YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 42

42
Caibidil XLII.
Teaċd ḋearḃraiṫre Ióseṗ don Egipt. 7 Le caíl eascaoin ċeasdnuiġ sé íad 24 Noċd arís a ċaoin doíḃ.
1A nuair do ċonnairc Iácob go raiḃ arḃar sa Négipt, a duḃairt Iácob ré na ċloinn: créud fa ḃfuiltí ag féaċuin ar a ċéile? 2Agus a duḃairt seision, féuċ, do ċúala mé go ḃfuil arḃar sa Négipt: éirgiḋ síos ann sin, agus ceannċaiḋ ḋúinn; as sin ionnus go mairfeam, agús naċ ḃfuġeam bás. 3Agus do ċúadar deiṫneaṁar dearḃráṫar Ióseṗ síos do Négipt do ċeannaċ arḃa. 4Aċ níór ċuir Iácob Beniamin, dearḃráṫair Jóseṗ, le na ḋearbráiṫriḃ; óir a duḃairt sé, ar eagla go nimeoċaḋ tubuiste air. 5Agus tangadur mic Israel do ċeannaċ arḃa a measc na ndaoine ṫáinic: óir dó ḃí an ġorta a ttír Ċánaain. 6Agus dob é Ióseṗ dob uaċdarán ós cionn na tíre uile, agus is eision do reacaḋ ré daoiniḃ na tíre úile agus tangadar dearḃráiṫre Ióseṗ, agus do uṁluiġéadur íad féin sios dá laṫair lé na naigṫiḃ go talaṁ. 7Agus du ċonnairc Ióseṗ a ḋearḃráiṫre, agus do aiṫin íad, aċ do ċonnaiṁ é féin úaṫa, agus dó laḃair go garḃ ríu: agus a duḃairt ríu, cáit as a ttangaḃairsi? Agus a duḃradarsan, as tir Ċánaain, do ċeannaċ bíḋ. 8Agus do aiṫin Ióseṗ a ḋearḃráiṫre, agus nior aiṫniġeadursan eision. 9Agus do ċuiṁniġ Ióseṗ air a naisling do ċonnairc sé na ttimċiollsán, agus do ráiḋ ríu, Is luċd braṫa siḃ tangaḃair dféaċuin éadaingneaċ na tíre. 10Agus a duḃradursan ris, Ní heaḋ a ṫiġearna, aċ do ċeannaċ bíḋ tangadar do ṡerḃísiġ. 11Is clann éanaṫar sinn uile: is daóine fírinneaċa sinn, ní luċd braṫa do ṡerḃísiġ. 12Agús a duḃairt seision riu, Ní heaḋ, aċd is dféaċuin éadaingneaċ na tíre ṫangaḃair. 13Agus a duḃradarsan, da dearḃraṫair ḋeag atáid do ṡerḃisiġ, mic éanduine aṁain a ttír Ċánaain; agus, féuċ, atá an mac as óige a ḃfoċair ar naṫár, agus áon naċ ḃfuil. 14Agus a duḃairt Ióseṗ ríu, Sé sin an ní do laḃair mé riḃ, da ráḋ, Is luċd braṫa siḃ. 15Is mar so dearḃoċar siḃ: dar anum Ṗárao ni reaċṫáoi amaċ as so, muna ttí ḃur ndearḃraṫair as óigé annso. 16Cuiriḋ duine aguiḃ ar siuḃal, agus tugaḋ sé ḃur ndearḃraṫaír leis, agus coinneoċṫar siḃsi a bpríosún, nó go ndearbṫar ḃur mbríaṫra, an ḃfuil fírinne ionnuiḃ: nó dar anum Ṗárao, go dearḃṫa is luċd braṫa siḃ. 17Agus do ċuir sé íad uile a bpríosún go ceann ṫrí lá. 18Agus a duḃairt Jóseṗ ríu an treas lá, Déanuiġ mar so, agus mairiḋ: óir atá eagla Dé orum. 19Mas dáoine fírinneaċa siḃ, fágḃuiḋ áon da ḃúr ndearḃráiṫriḃ a ttiġ ḃur bpriosúin: iṁṫiġiḋse, beiriḋ arḃar liḃ ar son gorta ḃur ttiġṫe. 20Aċ tuguiḋ ḃur ndearḃraṫair as óige ċugamsa; mar sin ḟíorfuiġear ḃur mbríaṫra, agus ní ḃfuiġṫí bás. Agus do rinneadur aṁluiḋ sin. 21Agus a duḃradur eatorra féin, Atámaoid go deiṁin ciontaċ a ttaoḃ ar ndearḃraṫar, do ḃriġ go ḃfacamar doilġios a anma a nuáir do ġuiḋ sé sinn, agus nar éisdeamar ris; is uime sin ṫáinig an ṁairgse oruinn. 