Lúcas 11
11
Caibidil XI
Ṡéol Crísd do ḃeiṫ gnaṫaċ, seasṁaċ a nguiḋe. 28 Agus gur coiṁead ḃriaṫar De, do ni deannuiġṫe, agus naċ scáil ċráḃoiḋ.
1Agus tárla, an tan do ḃí sé ag déanaṁ urnuiġe a náit áiriġe, mar do sguir sé, go nduḃairt fear áiriġe dá ḋeisciobluiḃ ris, A Ṫiġearna múin dúinne urnuiġe do ḋéanaṁ, aṁail agus mar do ṁúin Eóin dá ḋeisciobluiḃ féin. 2Agus a duḃairt seision ríu, A núair do ḋéantáoi urnuiġe, abraiḋ, Ar naṫair atá ar neaṁ, naoṁṫar hainin. Tigeaḋ do rioġaċd. Déantar do ṫoil, ar an talaṁ, mar atá ar neaṁ. 3Ar narán laéṫeaṁuil taḃair ḋúinn gaċ láoi. 4Agus maiṫ ḋuinn ar bpeacaiġ; óir maiṫmídne da gaċ áon air a ḃfuil fiaċa aguinn. Agus na leíg sinn a ccaṫuġaḋ; aċd soar inn ó olc.
5Agus a duḃairt sé ríu cía agaiḃsi agá mbíaḋ cara, agus go raċaḋ sé ċuige a meaḋon oiḋċe, agus go naibeóraḋ sé ris, A ċara, taḃair trí haráin ḋaṁ air iásaċd; 6Oír ṫáinic cara ḋaṁ as a tsliġe am ionnsuiġe, agus ní ḃfuil éinni again do ċuirfinn na ḟiaḋnuisi? 7Agus go ḃfreigeóraḋ seision a sdiġ, agus go naibeóraḋ sé, Na cuir búaiḋreaḋ oram: atá an doras dúntí a nois, agus ataíd mo ċlann am ḟoċair sa tseómra; ní ḟéaduim éirġe agus a dtaḃairt ḋuit. 8A deirim riḃ, ar néirġe ḋó, dá mbeiṫ naċ dtioḃraḋ sé sin úaḋ, ar son gur ċara ḋó é, giḋeaḋ go fírinneaċ ar son a liosdaċda do éiréoċaḋ sé, agus do ḃéaraḋ sé ḋó an ṁéid do ḃiaḋ do riaċdanus air. 9Agus a deirimsi riḃ, Iarraiḋ, agus do ḃéarṫar ḋáoiḃ; lorgairiġ, agus do ġeaḃṫáoi; buailiḋ an doras, agus oisgéoltar ḋáoiḃ. 10Oír giḋ bé iárras glacaiḋ sé; agus giḋ bé do ní lorgaireaċd do ġeiḃ sé; agus oísgéoltar don té ḃúaileas an doras. 11Agus cía againḃsi aṫair ar a níarrfaḋ a ṁac arán, do ḃéaraḋ cloċ ḋó? Nó ḋá niárraḋ sé iásg, do ḃéaraḋ naṫair niṁe a nionad éisg ḋó? 12Nó dá niárraḋ sé úġ, an dtioḃraḋ se scorpion do? 13Ar a naḋḃarsin, más eól dáoiḃsi air mbeiṫ go holc, tioḋluice maiṫe do ṫaḃairt da ḃur gcloinn, an é naċ mó ná sin ḃéaras ḃur naṫairse ó neaṁ an Spiorad Náoṁ don during íarrfas air é?
14Agus do ḃí sé ag teilgean deaṁain amaċ, do ḃí balḃ. Agus tárla, ar ndul don deaṁan amaċ, gur laḃair an balḃán; agus do ġaḃ iongnaḋ an slúaġ. 15Agus a duḃairt dream acasan, Is trí Ḃeelsébub prionnsa na ndeaṁan ṫeilgeas sé amaċ na deaṁuin. 16Agus dream eile, ag cur ċaṫaiġṫe air, do iárradar coṁarṫa ó neaṁ air.
