Marcus 10
10
Caibidil X
Um ṫréigean na mban, 13 agus ḃeannuġaḋ na leanaḃ ṁáoṫ lé Críosd.
1Agus ar néirġe, as sin dó, táinic sé go críoċuiḃ Iúdea trés an dtáoḃ ṫall do Iórdan: agus do ċruinniġeadar slúaiġte a rís ċuige; agus, mar buḋ ġnáṫ leis, do ṫeaguisg sé íad a rís.
2Agus ar dteaċd do na Ṗairisíneaċuiḃ ċuige, do ḟíafruiġeadar ḋé, dá ṫeasduġaḋ, Nar ċeaduiġeaċ dfior a ḃean do léigean? 3Aċd ar ḃfregra ḋósan a duḃairt sé ríu, Créd do aiṫin Máoisi ḋiḃ? 4Agus a duḃradarsan, Dfulaing Máoisi leitir ḋealaiġṫe do sgríoḃaḋ, agus a leigean. 5Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ríu, Is ar son ċrúais ḃur gcroiḋesi do sgríoḃ sé a naiṫnesi ḋíḃ. 6Giḋeaḋ ó ṫósaċ an ċruṫaiġṫe fear agus bean do rinne Día íad. 7Ar a naḋḃarsin fúicfiḋ neaċ a aṫair agus a ṁaṫair, agus ceangalfuiġ sé ḋa ṁnaoi; 8Agus béid a ráon na náoin ḟéoil: ionnas naċ días íad as sin a maċ, aċd éin ḟéoil aṁáin. 9Ar a naḋḃarsin giḋ bé ní do ċeangail Día ré ċéile, na sgáoileaḋ duine é. 10Agus a stiġ a rís do ċuireadar a ḋeisciobuil ceisd fán ní céudna sin air. 11Agus a duḃairt seision ríu, Giḋ bé ar biṫ duine léigfios a ḃean, agus ḃéuras bean eile, do ní se aḋaltrannus na haġaiḋ. 12Agus má leigeann bean a fear, agus go bpósfaḋ sí ré fear eile, do ní sí aḋaltrannas.
13Agus tugadar ċuige leíniḃ, do ċum go mbeanfaḋ sé ríu: agus do imḋeargadar a ḋeisciobail an ṁuinntir ṫug léo íad. 14Aċd an tan do ċonnairc Iósa sin, do ḃí míċéudfaiḋ aige orrṫá, agus a duḃairt sé ríu, Leigiḋ do na leanbaiḃ teaċd ċugamsa, agus na toirmeasgaiḋ íad: óir is lé na leiṫéidiḃ súd flaiṫeas Dé. 15A deirim riḃ go fírinneaċ, giḋ bé naċ géuḃa rioġaċd Dé ċuige mar leanaḃ, naċ raċa sé a sdeaċ go braṫ innti. 16Agus an tan do ġaḃ sé ċuige íad an a uċd, ar gcur a láṁ orrṫa, do ḃeannaiġ sé íad.
17Agus an tan do ċúaiḋ sé a maċ ar a tsliġiḋ, do riṫ óglaċ ċuige, agus do léig sé ar a ġlúiniḃ ḋó é, agus do ḟíafruiġ sé ḋe, A Ṁaiġisdir ṁaiṫ, Créd do ḋéuna mé do ċum go ḃfuiġinn an ḃeaṫa ṁarṫanaċ doiġreaċd? 18Agus a duḃairt Iósa ris, Créd fá ngoireann tú maiṫ ḋíomsa? ní ḃfuil éinneaċ maiṫ, aċ Día aṁain. 19A tá fios na naiṫeantaḋ agad, Ná déuna aḋaltrannus, Ná ndéuna dunṁarḃaḋ, Ná déuna goid, Ná déuna díaḋnuisi bréige, Ná déuna mealltóireaċd, Onóruiġ ṫaṫair agus do ṁáṫair. 20Aċd ar ḃreagra ḋósan, a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, do ċoiṁéud mé íad so uile ó móige. 21Aċd ar ḃféuċain Díosa air, tug sé graḋ ḋó, agus a duḃairt sé ris, A tá én ní duireasḃuiḋ ort: imṫiġ, reac a ḃfuil agad, agus taḃair do na boċdaiḃ, agus do ġéuḃa tú cisde ar neaṁ: agus tárr, tóg do ċros, agus lean misi. 22Agus do ġaḃ doilġeas eisean ar son an ċoṁráiḋ sin, agus do imṫiġ sé go tuirseaċ: óir do ḃí iomad saiḋḃris aige.