22Agus do ḟreagair Reuben íad, dá raḋ, Naċ ar laḃair misi riḃ, dá raḋ; Ná peacuiġiḋ a naġaiḋ an leiniṁ; agus níor éisdeaḃhair rium? ar a naḋḃarsin, féuċuiḋ, mar an cceadna, atá a ḟuil dá leanṁuin oruiḃ. 23Agus ní raiḃ a ḟios aca gur ṫuig Ióseṗ íad; óir is lé fear edirṁíniġṫe da laḃair sé ríu. 24Agus do iompoiġ a ċúl ríu, agus do ġuil sé; agus do ḟill orra a ris, agus do ḃí ag cóṁráḋ ríu, agus rug sé Símeon úaṫa, agus do ċeanguil é as coinne a súl. 25Ann sin do aiṫin Ióseṗ a saic do lionaḋ, agus cuid airgid gaċ nduine aca do ċur na ṡac féin, agus lónn do ṫaḃairt dóiḃ ċum na sliġeaḋ: agus is marso do rinne sé ríu. 26Agus do ualuiġeadur a nassail leis a narḃar, agus do imṫiġeadur as sin. 27Agus a nuáir do oscuil fear aca a ṡac do ṫaḃairt próantair dá assal sa tiġ ósda, do ċonnairc sé a ċuid airgid; óir féuċ, do ḃí sé a mbéul a tsaic. 28Agus a duḃairt sé re na ḋearḃraiṫriḃ, Do haisigeaḋ mo ċuid airgid; agus, féuċ, atá sé ann mo ṡac: agus do laguiḋ sin a ccroiḋṫe, agus do ḃí eagla orra, da ráḋ eaturra féin, Créad an ní si do rinne Día rinn? 29Agus tangadur go Iácob a naṫair go tír Ċánaain, agus do inniseadur ḋó gaċ ní dá ttárla ḋoiḃ; dá ráḋ, 30An té, is tiġearna ar an tír, do laḃair sé go garḃ rinn, agus do ġlac sinn mar luċd braṫa ar an dtír. 31Agus a duḃramairne ris, Is dáoine fírinneaċa sinn; ní luċd braṫa sinn: 32Atámáoid da ḋéag, ḋearḃraṫair mic ar naṫar; atá aon naċ ḃfuil, agus atá an mac is óige san ló a niuġ a ḃfoċair ar naṫar a ttí Ċánaain. 33Agus an tóglaċ, tiġearna na tíre, a duḃairt sé rinn. As mar so aiṫeónus mé gur dáoine fírinneaċa siḃ: fágḃuiḋ áon dá ḃur ndearḃraiṫriḃ agamsa annso, agus beiriḋ beaṫa liḃ ar son gorta ḃur tteaġlaċ, agus biṫí ag imṫeaċd: 34Agus tugaiḋ ḃur ndearḃráṫair is óige ċugamsa: annsin aiṫeónus mé naċ luċd braṫa siḃ, aċ gur dáoine fírineaċa siḃ: mar sin do ḃéura mé ḃur ndearḃraṫair ḋiḃ, agus do ġeaḃṫaói ceannuiġeaċd ansa tír. 35Agus féuċ tárla a nuáir do ḟolṁuiġeadur a saic, go raiḃ ceanglaċán airgid gaċ éanduine ann a ṡac féin: agus a núair do ċoncadar féin, agus a naṫair na ceanglaċain airgid, do ḃi eagla orra. 36Agus a duḃairt Iacob a naṫair ríu, Do ḃeanaḃair mó ċlann díom, ní ḃfuil Ióseṗ ann, agus ni ḃfuil Simeon, agus béurṫáoi Beniamin uáim: ataid na neiṫesi uile am aġuiḋ. 37Agus duḃairt Reuben ré na aṫair, da ráḋ, Marḃ mo ḋías macsa, muna ttuga mé ċugad é: taḃair am láiṁsi é, agus do ḃéura mé ċugad a rís é. 38Agus a duḃairt seision, Ni raċa mo ṁacsa liḃ síos; óir déug a ḋearḃraṫair, agus do fágḃaḋ eision na áonar; mé ḃeanann tubuisde ḋó sa tsliġe ann a raċṫaóisi, ann sín béurṫaoi mo ġrúaglíaṫsa maille re dóbrón ċum na huáiġe.

Currently Selected:

Genesis 42: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in