1
Marcus 14:36
An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
Agus a duḃairt sé, Abbá, a Aṫair, a tá gaċ ní soiḋéanta ḋuitsi; cuir an cupánso ṫoramsa: giḋeaḋ nár ab é an ní ḃus toil leamsa, aċd an ní ḃus toil leaċdsa.
Compare
Explore Marcus 14:36
2
Marcus 14:38
Déunaiḋ faire agus urnuiġe, do ċum náċ dteigeaṁaḋ a ccaṫuġaḋ siḃ. A tá an spiorad ullaṁ go deiṁin, aċd a tá an ċolann anḃfann.
Explore Marcus 14:38
3
Marcus 14:9
A deirimsi riḃ go fírinneaċ, Giḋ bé ar biṫ ball ar feaḋ an doṁain uile an a ndéantar an soisgeulsa do ṡeanmóir, go ninnéosdar an nísi do rinne sisi leis mar ċuiṁne uirrṫe.
Explore Marcus 14:9
4
Marcus 14:34
Agus a duḃairt sé riú, A tá manam tuirseaċ go dtí an bás: fanaiḋsi ann so, agus déanaiḋ faire.
Explore Marcus 14:34
5
Marcus 14:22
Agus ar mbeiṫ ag caoṫeaṁ bíḋ ḋóiḃsean, do ġlac Iósa arán, agus tar eis a ḃeannaiġṫe, do ḃris sé, agus tug sé ḋóiḃsean é, agus a duḃairt sé, Glacaiḋ, iṫiḋ: is sé so mo ċorpsa.
Explore Marcus 14:22
6
Marcus 14:23-24
Agus ar nglacaḋ an ċupáin dó, an tan rug sé buiḋeaċus, tug sé ḋóiḃsin é: agus do iḃeadar uile as. Agus a duḃairt sé ríu, Ag so mfuilsi na tiomna núaiḋe, ḋóirtear air sin ṁóráin.
Explore Marcus 14:23-24
7
Marcus 14:27
Agus a duḃairt Iósa riú, Do ġéúḃṫáoi uile oilḃéim ionnamsa a noċd: oir a tá sgríoḃṫa, Búailfiḋ mé an táoḋaire, agus spréiġfiġṫear na cáoiriġ.
Explore Marcus 14:27
8
Marcus 14:42
Eírġiḋ, imṫiġeam; féuċ, is fogus dúinn an té ḃraiṫeas misi.
Explore Marcus 14:42
9
Marcus 14:30
Agus a duḃairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneaċ, A niuġ, ann sa noiḋċe noċd féin, ní is táosga ná ġoirfeas an coileaċ fá ḋó, go séanfa tú mé trí húaire.
Explore Marcus 14:30
Home
Bible
Plans
Videos