naġaiḋ Iósa ionnas go gcuirfidís ċum báis é; agus ní ḟúaradar. 56Oír do rinneadar mórán dáoine fiaḋnuisi ḃréige na aġaiḋ, aċd ní ṫangadar a ḃfíaḋnuisiḋe le ċéile. 57Agus déirġeadar dáoine áiriġe, agus do rinneadar fíaḋnuisi ḃréige na aġaiḋ, ag ráḋ, 58Do ċúalamairne é ag ráḋ, Brisfiḋ mé sios an teampoll so déunta lé láiṁaiḃ, agus a dtrí lá tóigeaḃaiḋ mé teampoll éile gan obair láṁ. 59Aċd mar sin féin ní raiḃ a ḃfíaḋnuisi ag teaċd lé ċéile.
60Agus ar néirġe na ṡeasaṁ a lár ċáiċ don arḋṡagart, do ċuir sé ceisd ar Iósa, ag ráḋ, An né naċ dtaḃair tú freagra ar biṫ úait? Créd fá ndéunaid so fíaḋnuisi ad aġaiḋ? 61Agus do ṫoċ seision, agus níor ḟreagair sé én ní. Do ḟíafruiġ an tárdsagart de a rís, agus a duḃairt sé ris, An tusa an Críosd Mac Dé Ḃeannuiġṫe? 62Agus do ḟreagair Iósa, Is mé: agus do ċífiḋesí Mac an duine na ṡuiḋe air deis ċuṁaċd Dé, agus ag teaċd lé néulluiḃ neiṁe. 63Agus do réub úaċdaran na sagart a éudaċ, ag ráḋ, Créd é an feiḋm a tá aguinn ar ḟíaḋnuisiḃ feasda? 64Do ċúalaḃair an ḃlaisṗéíme: créd dó cíṫear ḋáoiḃsi? Agus rugadarsan uile breiṫ na aġuiḋsean gur ṫuill sé bás. 65Agus do ṫionnsgnadar dream áiriġe gaḃáil do ṡeiliḋiḃ air, agus a aġaiḋ dfolaċ, agus dórna do ḃúalaḋ air, agus a ráḋ ris, Déana fáiḋeadóireaċd: agus do ġaḃadar na seirḃísiġ do ḃasuiḃ air.
66Agus ar mbeiṫ do Ṗeadair ann sa halla ṡíos, ṫáínic áon do ċailíniḃ an ardṡadṡagairt: 67Agus ar ḃfaicsin Ṗeadair dá ġoraḋ ḋi, tug sí ḋa haire é, agus a duḃairt si, Do ḃí tusa fós a ḃfoċair Iósa Nasarḋa. 68Aċd do ṡéan seisean sin, ag ráḋ, Ni ṫuigim, agus ní ḃfuil a ḟios agam créd a deir tú. Agus do ċúaiḋ sé a maċ don ṗóirsi; agus do ġoir an coileaċ. 69Agus do ċonnairc an cailin é a ris, agus do ṫionnsgain sí a ráḋ ris an druing do ḃí na seasaṁ a láṫair, Is díoḃ súd an fearso. 70Agus do ṡéan seisean a rís. Agus fá ċeann beagáin na ḋíaġsin, a rís a duḃradar an ṁuinntir do ḃí na seasaṁ a láṫair ré Peadar, Go fírinneaċ is díoḃ súd ṫusa: óir is Galiléaċ ṫú, agus is cosṁail hurlaḃra ríu. 71Aċd do ṫionnsgain seisean ag malluġaḋ, agus mionnuġaḋ, Ní haiṫne ḋaṁ an duinesi a deirṫí. 72Agus do ġoir an coileaċ an dara húair. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar an ḟocal a duḃairt Iósa ris, Ní is táosga na ġoirfeas an coileaċ fá ḋó, séanfuiḋ tú misi trí húaire. Agus ar ndul a leiṫṫáoiḃ ḋó, do ġuil sé.
Currently Selected:
Marcus 14: BedellG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.