YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 11

11
Caibidil XI
Do ċoṫuiġ agus scag Críosd an teampall, 20 agus laḃair sé um neart an ċreidiṁ.
1Agus an tan ṫangadar a ḃfogus do Ierusaleim, go Betṗáge agus Betánia, ag slíaḃ na Noluiḋeaḋ, do ċuir sé días dá ḋeisciobluiḃ úaḋ, 2Agus a duḃairt sé ríu, Imṫiġiḋ don ḃaile úd ṫall as ḃur gcoṁair, agus mar ráċtáoi a sdeaċ ann, do ġeuḃṫáoi searraċ ceanguilte, ar nár ṡuiḋ éunduine ríaṁ; sgáoiliḋ é, agus taḃruiḋ liḃ é. 3Agus má deir éinneaċ riḃ, Créud fá ndéuntáoi so? abruiḋ go ḃfuil a ríaċdanus ar an Dtiġearna; agus cuirfiḋ sé úaḋ ann so ar ball é. 4Aċd do imṫiġeadarsan, agus fúaradar an searraċ ceangailte ag an dorus don táoiḃ a muiġ a ccoṁrug ḋá ṡliġeaḋ; agus do sgáoileadar é. 5Agus a duḃradar dream áiriġṫe don ṁuinntir do ḃí na seasaṁ ann sin riú, Créd do níṫí, ag sgáoileáḋ an tsearraiġ? 6Aċd a duḃradarsan riú mar do aiṫin Iósa: agus do leigeadar úaṫa íad. 7Agus tugadarsan an searraċ ċum Iósa, agus do ṫeilgeadar a mbruit air; agus do ṡuiḋ sé air. 8Agus do leaṫnuiġeadar mórán a mbrait ar a tsliġe: agus do ġearradar drong eile géuga do na crannuiḃ, agus do ċroiṫeadar ar a tsliġe íad. 9Agus an luċd do ḃí rompa, agus na ndíaiġ do éiġṁeadar, ag ráḋ, Hosanna; Is beannaiġṫe an té ṫig a nainm an Tiġearna: 10Is beannuiġṫe ríoġaċd ar naṫar Dáiḃí, ṫig a nainm an Tiġearna: Hosanna ann sna hárdaiḃ. 11Agus do ċúaiḋ Iósa a sdeaċ go Híarusaléim, agus don teampoll: agus ar ḃféuċain na ṫimċeall ar gaċ én ní ḋó, ar mbeiṫ don tráṫ nóna ann, do ċúaiḋ sé a maċ go Betánia maille ris an dá ḟear ḋeúg.
12Agus an la na ḋiáiġ sin, an tan do ċúadar a maċ as Betánia, do ġaḃ ocrus é: 13Agus an tan do ċonnairc sé crann fíge a ḃfad úaḋ ar a raiḃ duilleaḃar, táinic sé, ḋá ḟéuċain an ḃfuiġeaḋ sé éin ní air: agus an tan ṫáinic sé ċuige, ní ḃfúair sé éin ní aċd na duilléoga; óir nír ḃí aimsir na ḃfigiḋe í. 14Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ris an gcrann fíge, O so súas nár iṫe duine ar biṫ toraḋ ḋiot go bráṫ. Agus do ċúaladar a ḋeisciobail é.
15Agus tangadar go Híarusaléim: agus ar ndul a sdeaċ don teampoll Díosa, do ṫionnsgain sé an dream do ḃí ag reic agus ag ceannaċ ann sa teampoll, da ċur a maċ agus do ṫeilg sé air lár buird luċd malarta an airgid, agus caiṫireaċa luċd reaca na gcolum; 16Agus ní ḟuilngeaḋ sé go niomċoraḋ duine ar biṫ soiġṫeaċ ṫríd an teampoll. 