Marcus 15
15
Caibidil XV
Fulang, 39 bás, 42 agus aḋlacaḋ onóraċ Iosa Ċríosd Ṁic Dé ḃi.
1Agus go moċ ar maidin ar ndéanaṁ coṁairle ḋóiḃ rugadar na hárdsagairt maile ris na sinnsearaiḃ agus ris na sgríobuiḋiḃ agus ris an gcoṁairle uile, Iósa ceangailte léo, agus tugadar do Ṗioláit é. 2Agus do ḟiafruiḋ Pioláid ḋeisean, An tusa rí na Níuduiġeaḋ? Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ris, A deir tusa sin. 3Agus do ċuireadar úaċdaráin na sagart mórán na aġaiḋ: aċd níor ḟreagair seisean éinní. 4Agus do ḟíafruiḋ Píoláid ḋe a rís, ag ráḋ, An né naċ dtugann tú freagra éigin úait? féuċ gá ṁeid ann a ndéunaid so fíaḋnuisi ad aġaiḋ. 5Agus níor ḟreagair Iósa ní ar biṫ ó sin a maċ; ionnas gur ġaḃ iongantus Píoláid.
6Agus ann sa tsolamain do sgáoileaḋ sé ḋóiḃ én ṗríosínaċ a ṁaín, giḋ bé air biṫ a díarradáois. 7Agus do ḃí neaċ áiriġe dar ḃainm Barabbas, ceangailte a ḃfoċair a ċompánaċ ceannairce, noċ do rinne marḃaḋ a gceannairc. 8Agus ag éiġṁe don ṗobal do ṫionnsgnadar íarruiḋ air do réir mar do bíoḋ sé ḋóiḃ a gcoṁnuiḋe. 9Do ḟreagair Pioláid ḋóiḃ, ag ráḋ, A náill liḃ go sgáoilinn dáoiḃ Rí na Niúduiġeaḋ? 10(Oír do ḃí a ḟios aige gur ab tré ṫnúṫ do ṫoirḃir úaċdaráin na sagart é.) 11Agus do ġlúaisiodar uaċdaráin na sagárt an pobal, do ċum go maḋ táosga sgáoilfeaḋ sé Barabbás ċuca. 12Aċd ar ḃfreagra do Ṗíoláid, a duḃairt sé riú a rís; Ar a naḋḃarsin créd as áill liḃ do ḋéunaṁ ḋaṁ ris an tési dá ngoirṫi Rí na Níuduiġeaḋ? 13Agus do éiġṁeadarsan a rís, Croċ é. 14Aċd a duḃairt Píoláid ríu, Créd é an tolc do rinne sé? agus is moide do ġáireadarsan sin, Croċ é.
15Agus do ḃríġ gur ṁían lé Píolaid toil an ṗobail do ḋéunaṁ, do sgáoil sé Barabbás dóiḃ, agus tar éis Iósa do sgiúrsuġaḋ, tug sé úaḋ, ċum a ċroċda é. 16Agus rugadar na saiġdíuiriḋ a sdeaċ don halla é, éaḋon go cúirt an úaċdaráin; agus do ġoireadar an ċuidéaċda uile a ḃfoċair a ċéile. 17Agus do ċuireadar éadaċ purpuir uime, agus ag fiġe corona spíne ḋóiḃ do ċuireadar air í, 18Agus do ṫionnsgnadar beannuġaḋ ḋó, Día do ḃeaṫa, a Rí na Níuduiġeaḋ! 19Agus do ḃúaileadar é an a ċeann lé giolcaċ, agus do ġaḃadar do ṡeiliḋiḃ air, agus ar léigean a nglún fúṫa, do rinneadar úṁla ḋó. 20Agus an tan do rinneadar fonáṁad fáoi, do ḃeanadar an téadaċ purpaír ḋe, agus do ċuireadar a éaduiġe féin uime, agus tugadar a maċ é do ċum go groċaidís é.
21Agus dó ċuireadar dfíaċuiḃ ar oglaċ áiriġṫe do ḃí ag gaḃáil ṫárrsa, dar ḃáinm Simón Siréanaċ, (aṫair Alecsander agus Ruṗus,) ṫáinic ón túaiṫ a muiċ, a ċroiċ diomċar.