17Agus ar ḃfaicsin a smúaintiġṫe, ḋósan, a duḃairt sé riú, Gaċ rioġaċd ḃios roinnte na haġaiḋ féin do niṫear fasaċ ḋi; agus an tiġ ḃíos roinnte naġaiḋ tíġe, tuitiḋ sé. 18Agus mar an gcéada dá raiḃ Sátan roinnte na aġaiḋ féin, cionnas ḟanfas a rioġaċd na seasaṁ? oír a deirṫísi gur ab trí Ḃeelsébúb ṫeilgimsi amaċ na deaṁain. 19Agus más trí Ḃeelsebuh sgriosaimsi na deaṁuin, cía tré sgriosaid ḃur gelannsa iád? Ar a nadḃharsin héid siádsan na mḃreiṫeaṁnaiḃ oraiḃsi. 20Aċ ċeanna más le méur Dé ṫeilgimsi amaċ na deaṁain, gan ċunntaḃairt ṫáinic ríoġaċd De ċuguiḃsi. 21An tan ċoiṁéadas duine láidir armálta a ċúirt féin, atá a ḃfuil aige a sioṫċaín: 22Aċd an tráṫ ṫig duine is neartṁaire ná é, beiriḋ sé búaiḋ air, agus tóguiḋ sé leis a uile armaíl ann ar ċuir sé a ṁuiniġinn, agus roinniḋ sé a eadáil. 23An té naċ ḃfuil leamsa atá sé am aġaiḋ: agus giḋ bé naċ ccruinniġeann leamsa scabuiġiḋ sé. 24An tráṫ imṫiġeas an spiorad neaṁglann as duine ar biṫ, imṫiġ sé trí íonaduiḃ tiorma, ag iárruiḋ suáiṁnis; agus an tráṫ naċ ḃfaġann sé sin, a deir sé, Fillfiḋ mé doin ṫiġ féin ó dtáinic mé. 25Agus ar dtaċd dó, do ġeiḃ sé ar na sgúabaḋ agus ar na ḋeaġṁaisioġaḋ é. 26Imṫiġiḋ sé an sin, agus beiriḋ sé leis seaċd spioraide eile is measa ná é fein; agus ar ndol a sdeaċ ḋóiḃ, do níd coṁnaiḋe ann sin: agus is measa deireaḋ an duine sin ná a ṫosaċ.
27Agus tárla, agá ráḋ so ḋó, gur árduiġ bean áiriġe don tsluáġ a gúṫ, agus go nduiḃairt sí, As beannaiġe an ḃrionn do iomċuir ṫú, agus na cíoċa do ḋiuġail tú. 28Agus a duḃairt seision, Aċd as beannaiġe an dream eisdeas briáṫar Dé, agus ċoiṁéudus é.
29Agus an tan do ċruinniḋ an sluáġ go tiúġ ċuige, do ṫionsgain sé a ráḋ. As olc an cineaḋ so: iárraiḋ sé coṁarṫa; agus ní tiuḃarṫar coṁarṫa ḋó, aċd coṁarṫa Iónas fáiḋ. 30Oir ambail dó ḃí Iónas na ċoṁarṫa do ṁuinntir Niníḃe, as mar sin ḃiás Mac an duine mar an gcéudna don ċineaḋso. 31Eiréoċuiḋ bainrióġan an aoiḃe ó ḋeas a mbreiṫeaṁnus maille ré dáoiniḃ an ċiniḋsí, agus daimneóċaiḋ si iád: oír ṫáinic sisí ó leiṫimliḃ na talṁan déisdeaċd ré heagna Ṡolaiṁ: agus, féuċ, atá duine as mó ná Solaṁ ann so. 32Eireóċaid luċd Niníḃe a mbreiṫeaṁnus maille ris an gcineaḋso, agus dainmeóċaid é: oír do rinneadarsan aiṫriġe ag seanmóir Iónas; agus, féuċ, atá duine as mó ná Iónas ann so.
33Ní lasann duine ar biṫ coinneall, ċum a cur a ḃfolaċ, nó faoi ḃaiseúl, aċd a gcoinnleóir, ionnus go ḃfaiċfidis an dream ṫig a sdeaċ an solus. 34A sí an tsúil solus an ċuirp: ar a naḋḃarsin a núair ḃias do ṡúil glan, biáiḋ do ċorp uile soillseaċ; aċd dá raiḃ do ṡúil go holc, biáiḋ do ċorp mar an gcéadna dorċa.
35Dá bríġ sin taḃair haire riot naċ biáiḋ an solus atá ionnad na ḋorċadus. 36Ar a naḋḃarsin dá raiḃ, do ċorp uile soillseaċ, gan éanċuid ḋe dorċa, biáiḋ an tiomlán soillseaċ, aṁail mar ḋeallruiġeas coinneal ṫú ré na soillse.
