Lúcas 13
13
Caibidil XIII
Sompla ag brosduġaḋ go aiṫreaċus: 24 agus gur deacraċ sáoraḋ an anum re ḟaġail.
1Agus fá namsin féin tangadar dáoine áiriġe ċuige ag innisin sgéal do ṫáoḃ ṁuinntir na Galilé, ag ar ṁeasg Pioláit a ḃfuil ṫríd a nioḋbarṫuiḃ. 2Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé riu, An soiltisí gur ab mó na peacṫaiġ na Galiléeanuiġsi ná an ċuid eile do na Galiléeanaċuiḃ, ar son gur ḟuilngeadar a leiṫéide só? 3A deirimsi riḃ, Naċ mó: aċd, muna ndéantáoisi aiṫriġe, go sgríosfuiḋṫear siḃ euile mar an gcéadna. 4Nó an sáoiltí na hoċd ḃfir deag úd, air ar ṫúit an tor a Síloam, agus do ṁarḃ iád, gur ṁó na peacṫaiġ iád ná gaċ áoin nduine eile dá raiḃ na gcoṁnuiḋe a Niárúsalém? 5A deirim riḃ, Naċ ar ṁó; aċd mona ndéarntáoisi aiṫriġe, go sgriosfuiḋṫear siḃ uile mar an gcéadna.
6Agus mar an gcendna a duḃairt sé an ċosaṁlaċdsa; Do ḃí crann fige ag duine áirige curṫa ann a ḟíneaṁain; agus táinic sé diárruiḋ toraiḋ air, agus ní ḟuáir. 7Agus a duḃairt sé ris an ngárradóir, Féuċ, atáim ré trí bliáḋuiḃ ag teaċd diárruiḋ toruiḋ ar an gcrann fígsi, agus ní faġaim: gear é; cred fá gcungṁann sé an fearann go neaṁṫarḃaċ? 8Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ris, A ṫiġearna, leíg ḋó ar an mbliaḋainsi mar an gcéadna, nó go roṁraḋ mé na ṫimċeall, agus go gcnire mé áoileaċ fáoi: 9Agus má ḃeir sé toraḋ, léigfiḋ tú ḋó: aċd muna dtuga, géarrfuiḋ tú tar éisi sin é. 10Agus do ḃí sé ag teagasg a sínagóig áiriġe lá na sábbóide.
11Agus, féuċ, do ḃí bean a laṫair agá raiḃ spioraid éagcrúais lé hocd mblíaḋna déig: agus do ḃí sí crotaċ, agus niór ḃéidir lé í féin do ḋíoriuġaḋ air éanċor. 12Agus an tráṫ do ċunnair Iósa í, do goir sé ċuige í, agus a dúḃairt sé ría, A ḃean, atá tú sgáoilti ód éagcrúas. 13Agus do ċuir se a láṁa uirre: agus do rinneaḋ díreaċ ar ball í, agus tug sí glóir do Ḋía. 14Agus ar ḃfreagra dúaċdarán na sinagóge ar mbeiṫ diomġaċ ḋó, fá Iósa do ḋéanaṁ leiġis ann sa tsabboid, a duḃairt sé ris on bpubal, Atáid sé laéṫe ann ar coir obair do ḋéanaṁ; ar a naḋḃarsin gur ab ionnta sin ṫiocfas siḃ dá ḃur leiġeas, agus nar ab a lá na sabboide. 15Uime sin do ḟreagair an Tiġearna ḋó, agus a duḃairt sé, A ḟir an ḟúarċráḃuiḋ, a né naċ sgáoileann gaċ áon nduine agaiḃ féin a ḋaṁ nó a asal ón ṁainnsér lá na saḃóide, agus naċ beireann sé ċum uisge é? 16Agus an ḃeansa, atá na hinġin ag Abraham, noċ do ċuiḃriġ Sátan, a nois le hóċd mbliaḋna dég, a né nar ċoír a sgáoileaḋ ón ċuiḃreaċsa a lá na sábbóide? 17Agus an tan a duḃairt sé na neiṫesi, do ġaḃ náire gaċ áon nduine dá raiḃ a cur na aġaiḋ: aċd do ḃígáirdeaċas ar a tslúaġ uile tré gaċ uile ní glórṁar dá ndéarmiḋ seision.
