Lúcas 12
12
Caibidil XII
Iarfa Ċriosd an ḟirinn a ṫeagasc gan ḟaitċios, 36 bí deas fa ċoṁair buille an ḃáis, 54 agus gur baoġlaċ, reiteaċ agus uáir an ġrás, do leiġeann ṫort gan tarḃa.
1Fa a námsin, ar mbeiṫ do ṗubal gan airṁeaḋ ar na ccoṁċruinniufgaḋ, ionnus go raḃadar ag saltairt ar a ċéile, do ṫionnsgain sé a raḋ re na ḋeisciobluiḃ ar tús, Coṁéaduiġ siḃ féin ar laiḃin na Ḃṗairsineaċ, eaḋon an fuarċraḃaḋ. 2Oír ní ḃfuil einní foluiġṫeaċ, naċ dtiocfuiḋ ċum sóillsi; ná seicreideaċ, naċ ḃfuiġṫear a ḟios. 3Ar a naḋḃarsin giḋ bé neiṫe do laḃraḃair an dorċadas cluinfiḋṫear iád satsolus; agus giḋ bé ní do laḃraḃair a gcluáis a seómruiḋiḃ uaígneaċa do ḋéantar a ġairm ós na tiġṫiḃ.
4Agus a deirim riḃse a ċairde, Ná bioḋ eagla muinntire oraiḃ ṁárḃus an corp, agus na ḋiáiġ sin leis naċ éidir ní sa ṁó do ḋéanaṁ. 5Aċd foillséoċaiḋ mé ḋáoiḃ cía ré a mbia ḃur neagla: Bíoḋ eagla an ti úd oraiḃ, agá ḃfuil cuṁaċda tair éis duine a ṁarḃaḋ a ṫeilgean go hifrionn; a seaḋ, a deirim riḃ, Bioḋ eagla so oraiḃ. 6A né naċ cceannaġṫear cúig gnealḃain ar ḋá ḟeórling, agus ni ḃfuil áon aca ar dearmad a ḃfiáḋnuise Dé? 7Aċd fós atá gruág ḃar gcinnse uile ar na coṁaíreaṁ. Ar a naḋḃarsin na bíoḋ eagla oráiḃ: as fearr siḃse ná morán gealḃan.
8Agus fós a deirim riḃ, Giḋ bé ar biṫ aidṁeóċus misi a ḃfiáḋnuise na ndáoine, aidṁeóċaiḋ Mac an duine mar an gcéadna eisean a ḃfiaḋnari aingeal Dé: 9Aċd giḋ bé ṡéanfus mise a ḃfiaḋnuise aingeal De. 10Agus giḋ bé laiḃeóras focal a naġaiḋ Ṁic an duine, maiṫfiġṫear ḋó é: aċd ní maiṫfiġear don tí laiḃeóras blaisṗéime a naġaiḋ an Spiorad Náoiṁ. 11Agus an tan do ḃéaruíd síad siḃ ċum na sinagóig, agus na núaċdarán, agus na ndáoine gcuṁaċdaċ, na bíoḋ ná ro ċúram oraiḃ cionnas no créd ḟreagórṫáoi, nó créd a déarṫáoi: 12Oír múinfiḋ an Spiorad Náoṁ ḋáoiḃ ar a nuársin féin, na neiṫe is coir ḋáoiḃ do ráḋ.
13Agus a duḃairt óglaċ áiriġe don tslúaġ ris, A Ṁaiġisdír, abair rem ḋearḃraṫair, a noiġreaċd do rionn rium. 14Agus a duḃairt séision ris, A ḋuine, cia ċur misi ós ḃur gcionn am ḃreiṫeaṁ nó am rannadóir? 15Agus a duḃairt sé riú, Feaċaiḋ, agus seaċnuiḋ siḃ ar a tsaint: oír ní a níomarcuiġ an tsaíḋḃris atá ag duine air biṫ atá a ḃeaṫa.
16Agus a duḃairt sé cosamblaċd riú, ag ráḋ, Tug fearann ḋuine ṡáiḋḃir áiriġe toraḋ mór: 17Agus do smuáin sé ann féin, ag raḋ, Créd do ḋéana mé, oir ní ḃfuil áit agam ann a gcruinneoċa me mo ṫórṫuiġe? 18Agus a duḃairt sé, Do ḋéana mé so: leaġfaiḋ mé mo sgiobóil, agus toigeaḃuiḋ mé sgionóil ḃus mó ná íad; agus cruimnéoċaiḋ mé mo ṫórṫa nile agus mo ṁáoin ionnta. 19Agus a deara mé réim anam fein, A anaim, ata mórán máoine agad ar na gcur a dtaisge fa ċomċair ṁórán bliaḋan; fan ad ċoṁnuiḋe, iṫ, iḃ, bí go súgaċ. 20Agus a duḃairt Diá ris, A amadáin, a noċd féin iárfaid síad hanam ort: agus cia ḃus leis na neiṫe so, do ṡoláṫair tú? 21Is mar sin atá an té ċrunniġeas ionnṁas dó féin, agus naċ ḃfuil sáiḋḃir a Ndiá.