23Agus an tan do ḟéuċ Iósa na ṫimċeall, a duḃairt sé ré na ḋeisciobluiḃ, Créd é a ḋocaṁluiġe don ṁuinntir agá ḃfuil saiḋḃrios dul a sdeaċ go flaiṫeas Dé! 24Agus do ḃí úaṫḃás ar a ḋeisciobluiḃ tré na ḃríaṫruiḃ. Agus ar ḃfreagra Díosa a rís, a duḃairt sé riú, A ċlann, créd é ḋocraċd don ṁuinntir ċuireas a ndóiġ a saiḋḃreas, dul a sdeaċ go flaiṫeas Dé! 25As fusa do ċáṁall dul tré ċró snáṫaide, ná do ḋuine ṡaiḋḃir dul a sdeaċ do flaiṫeas Dé. 26Aċd do ġaḃ barrúaṫḃáis íadsan, ag ráḋ eatorra féin, Máseaḋ cía is éidir do ṡlánuġaḋ? 27Agus ar ḃféuċuin Díosa orrṫa a duḃairt sé, Ní ḃfuil so air ċumas do ḋáoiniḃ, aċd a tá sé ar ċumas do Ḋía: óir a táid na huile neiṫe soiḋéunta do Ḋía.
28Agus do ṫionnsgain Peadar a ráḋ ris, Féuċ, do ṫréigeamairne gaċ uile ní, agus do leanamar ṫusa. 29Aċd ar ḃfreagra Díosa, a duḃairt sé, A deirim riḃ go fírinneaċ, naċ ḃfuil éin neaċ ḟuigfeas a ṫiġ, nó a ḋearḃráiṫreaċa, nó a ḋeirḃṡeaṫraċa, nó a aṫair, nó a ṁáṫair, nó a ḃean, nó a ċlann, nó a ḋúṫaiḋ, ar mo ṡonsa, agus ar son an tsoisgéil, 30Naċ ḃfuige sé a ċéud oiread a nois ann sa naimsirso, tiġṫe, agus dearḃraiċraċa, agus deirḃṡeaṫraċa, agus máiṫreaċa, agus clann, agus dúṫaiḋ, maille ré hannró; agus ann sa tsáoġal a tá ag teaċd an ḃeaṫa ṁarṫannaċ. 31Aċd a táid móran ar tus ḃías fá ḋeireaḋ; agus ar deireaḋ ḃias ar tús.
32Agus do ḃádar ar a tsliġe ag dul súas go Híerusaleim; agus do ḃí Iósa rompa: agus do ġaḃ iongantus íad; agus agá leanṁuin, do ġaḃ eagla íad. Agus ar mbreiṫ an dá ḟear ḋéug ḋó a ris, do ṫionnsgain sé na neiṫe do ṫeigéuṁaḋ ḋó dinnisin dóiḃ, 33Oír féuċ, a tamaóid ag dul súas go Híarusaléim; agus do ḃéarṫar Mac an duine dúaċdaranuiḃ na sagart, agus do na sgríobuiḋiḃ; agus béuruid breiṫ ḃáis air, agus do ḃéaruid do na Cineaḋaċuiḃ é: 34Agus do ḋéunaid fonáṁad fáoi, agus sgíursfuid é, agus géuḃaid do ṡéiliḋiḃ air, agus cuirfid ċum báis é: aċd éiréoċuiḋ sé a ris an treas lá.