22Agus rugadar léo é do nionad dar ab ainm Golgota, is sé sin, re na éidirṁíniúġaḋ, Ionad na cloigne. 23Agus tugadar fíon air ar cuireaḋ mirr ré na ól ḋó: aċd níor ġaḃ seisean é. 24Agus an tan do ċroċadar é, do roinneadar a éaduiġe, air dteilgean crannċuir orrṫa, créd do ṫóigfeaḋ gaċ neaċ ḋíoḃ. 25Agus do ḃí an treas úair ann, agus do ċroċadar é. 26Agus do ḃí tiodal a ċóire air na sgríoḃaḋ ós a ċionn, RI NA NIUDUIĠEAḊ. 27Agus do ċroċadar días gaduiḋeaḋ na ḟoċair; fear ar a láiṁ ḋeis, agus fear ar a láiṁ ċlí. 28Ann sin do coiṁlíonaḋ an sgríobtuir a deir, Agus a measg ḋáoine cóirṫeaċ do coṁáireaḋ é.
29Agus an dream do ġaḃaḋ ṫairis, do ḃéirdis aiṫis dó, ag craṫaḋ a gceann, agus ag ráḋ, O, ṫusa leagas an teampoll, agus ṫógḃas é a dtrí laéṫiḃ, 30Fóir ort féin, agus tárr a núas as an gcroiċ. 31Agus is mar an gcéudna a duḃradar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe ré ċéile ag fonáṁad fáoi, Do ḟóir sé ar ḋáoiniḃ eile; agus ní héidir leis é féin dfóiriġin. 32Tigeaḋ Críosd Rí Israél a núas a nois as an gcroiċ, do ċum go ḃfaicfimís agus go gcréidfimís. Agus na dáoine do croċaḋ na ḟoċair tugadr aiṫis dó.
33Agus an tan ṫáinic an seiseaḋ húair, do ḃí dorċadas ar feaḋ na talṁan uile go sóiṫe an náoṁaḋ húair. 34Agus ann sa náoṁaḋ húair do éiġ Iósa do ġuṫ árd, ag ráḋ, Eloi, Eloi, lámá sabaċtáni? a se sin, ar na eidirṁíniuġaḋ, Mo Ḋía, mo Ḋía, créd fár ṫréig tú mé? 35Agus a duḃradar cuid dá raiḃ na seasaṁ a laṫair, an tan do ċúaladar sin, Féuċ, a tá sé gairm Elías. 36Agus do rioṫ fear ḋíoḃ agus ar líonaḋ sboinc dfinegre ḋó, agus ar na ċur a dtimċeall giolcuiġ, tug sé deoċ ḋó, ag ráḋ, Leigiḋ ḋó; féaċam an dtiocfa Elias dá leagaḋ a núas. 37Agus ag éiġṁe Díosa do ġúṫ ṁór, do ċúaiḋ a spiorad as. 38Agus do réubaḋ brat rointe an teampuill na ḋá ċuid ó úaċdar go híoċdár.
39Agus an tan do ċonnairc an senturion, do ḃí na ṡeasaṁ as a ċoċair, go ndeaċuiḋ a anam as ag éiġṁe mar sin, a duḃairt sé, Go fírinneaċ do bé an duine so Mac Dé. 40Agus do ḃádar mar an gcéudna mná a ḃfad úaḋ ag féaċain: eidir a raiḃ Muire Ṁagdalén, agus Muire maṫair Ṡéumuis ḃig agus Ióses, agus Salómé; 41Noċ do lean é, an tan do ḃi sé fós sa Ġalile, agus do ḃí ag miniosdrálaċd dó; agus mórán do ṁnáiḃ eile do ċúaiḋ a néinḟeaċd ris súas go Híarusaléim.
42Agus a nois ar dteaċd don tráṫ nóná, (do ḃriġ gur ḃé lá an ullṁuiġṫe é, eaḋón, an lá roiṁ an tsabbóid,) 43Táinic, Ióseṗ ó Arimatéa, coṁairleaċ onóraċ, agá raiḃ fós súil ré ríoġaċd Dé, agus do ċúaiḋ sé a sdeaċd go dána dionnsuiġe Ṗíoláid, agus do íarr sé corp Iósa. 44Agus do biongnaḋ lé Píoláid go mbiaḋ sé ċeana tar éis ḃáis: agus do ġoir sé an sentúrion, agus do ḟíafruiġ sé ḋe an fada ó fúair sé bás. 45Agus ar ḃfaġáil ḟiosa ón sentúrion, do ḃronn sé an corp do Ióseṗ. 46Agus do ċeannaiġ Ióseṗ línéadaċ fínealta, agus do leag sé a núas é, agus do ċuir sé an línéadaċ uime, agus do ċuir sé é a dtúama do ḃí ar na ṫoċailt a maċ as ċarraig: agus do iomluit sé léac ar ḋorus an túama. 47Agus do ḃi Muire Ṁagdalén, agus Muire maṫair Ióses ag féuċain gá háit a gcuirfiḋ é.
Currently Selected:
Marcus 15: BedellG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.