22Agus a duḃairt sé ré na ḋeiscioḃluiḃ, Uime so a deirim riḃsi, Ná biḋiḋ, ro ċúramaċ tá ḃur gcorp, créd é an ní íosdáoi umuiḃ. 23As mó an tanam ná an biáḋ, agus an corp ná an téadaċ. 24Taḃraiḋ dá ḃur naire ná preaċaín: oír ní ċuirid siás siól, agus ní ḃéanuid síad; agus ní ḃfuili tiġ sdórúis na sgioból aca; agus beaṫaiġ Diá iád: agus a né naċ fearr siḃsi go mór ná na héanlaiṫ? 25Aċd ciá agaiḃsi lé na iomad curium ḟéadas áon ḃannlaṁ a ṁáin do ċur air airde féin. 26Ar a naḋḃarsin muna ḃfuil ar ḃur gcumas an ní as luġa, créd fa ḃfuil cúram na neiṫeann eíle oraiḃ? 27Taḃraiḋ dá ḃur naire na liliḋe ciondus ḟásaid síad: ní ḋéanuid síad sáoṫar, agus ní ṡníoṁuid síad; aċd a deirim riḃ, naċ raiḃ Solaṁ féin ann a ġlóir uile ar na éaduġaḋ mar áon díoḃ so. 28Agus má éaduiġeann Diá már sin an fér, atá a niu ar an maċaire, agus ċuiṫear a máraċ ann sa núaṁaiḟ; a né naċ mó ná sin do ḋéana sé ḋiḃse, a luċd an ċreidiṁ ḃig? 29Ar a naḋḃarsin, na fiáfruiḋiḋsi créd iosdáoi, nó créd ioḃṫáoi, agus na bíṫi aṁarusaċ. 30Oír a síad na neiṫesi uile iárraid ciniḋeaċa an doṁain: aċd atá a ḟios ag ḃur Naṫairse go ḃfuil a ríaċdanas so oraiḃ. 31Aċd ċeanna Iárruiḋsi rioġaċd Dé; agus teilgfiḋṫear na neiṫesi uile ċuguiḃ.
32Ná bíoḋ eagla ort, a ṫréd ḃeag; oir a si toil ḃur Naṫar an rioġaċd do ṫaḃairt dáoiḃ. 33Réacaiḋ a ḃfuil aguiḃ, agus taḃruiḋ déirc úaiḃ; déanuiḋ sparáin ḋiḃ féin naċ raċta a narsaiḋeaċd, cisde ar naċ raċa caiṫeaṁ ar neaṁ, a náiṫ naċ dtig gaduiḋe a ngar ḋó, agus naċ dtruáilliġeann an míol críon. 34Oír giḋ bé aít iona ḃfuil ḃur ceisde, is am sin fós ḃías ḃur gcroiḋe. 35Bíoḋ ḃur leasraċ ceangailte timċioll, agus ḃur lóċráinn ar lasaḋ; 36Agus siḃ féin coṁċosṁud ré dáoiniḃ ag fuireaċ ré na dṫiġearna, gá húair do ḟillfeaḋ sé ón ṗósaḋ; ionnas ar dteaċd agus ar mbuálaḋ an doruis dó, go noisgeolaidis gan ḟuireaċ. 37Is beannaiġe na searḃḟoġantaiḋe úd, do ġeiḃ an tiġearna ag déanaṁ faire an tan do ṫig sé: a deirim riḃ go fírinneaċ, go gccangalfuiġ sé é féin timċioll, agus go gcuirfiḋ sé iádsan na suiḋe ċum biḋ, agus ar dteaċd amaċ ḋó go ndéanuiḋ sé fríoṫólaṁ ḋóiḃ. 38Agus má ṫig sé sa dara faire, agus má ṫig sé sa treas faire, agus go ḃfuiġe só mar sin iád, is beannaiġe na searḃḟoġantuiġe sin. 39Aċd bioḋ a ḋeiṁin só aguiḃ, dá mbeiṫ a ḟios ag fear an tiġe cía a núair a dtiocfaḋ an gaduiġe, go ndéanaḋ sé faire, agus naċ ḃfuileóngaḋ sé a ṫiġ féin do ṫolloḋ ṫríd. 40Agus ar a naḋḃarsin fós biṫisi ullaṁ: oír is a núair naċ saoiltí ṫiocfus Mac an duine.