17Agus tug sé teagasg úaḋ, ag ráḋ riú, An né naċ ḃfuil sgríoḃṫa, Go ngoirfiṫear tiġ úrnuiġṫe dom ṫiġse, ag na huile ċineaḋaċuiḃ? Aċd do rinneaḃairsi tuiniḋe ḃioṫaṁnaċ ḋe. 18Agus do ċúaladar na sgríobuiḋe agus uaċdárain na sagart so, agus do ḃádar ag íarruiḋ cionnus do ṁilltidís é: Oír do ḃi eagla orrṫa roiṁe, do ḃríġ go raiḃ iongantus ag an tslúaġ uile an a ṫeagasg. 19Agus an tan ṫáinic an tráṫnóna, do ċúaiḋ sé a maċ as an gcaṫruiġ.
20Agus ag gaḃáil ṫairis, ar maidin dóiḃ, do ċonncadar an crann fíge ar ná ċríonaḋ as a ḟréuṁaċ. 21Agus ar gcuiṁniuġaḋ do Ṗeadar a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, féuċ, an crann fíge úd do ṁalluiġ tú a tá sé ar gcríonaḋ. 22Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé riú, Bíoḋ creideaṁ Dé aguiḃ. 23Oír go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Giḋ bé neaċ a déura ris an tslíaḃ so, Togṫar ṫú, agus teilgṫear ann sa ḃfairrge ṫú; agus náċ bía cunntaḃáirt aige an a ċroiḋe, aċd go gcreide sé go dtiucfaid na neiṫe a deir sé ċum críċe; teigéuṁaiḋ ḋó gaċ ní a déura sé. 24Ar a naḋḃarsin a deirim riḃ, Giḋ bé ní íarrṫáoi, an tan do níṫí úrnuiġṫe, creidiḋ go ḃfuiġṫí, agus do ġéuḃṫáoi é.
25Agus an tan ḃéiṫí ḃur seasaṁ ag déanaṁ úrnuiġṫe, maiṫiḋ, má tá ní ar biṫ aguiḃ a naġuiḋ áonduine: ionnas go maiṫfeaḋ ḃur naṫairsi a tá air néaṁ ḃur ccionta féin ḋaoiḃsi mar an gcéudna. 26Oír muna maíṫtísi, ní ṁaiṫfi ḃur Naṫair a tá air neaṁ ḃur ccionta féin ḋíḃsi.
27Agus tangadar a rís go Híarusaléim: agus ar mbeiṫ ag sioḃal sa teampoll dósan, tangadar úaċdaráin na sagart, agus na sgríoḃuiḋe, agus na sinnsir ċuige, 28Agus a deirid ris, Créd é an túġdarrás lé a ndéunann tusa na neiṫesi? Agus cía ṫug na cuṁaċda so ḋuit do ċum na neiṫeaḋ so do ḋéunaṁ? 29Aċd ar ḃreagra Díosa a duḃairt sé ríu, Fiafróċaiḋ misi éin ní a ṁáin díḃsi, agus taḃruiḋ freagra oram, agus innéosaiḋ mé ḋíḃ cía an tuġdarás lé a ndéunuim na neiṫe so. 30An ó neaṁ, ṫáinic baisdeaḋ Eóin, nó ó ḋaóiniḃ? Taḃruiḋ freagra orum. 31Agus do ḃádarsan ag diosbóireaċd eatarra féin, ag ráḋ, Má deirmid, O neaṁ; a déura sé, Ar a naḋḃarsin créd fá nár ċréideaḃairsi ḋó? 32Aċd má deirmid, O ḋáoiniḃ; a tá eagla an ṗobuil oruinn: oír do bé a meas uile ar Eóin, gur ḃfáiḋ é go fírinneaċ. 33Agus ar ḃfreagra ḋóiḃsion a duḃradar re Híosa, Ní ḃfuil a ḟios againn. Agus ar ḃfreagra Díosa, a duḃairt sé riú, Ní mó innéosus misi ḋiḃsi cía an tuġdarrás lé a ndéunaim na neiṫe so.

Currently Selected:

Marcus 11: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in