YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 43

43
Caibidil XLIII.
Filleaḋ na mbraṫar maille le Beniamin. 16 Noċ da ttug Ióseṗ cuireaḋ riḋṁeaċ.
1Agus do ḃí an ġorta go ro ṁór sa tir. 2Agus tárla, a nuáir a dúadar an tarḃar noċ tugadar as a Négipt, go nduḃairt a naṫair riu, Eirġiḋ fós, ceannċuiḋ ḋuinn beagán bíḋ. 3Agus do laḃair Iúdah ris, ag ráḋ, Do ḋearḃ an tóglaċ ḋuinn ag raḋ, Ní ḟaicfiḋe mo ġnúis, muna ttucṫaói ḃur ndearḃraṫair liḃ. 4Má ċuirionn tusa ar ndearḃraṫair linn, raċam síos agus ceinneaċam beaṫa ḋuit: 5Aċd muna ccuire tú linn é, ni raċam síos: óir a duḃairt an tóglaċ rinn, Ní ḟaicfiḋe mo ġnúis, muna raiḃ ḃur ndearḃraṫair liḃ. 6Agus a duḃairt Israel, Cread as a ndearnaḃair an tolc so oram, gur inniseaḃair do nóglaċ go raiḃ dearḃráṫair eile aguiḃ? 7Agus a duḃradursan, Do ḟíafruiġ an tóglaċ go cruáḋógaċ ḋínn, ar staid, agus ar gcinéul, ag ráḋ, An ḃfuil ḃur naṫair beó fós? an ḃfuil dearḃraṫair eile aguiḃ? agus do innisimairne ḋó reir bríġe na mbriaṫarsa: nar ḃféidir ḋuinn a ḋeirḃḟios do ḃeiṫ aguinn, go naibéoraḋ sé, tuagiḋ ḃur ndearḃraṫair liḃ? 8Agús a duḃairt Iúdah re Hisrael, a aṫair, Cuir an leanaṁ liomsa, agus éireóċam; ionnus go mbíam beó, agus naċ éagfam, sinn féin, agus tusa, agus ar náos óg. 9Biaiḋ misi a nurraḋas duit air; as mo láiṁsi íarrfas tú é: muna ttuga mé ċugad é, agus a ċur as do ċoinne, ann sin bíoḋ aiṫḃear go bráṫ orum: 10Oír muna ndearnamaóis faddail, is dearḃ go mbemís a nois air ar nais an dara huáir. 11Agus a duḃairt Israél a naṫair ríu, Más éigion a ḃeiṫ mar sin a nois, déanuiġ so; beiriġ liḃ na tórrṫa is féarr sa tír ann ḃur soiṫiġiḃ, agus beiriḋ síos ċum a nóglaoiċ tioḋlacaḋ, beagán balma, agus beagán meala, spíosra, agus miorr, cnó, agus almoinne: 12Agus beiríḋ airgead dúbalta ann ḃur láiṁ; agus an tairgead tugaḃair liḃ a rís a mbéuluiḃ ḃur sac, beiriḋ liḃ a rís ann ḃur láiṁ é; do béidir gur mainneaċdna é: 13Beiriḋ liḃ mar an gcéadna ḃur ndearḃraṫair, éirgiḋ, agus imṫiġiḋ a rís gus a nóglaċ: 14Agus Día uile ċuṁaċdaċ do ṫaḃairt grás díḃ a laṫair a nóglaoiċ, ionnus go ccuirfiḋ sé liḃ ḃur ndearḃraṫair eile, agus Beniamin, Ma ċaillimsi mó ċlann, do ċaill me meféin. 15Agus do ġlacadur na fir na tioḋlaicṫe, agus do ġlacadar airgead dúbulta na láiṁ, agus Beniamin; agus do éirġeadur súas, agus do ċuadar síos do Négipt, agus tangadur a laṫair Ióseṗ. 16Agus a nuáir do ċonnairc Ióseṗ Beniamin maille riu, a duḃairt sé re feaḋmannaċ a ṫiġe, Taḃair na fir so dom ṫiġ, agus marḃ, agus uilṁuiġ; óir is agamsa íosaid na daoine so san meaḋon laói a niuġ. 17Agus do rinne an tóglaċ mar a duḃairt Ióseṗ ris; agus tug an tóglaċ na daóine a steaċ go tiġ Ióseṗ. 