35Agus tangadar Séumas agus Eóin, mic Ṡebedé, ċuige, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, is sí ar dtoil go ndéantá ḋúinn giḋ bé ní íarrfam ort. 36Aċd a duḃairt seisean ríu, Créd as áill liḃ misi do ḋeunaṁ ḋíḃ? 37Agus a duḃradarsan ris, Aontaiġ ḋúinn go suiḋfiġ fear aguinn ar do láiṁ ḋeis, agus fear eile ar do láiṁ ċli, ad ġlóir féin. 38Aċd a duḃairt Iósa ríu, Ní fios dáoiḃ créd íarṫáoi. A néidir liḃ an cupán iḃimsi dól? Agus ḃur mbaisdeaḋ leis an mbaisdeaḋ lé a mbaisdear misi? 39Agus a duḃradarsan ris, Is éidir. Aċd a duḃairt Iósa ríu, Go deiṁin an cupán iḃimsi ioḃṫáoisi é; agus an baisdeaḋ lé a mbaisdear misi, baisdfiṫear siḃsi leis: 40Aċd suiḋe ar mo láiṁ ḋeis agus ar mo láiṁ ċli, ní leamsa a ṫaḃairt úaim: aċd don dream dar hullṁuiġeaḋ é. 41Agus an tan do ċúaladar an deiċneaḃar so, do ṫionnsgnadar míċéadfaiḋ do ḋéunaṁ ar Ṡéumas agus air Eóin. 42Agus ar na ngairm ċuige Díosa, a duḃairt sé ríu, A tá a ḟios aguiḃ an ṁuinntir agá ḃfuil cuṁaċda ar na Cineaḋaċaiḃ go ḃfuil tiġearnus aca orrṫa; agus go mbid a ndáoine mórá tréún orrṫa. 43Aċd ċeana ní mar sin ḃías sé eadruiḃsi: aċd giḋ bé lé nab mian ḃeiṫ na ḋuine ṁór ḃur meásgsa, bíaiḋ sé na óglaċ aguiḃ. 44Agus giḋ bé aguiḃ lé nab mían ḃeiṫ a dtosaċ, bíoḋ sé na ṡeirḃíseaċ ag cáċ uile. 45Oír ní ṫáinic Mac an duine ionnas go ndéantuiġ seirḃís dó, aċd do ḋéanaṁ seirḃísi, agus do ṫaḃairt a anma féin mar éiric ar son ṁórain.
46Agus tangadar go Iericó: agus ar nimṫeaċd dósan agus á ḋeisciobluiḃ agus do ḃuiḋin ṁóir as Iericó, do ṡuiḋ an dall Bartiméus, mac Ṫiméus, ar a tsliġe ag iarruiḋ déirce. 47Agus an tan do ċúaliuiḋ sé gur be Iósa Nasarḋa do ḃí ann, do ṫionnsgain sé éiġṁe, agus a ráḋ, A Iósa ṁic Ḋaiḃí, déana trócaire orum. 48Agus do imḋeargadar mórán é, do ċum go mbíaḋ sé na ṫoċd: aċd is móide do éiġṁeaḋ seision sin, A ṁic Ḋaiḃí, déuna trócaire oram. 49Agus ar seasaṁ Díosa, a duḃairt sé, eisean do ġairm ċuige. Agus do ġoireadarsan an dall, dá ráḋ ris, Bíoḋ dóċas maiṫ agad, éiriġ; a tá sé dod ġairm. 50Agus ar dteilgean a ḃruit úaḋ ḋosan, do éiriġ se, agus táinic sé ċum Iósa. 51Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ris, Créud is mían leaċd misi do ḋéunaṁ ḋuit? Aċd a duḃairt an dall ris, A ṁaiġisdir, mo raḋarc aiseag ḋaṁ. 52Agus a duḃairt Iósa ris, Imṫiġ; do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. Agus ar an mball fuair sé a raḋarc, agus do lean sé Iósa sa tsliġe.
Currently Selected:
Marcus 10: BedellG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.