18Agus a duḃairt sé, Cía lér cosṁuil rioġaċd Dé? agus cia ré saṁleóċaiḋ mé í? 19Is cosṁuil ré gráinne musdaird í, do ġaḃ duine ċuige, agus do ċuir sé ann a ġárrḋa; agus dfás sé, agus dó rinneaḋ crann mór ḋe, agus do rinneadar éanlaiṫ a naiéir néid ann a ġéaguiḃ. 20Agus a duḃairt sé a rís, Cia ré saṁlóċaiḋ mé rioġaċd Dé? 21Is cosṁuil í re laiḃín, do ġaḃ bean ċoice agus dfoluiġ sí a dtrí ḃeice mine, nó gur ġaḃ an tiomlán laiḃín. 22Agus do ċúaiḋ sé tri gaċ caṫair agus gaċ baile, ag teagasg, agus ag gáḃáil na sliġeaḋ go Hiérúsalem.
23Agus a duḃairt duine áiriġe ris, A Ṫiġearna, an beag do ṡlánuiġṫear? Agus a duḃairt seision ríu, 24Déanuiḋ ḃur ndiṫċeall ar ḋul a sdeaċ sa doras ċuṁann: óir a deirim riḃ, Is iomḋa dáoine iárrfas dul a sdeaċ, agus naċ búḋ éidir leó: 25O a nuáir fá néireóċaiḋ fear an tiġe, agus fá a ndúnfa sé a ḋóras, agus ṫionnsganuiḋ siḃsi seasaṁ a muiċ, agus an doras do ḃuálaḋ, ag ráḋ, A Ṫiġearna, A Ṫiġearna, osguil dúinne; agus ar ḃfreagra ḋósan a déara sé riḃ, Ní ḃfuil a ḟios agam cía bas dáoiḃ: 26Ann sin toiseóċṫáiusu a ráḋ, Do ḃimis ag iṫe agus ag ól an ḟiadnuisi, agus do ḃioṫá ag teagasg ann ar sráidiḃ. 27Agus a déaraiḋ sé, A deirim riḃ ní ḃfuil a ḟios agam cia bas dáoiḃ; imṫiġ úaim, uile a luċd déanta na béagcóra. 28An sin ḃiás gul agus gíosgán fíacal, a nuáir do ċifi Abraham, agus Isaac, agus Iácob, agus na fáiḋe uile, a ḃflaiṫeas Dé, agus siḃ féin dá ḃur dteilgean amaċ. 29Agus tiocfuid mórán ó nard ṡoir, agus ó naird ṡiár, agus ó ṫúaiḋ, agus ó ḋeas, agus suiḋfid síos a rioġaċd Dé. 30Agus, féuċ, ataíd dáoine ar deireaḋ ḃiás a dtosaċ, agus atáid a dtósaċ ḃiás ar deireaḋ.
31An lasin féin tangadar cuid airiġe do na Ṗairisíneaċuiḃ ċuige, ag raḋ ris, Imṫiġ amaċ, agus fág a náitsi: óir is mian ré Híoruáiṫ do ṁarḃaḋ. 32Agus a duḃairt seision ríu, Ar nimṫeaċ dáoiḃ, abruiḋ ris an tsionaċsin, Féuċ, teilgimsi deaṁain amaċ, agus dó ním leiġeas a niu agus a máraċ, agus críoċnóċar leam an treas lá. 33Aċd ċeana is éigin daṁ a niu, agus a máraċ, agus a noirrṫíor a ḃeiṫ ag siuḃal: oír ní héidir fáiġ bás faġáil táoḃ amuiċ do Iárusalém.
34O a Ierusalém, á Ierusalém, noċ ṁarḃas na fáiġe, agus ġaḃas do ċloċaiḃ ar na dáoiniḃ ċurṫar ċugad; gá ṁioncaċd bá mían leam do ċlann do ċruinniuġaḋ, mar ċruinniġeas an ċearc a gearrcuiġ fá na sgioṫánuiḃ, agus níor ḃáill liḃ! 35Féuċ, fágṫar ḃur dtiġ na ḟásaċ aguiḃ: Agus a deirimsi riḃ go fírinneaċ, Naċ ḃfaicfí misi, no go dtí a núair a naibeórṫáoi, Is beannaiġe an té ṫig a nainm an Tiġearna.
Currently Selected:
Lúcas 13: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.