18Agus do ḃí eagla ar na daóiniḃ, do ċionn mar tugaḋ a steaċ go tiġ Ióseṗ íad; agus a duḃradur, Is ar son a nairgid do filleaḋ ann ár sacuiḃ an ċéad uáir; tugaḋ a steaċ sinn; go maḋ féidir ris cúis díarruiġ ar naġuiḋ, agus luiḋe oruinn, agus ar nglacaḋ mar ḋaóiniḃ daora, agus ar nassail. 19Agus tangadur a ḃfogus do ḟeaḋmannaċ tiġe Ioseṗ, agus do laḃradur ris ag dorus an tiġe, 20Agus duḃradur, A ṁaiġisdir, ṫangamar a nsúas go deiṁin an ċéad uáir do ċeannaċ bíḋ: 21Agus tárla ḋúinn, a nuáir ṫangamar don tiġ ósta, gur osglamar ar saic, agus, féuċ, go raiḃ airgead gaċ áonduine aguinn a mbéul a ṡaic, ar nairgead a ccoṁṫrom iomlán: agus tugamar linn a ris é nar láiṁ. 22Agus tugamar airgead eile linn nar láiṁ do ċeannaċ bíḋ: ní feas dúinn cía ċuir ar nairgead ann ar sacuiḃ. 23Agus a duḃairt seision, Sioṫċáin maille riḃ: ná bíoḋ eagla oruiḃ; ḃur Ndía, agus Día ḃur naṫar ṫug ionnṁus díḃ ann ḃur sacuiḃ: do ḃí ḃur nairgead agamsa. Agus tug sé Simeoin amaċ ċugṫa. 24Agus tug an tóglaċ na daóine a steaċ go tiġ Ioseṗ, agus tug uisge ḋóiḃ, agus do niġeadur a ccossa; agus tug bíaḋ da nassaluiḃ. 25Agus do rinneadur na tioḋlaicṫe réiḋ a ccoinne Ioseṗ do ṫéaċd san ṁeaḋon laói: óir do ċúaladur go níosaidís arán ann sin. 26Agus a nuáir ṫáinig Ióseṗ ḋa ṫiġ, tugadur ċuige na tioḋlaicṫe do ḃí ann a láiṁ don tiġ, agus do ohláonadur íad féin go talaṁ ḋó. 27Agus do ḟíafruiġ sé ḋíoḃ an raḃas go maiṫ aca, agus a duḃairt sé, An ḃfuil ḃur naṫair go maiṫ? an seanduine air ar laḃraḃair, an ḃfuil sé béo fós? 28Agus do ḟreagradarsan, Atá do ṡeirḃíseaċ ar naṫairne a slainte ṁaiṫ, atá sé beó fós. Agus do ċromadar síos a ccinn, agus do rinneadur nṁla. 29Agus do ṫóg seision a ṡúile, agus do ċonnairc a ḋearḃraṫair Beniamin mac a ṁaṫar, agus a duḃairt, A né so ḃur ndearḃraṫair as óige, air ar laḃraḃair rium? Agus a duḃairt sé, Go raiḃ Día grásaṁuil duit, a ṁic. 30Agus do rinne Ióseṗ deiṫneas; óir do ḃí a ċroiḋe ag lúṫ re na ḋearḃraṫair: agus do íarr áit a nguilfioḋ; agus do ċuáiḋ a steaċ dá ṡeómra, agus do ġuil ann sin. 31Agus do ionnuil a aġuiḋ, agus do ċuáiḋ amaċ, agus do ċonnuiṁ aír féin, agus a duḃairt, Cuír arán ann so. 32Agus do ċuiredar ní rompa ḋósan leis féin, agus dóiḃsion leó féin, agus do na Hégiptiḃ, a duáiġ na ḟoċair, leó féin: do ċionn nar ḃféidir do na Hégiptiḃ arán diṫe leis na Heaḃruiġiḃ; óir is morġráin sin ag na Hégiptiḃ. 33Agus do ṡuiġeadur as a ċoinne, an tí fá sine do réir a ċéirt-beirṫe, agus an té dob óige do reir a ógántaċd: agus do ḃí iongnaḋ ag na daoiniḃ ann a ċéile. 34Agus do ġlac seision agus do ċuir míasa bíḋ ċuca ona ḃord féin: giḋeaḋ fá mó oirċeasaċd Ḃeniamin cuig uáire ná cuid áonduiné acasan. Agus doiḃeadar, agus do ḃádur suḃaċ aige.

Currently Selected:

Genesis 43: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in