YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 36

36
Caibidil XXXVI.
Tríur ban Esau. 9 O attainíg siol Edom. 31 Agus iomḋa Rí.
1Anois a síad so geinéaluiġ Esau, ré ráiḋter Edom. 2Tug Esau a ṁná dinġeanuiḃ Ċánaain; Adah inġean Elon an Hititeaċ, agus Aholibamah inġean Anah, inġean Sibeon an Hiḃiteaċ, 3Agus Basémat, inġean Ismael, deirḃṡíur Nebaiot. 4Agus rug Adah do Esau Eliṗas; agus rug Basémat Reuel. 5Agus rug Aholibamah Ieus, agus Iaalam, agus Córah: síad so mic Esau noċ rugaḋ ḋó a ttír Ċánaain. 6Agus do ṫóg Esau leis a ṁná, agus a ṁic, agus a inġeana, agus a nuile ṗearsa dá ṫeaġlaċ, agus a áirnéis, agus a uile ainṁintiġe, agus a ṡubstaint uile, noċ fúair sé a ttír Ċánaain; agus do ċuáiḋ fan tír, ó aġuiḋ a ḋearḃraṫair Iacob. 7Oír buḋ ṁo a saiḋḃrios ná mar do ḟéadadur diomċar láiṁ récéile: agus an tír ann a raḃadur na gcoiṁiġṫiḃ, níor ḟéad sí a niomċar le hiomad a máoine. 8Marso do áitreḃ Esau a gcnoc Seir: a sé Esau Edom. 9Agus a síad so geinealuiġ Esau aṫair na Nédomiteaċ a gcnoc Seir. 10A síadso anmanna ṁac Esau: Eliṗas mác Adah, bean Esau; Reuel mac Ḃasémat, bean Esau. 11Agus dob iad mic Eliṗas, Témon, Omar, Séṗo agus Gátam, agus Cénas. 12Agus do ḃí Timnah na leannán ag Eliṗas mac Esau, agus rug sí Deliṗas Amalec: dob íad so mic Adah bean Esau. 13Agus dob íad so mic Reuel; Nahat, agus Sérah, Sámaċ, agus Misah: dob iád so mic Ḃasémat bean Esau. 14Agus dob íad so mic Aholibamah, inġean Anah, inġean Sibeóin, bean Esau: agus rug sí do Esau Ieus, agus Iaalam, agus Córah. 15Dob íad so Duiḃciḋe ṁac Esau: mic Eliṗas cédġin Esau Duiḃce Témon, Duiḃce Omar, Duiḃce Seṗo, Duiḃce Cénas. 16Duiḃce Córah, Duiḃce Gátam, Duiḃce Amalec; asíadso na Duiḃciḋe ṫáinig ó Eliṗas a ttír Edom; dob íad so mic Adah. 17Agus asíadso mic Reul ṁac Esau: Duiḃce Nahat, Duiḃce Sérah, Duiḃce Sámah, Duiḃce Missah: a síad so na Duiḃciḋe ṫáinic ó Reul a ttír Edom: a síad so mic Ḃasémat bean Esau. 18Agus is íad so mic Aholibamah bean Esau; Duiḃce Ieus, Duiḃce Iaálam, Duiḃce Córah: a síad so na Duiḃciḋe ṫáinic ó Aholibamah inġean Anah bean Esau. 19A síad so mic Esau (noċ is Edom) agus a síad so a Nduiḃciḋe. 20A síad so mic Ṡeir an Horiteaċ noċ do áitriḃ an dúṫaiḋ: Lótan, agus Sóbal agus Sibéon, agus Anah, 21Agus Díson, agus Eser, agus Dísan: is íad so Duiḃciḋe na Horiteaċ clann Ṡeir a ttír Edom. 22Agus is íad so clann Lótain; Hóri, agus Héman: agus deirḃṡíur Lótain Timnah. 23Agus dob íad so clann Hobail; Alḃan, agus Manahat, agus Ebal, agus Séṗo, agus Onam. 24Agus is íad so clann Ṡibeóin; aráon Aiah, agus Anah: sé so Anah, noċ fuáir na muilliḋe san ḃfásaċ mar do ḃí ag beaṫuġaