Genesis 44
44
Caibidil XLIV.
Inntleaċt Ioseṗ do ċonḃail moille ar a Ḃráiṫriḃ. 14 Aṫċoinniḋ uirisle Iudah.
1Agus do aiṫin sé do ḟeaḋmanaċ a ṫiġe, ag raḋ, Lion saic na muinntire sin darḃar, oiread is ḟéadfuid do ḃreiṫ leó, agus cuir airgead gaċ éanduine aca a mbéul a ṡaic féin. 2Agus cuir mo ċupansa, an cupán airgid, a mbeul ṡaic an tí as óige, agus airgead a arḃa. Agus do rinne sé do réir a nfocail a duḃairt Ióseṗ ris. 3Agus coṁlúaṫ as déirġe an lá, do cuireaḋ na dáoine ar siúḃal, íad féin agus a nassail. 4Agus a nuáir do ċúadar amaċ as an gcaṫruiġ, agus naċ deaċadur a ḃfad fós, a dúḃairt Ióseṗ re na ḟeaḋmanaċ, Eiriġ suás, lean a ndiaiġ na muinntire úd; agus a nuáir ḃéurus tú orra, abair ríu, Cread fá ndearnaḃair olc a naġúiḋ maiṫeasa? 5Naċ é so é as a niḃionn mo ṫiġearna, agus go deiṁin lé ndéanann sé tairrgire? Is olc do rinneaḃair sin a ḋéanaṁ. 6Agus do rug sé orra, agus do laḃair sé ríu na bríaṫra céadna. 7Agus a duḃradursan ris, Cread fá nabair mo ṫiġearna na briaṫrasa? nar leigiḋ Día go ndéindís do ṡerḃísiġ do réir an neiṫesi: 8Féuċ, an tairgead, fúaramar a mbéuluiḃ ar sac, tugamar ċugadsa a nsuas a rís as tír Ċanaain e: cíonnus mar sin do ġoidfemís as tiġ do ṫiġearnasa ór nó airgead? 9Giḋ bé air biṫ dod ṡerḃíseaċuiḃ aga ḃfuiġṫear é, cuirṫear eision ċum báis, agus bimídne mar an gcéadna ar scláḃuiḋiḃ ag mo ṫiġearna. 10Agus a duḃairt seision, A nois uimesin bíoḋ sé réir do ḃríaṫarsa: gíḋ bé gá ḃfuiġṫear é, biaiḋ na ṡerḃíseaċ agamsa; agus beiṫíse neiṁċiontaċ. 11Ann sin do leagadur a nsúas gaċ éanḟear aca á ṡac féin go luaṫ go talaṁ, agus do oscuil gaċ éanduine a ṡac. 12Agus do spíon seision, agus do ṫosuiġ ris an tí fá ṡine, agus do ċríoċnuiġ ag an tí dob óige: agus do fríṫ an cupán a sac Ḃeniamin. 13Ann sin do reabadur á néadaċ, agus do ċuir gaċ éanduine a ṡac súas ar a asal, agus do ḟilleadur don ċáṫruiġ. 14Agus táinig Iúdah, agus a ḋearḃráiṫre ċum ṫiġ Ioseṗ; oír do ḃí sé annsin fós; agus do léigeadur iad fein ar a ttalaṁ na ḟiaḋnuiḋsi. 15Agus a duḃairt Ioseṗ rin, Cread an gníoṁso do rinneaḃair? naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ go ḃféadann duine mar misi fáiḋeadoireaċd do ḋéanaṁ? 16Agus a duḃairt Iudah, Créad a déaram réam ṫiġearna? créad láiḃeóram? nó cionnus ġlanfam sinn féin? do ḟoillsiġ Día éacceart do ṡerḃiseaċ: féuċ, is serḃísiġ ḋar ttiġearna sinne araon, agus an té ag ar fríṫ an cupán. 17Agus a duḃairt seision, Nár léige Día go ndeanuinnsi sin: aċd an té ag ar fríṫ an cupán na láiṁ biaiḋ sé na ṡeirḃíseaċ agam; agus ar ḃur sonsa, éirgiḋ roṁuiḃ súas go síoṫċanta a cceann ḃur naṫar. 18Ann sin táinic Iudah a ḃfogus dósan, agus a duḃairt sé, Oh a ṫiġearna, guiḋim ṫú léig dot ṡerḃiseaċuiḃ focal do laḃairt a néisdeaċd mo ṫiġearna, agus ná lasaḋ ṫfearg a naġuiḋ do ṡerḃísiġ: oir is ionann tú agus Ṗárao. 19Do ḟíafruiġ mo ṫiġearna dá ṡerḃiseaċuiḃ, ag ráḋ, An bḟuil aṫair, nó dearḃraṫair aguiḃ? 20Agus a duḃramairne rem ṫiġearna, Atá aṫair aguinn, seanduine, agus leanaṁ rugaḋ ḋó na aois ḟoirfe, leanaṁ beag; agus fuair a ḋearḃraṫair bás, agus do fágḃaḋ é, féin na áonar óna ṁaṫair, agus atá gráḋ agá aṫair air. 21Agus a duḃairt tusa réd ṡerbiseaċaiḃ, Tugaiḋ ċugamsa a nsúas é, ar ċor go ḃfaicfiḋ mé é dom ṡúiliḃ. 22Agus a duḃramairne rem ṫiġearna, Ni ḟéadann an leanaṁ a aṫair dfagḃáil: óir dá ḃfagḃaḋ sé a aṫair, do ġeaḃa a aṫair bás. 23Agus a duḃairt tusa réd ṡerḃiseaċaiḃ, Muna ttí ḃur ndearḃraṫair ḃus óige liḃ a nsuas, ní ḟaicfiḋe mo ġnúis níos mó. 24Agus tárla a nuáir do ċúamairne súas a gcionn ar naṫar, do ṡeirḃiseáċ, gur inniseamar briaṫra mo ṫiġearna ḋó. 25Agus a duḃairt ar naṫair, Eirgiḋ a rís, agus ceannċuiġ ḋuinn beagán lóinn. 26Agus a duḃramairne, ní ḟéadmaoidne dul síos; má ṫig ar ndearḃraṫair is óige linn ann sín raċum síos; óir ni ḟeadmaoid aġuiḋ a nóglaoiċ dfaicsin, muna raiḃ ar ndearḃraṫair is óige linn. 27Agus a duḃairt do ṡerḃiseċ máṫair rinn, Atá a ḟios aguiḃ go rug mo ḃean días mac ḋaṁ: 28Agus do ċuáiḋ duine aca amaċ uáim, agus a duḃairt mé, Is deiṁin go ndéarnaḋ greamanna ḋe; agus ní ḟaca mé ó sín é. 29Agus má ḃearṫaói so uáim, agus go nimeoċuiḋ tubaisde air, do bearṫaói mo ġrúag líaṫ maille ré doilġios síos ċum na huáiġe. 30A nois uime sin a nuáir ṫiocfas misi mar a ḃfuil do ṡerḃíseaċ maṫair, agus naċ bía an leanaṁ linn; ó atá a anamsan ceangaílte a nanam an leiniṁ; 31Tiocfaiḋ as sin, a nuáir do ċife sé naċ biaiḋ an leanaṁ linn, gó ḃfuiġe sé bás: agus do ḃéuriḋ do ṡerḃísiġ grúagliaṫ, da ṡeirḃiseaċ ar naṫar maille ré doilġios síos ċum na huaiġe. 32Oír do ċuaiḋ dó ṡerḃiseaċ a nurruḋas air an leanaṁ dom aṫair, ag raḋ, Muna ttugaḋ mé ċugad é, biáíḋ aiṫḃear go bráṫ ag maṫair orumsa. 33Annois ar an aḋḃar sin, guiḋim ṫú, connuiṁ do ṡerḃíseaċ a náit an léiniṁ na scláḃuiḋe ag mo ṫiġearna; agus léigṫear don leanaṁ dul súas lé na ḋearḃráiṫriḃ. 34Oír cionnus raċus misi súas go nuige máṫair, agus gan an leanaṁ liom? deagla go tteigeoṁaḋ go ḃfaicfinn an doċar do ṫiocfaḋ ar máṫair.
Currently Selected:
Genesis 44: BedellG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.