37Agus ar laḃairt do, do ċuir Ṗairisíneaċ airiġe impéḋe air a ḋínnér do ċaiṫeaṁ na ḟoċair: agus ár ndul a sdeaċ ḋósan, do ṡuiġ sé ċum bíḋ. 38Agus an tan do ċonnairc an Ṗairísineaċ sin, dob iongnaḋ leis nár ionnail sé ar tús roiṁ ḋínnér. 39Agus a duḃairt an Tiġearna rís, Go deiṁin do ní siḃse a ṗairisineaċa an táoḃ amuiġ don ċupan agus don ṁéis glan; aċd atá an táoḃ a sdiġ ḋíḃ lán do ṡracaireaċd agus dolc. 40A ḋáoine gan ċéill, a né naċ é an tí do rinne an táoḃ a muiġ do rinne an táoḃ a sdiġ mar an gcéadna? 41Ar a naḋḃarsin táḃruiḋ deíre uáiḃ do na neiṫiḃ atá a láṫair aguiḃ; agus, féuċ, bíaiḋ na huile neiṫeġan díḃ. 42Aċd is anáoiḃinn dáoiḃ, a ṗairisíneaċ! do bríġ go ngaḃṫáoi deaċṁaiḋ an ṁiontius agus na ruiḃe agus na uile luiḃeann, aċd gaḃṫáoiṫar ḃreiṫeaṁnus agus ġráḋ Dé: do búḋ cúir iád so do ḋéamnaṁ, agus gan iád súd do leígeann gan déanaṁ. 43As anáoiḃinn dáoiḃ, a ṗoirisneaċa! Oír as ionṁuin liḃ an céud ionad suiḋe ann sna sionagogaiḃ, agus fáilteaḋa ar na máruiḋiḃ. 44As anáoiḃinn dáoiḃ, a sgriobuiḋe agus a ṗairisíneaċa, a laċd a nfúarċráḃaiḋ! oír atáṫáoi marṫuámuiḋiḃ náċ ḃfaicṫear, agus náċ aiṫne do na dáoimḃ ṡiuḃlus orrṫa.
45Agus ar ḃfreagra do ḋuine áiriġe don luċed dliġe, a deir sé rís, A Ṁaiġisdir, agá ráḋ so ḋuit do ḃéir tú masa ḋuinne fós. 46Aċd a duḃairt seision, As anáoiḃinn dáoiḃsi leis, a luċd dliġe! oír curṫáoi úaluiḋe dóiomċur ar na dáoiniḃ, agus ní ḃeanṫáoi féin ris na húalaḋaiḃ lé háon da ḃur méuraiḃ. 47As anáoiḃinn daioḃ! oír tógṫáoi túamuiḋe na ḃfáiḋeaḋ, agus a siád ḃur naiṫreaċa do ṁarḃ iád. 48Go deiṁin do níṫi fiáḋnuisi go moltáoi gnióṁarṫa ḃur naiṫreaċ: oír do ṁarḃadarsan iád, agus do níṫíse tuamuiḋe ḋóiḃ. 49Ar a naḋḃarso a duḃairt eagna Dé, Cuirfe mé fáiḋe agus absdail ċuca, agus muirfid siád agus géarleanfuid cuid dioḃ: 50Do ċum go leanfuiḋe ar an gcinneaḋsa, fuil na ḃfáiḋeaḋ uile, do dóirteaḋ ó ṫús an doṁain; 51O ḟuil Abéil go fuil Ṡaċarías, do marḃaḋ éidir a naltóir agus an teampoll: go firinneaċ a deirim riḃ, go leanfuiġear é ar an gcineaḋso. 52As anáoiḃinn dáoiḃ, a luċd dliġe! oír rugaḃair liḃ eoċair a néolais, ní ḋeaċaḃair féin a sdeaċ, agus do ṫoirmisgeaḃair an dream do ḃí ag dul a sdeaċ.
53Agus a nnáir duḃairt sé na neiṫese riú, do ṫionnsgnadar na sgriobuiḋe agus na Ṗairisíniġ consbóid ġéar do ḋéanaṁ ris, agus a ṫaḃairt air laḃairt ar ṁórán do neiṫibih: 54Ag luiġeaċan air, agus ag iárraiḋ neiṫer éigin do ġreamuġaḋ as a ḃéul, ann a naigeóraidis é.
Currently Selected:
Lúcas 11: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.