41Agus a duḃairt Peadar ris, A Ṫiġearna, an linne a deir tú an ċosaṁlaċd so, nó fós ré caċ uíle? 42Agus a duḃairt an Tiġearna, Cía atá na ḟeaḋmannaċ ḟírinneaċ ġlic, ċuirfeas a ṫiġearna ós cionn a ṁuinntie féin, ionnus go dtioḃraḋ sé a miosúr biḋ ḋóiḃ na am fein? 43Is beannaiġe an searḃḟoġantuiḋe úd, agá ḃfuiġe a ṫiġearna an tan ṫiocfus sé ḋá ḋéanaṁ mar sin. 44Go fírinneaċ a deirim riḃ, Go gcuirfe sé ós cionn a ḃfuill aige é. 45Aċd má deir an searḃḟoġantuiġe úd ann a ċroiḋe féin, Cuirfiḋ mo ṫiġearna a ṫeaċd a ríġneas; agus go dtionnsgónuiḋ sé gaḃáil ar na buáċailiḋ agus ná cailiniḋ, agus ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól, agus ar meisge; 46Tiocfa tiġearna an tsearḃḟoġantuiġe úd sa lá naċ saoileann sé é, agus ann sa núair naċ ḃfuil a ḟios aige, agus dealóċaiḋ sé úaiḋ é, agus do ḃéara sé a ċuid ḋó a ḃfoċair na ndaoine gan ċreideaṁ. 47Aċd an searḃḟoġantniḋe úd, agá raiḃ fios tola a ṫiġearna féin, agus nar ullṁuiḋ é féin, agus naċ dearna do réir a ṫola, géuḃṫar mórán air. 48Aċd an tí úd ag naċ raiḃ a ḟios, agus fós do rinne na neiṫe do ṫuill builliḋe, buáilfaḃear beagán air. Oír giḋ bé dár tugaḋ morán, iárrfuiḋṫear morán a dtaisge, iarrfuiḋṫear ni sa ṁó air.
49Taínic misi do ċur teineaḋ air an talaṁ; agus créd eile diárrfuinn, ma atá sí ar na lasaḋ ċeana? 50Aċd is éigin daṁsa mo ḃaisdeaḋ lé baisdeaġ; agus créd a ṁéd ċuiḃriġṫear mé no go gcríoċnuiġṫear é! 51An sáoilti gur ab ċum sióṫċána do ṫaḃairt ar an dtalaṁ ṫáinic misi? a deirim riḃ, Naċ eaḋ; aċd ceannairce: 52Oír ó so amaċ, béid cúigear a néintiġ ar na roinn, triúr a naġuiḋ deisi, agus diás a naġuiḋ trír. 53Biáiḋ an taṫair a naġuiḋ an ṁic, agus an mac a naġuiḋ a naṫair; an ṁaṫair a naġuiḋ na hiuġine, agus a ninġean a naġuiḋ na maṫara; agus maṫair an ḟir ṗósada a naġuiḋ a ṁná, agus an ḃean ṗósda a naġuiḋ maṫar a fir.
54Agus a duḃairt sé mar an gcéadna ris an bpobal, An tan do ċiṫi néull ag éiġe ón táoiḃ a nsiár a deirṫí ar ball, Atá cioṫ ag teaċd; agus is aṁluiḋ ḃíos. 55Agus an tráṫ do ċiṫí an ġáoṫ ó ḋeas ag séideaḋ, a deirṫí, Bíaiḋ teasṁaċ ann; agus bí sé mar sin. 56A luċd an ḟuárċraḃuiġ, as éol dáoiḃ aġaiḋ neiṁe agus talṁan do ḃreaṫnuġṫí na naimsirse? 57Agus, créd fá naċ breaṫnuiġṫí úaiḃ féin créd is cóir ann?
58Agus fós an tan ṫéid tá réd easgcaruid ċum a núaċdaráin, déana do ḋíċeall ar sliġe, air ṫú féin do reíteaċ úaḋ; deagla go dtairrngeaḋ sé ċum an ḃreiṫiṁ ṫú, agus go dtioḃraḋ an ḃreiṫeaṁ don tsirríam ṫú, agus go dteilgfeaḋ an sirriam ṫú a bpriosím. 59A deirim riot, náċ dtiocfa tú a maċ as sín, no go nióca tú an ḟeóirlinn deiġeanaċ.
Currently Selected:
Lúcas 12: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.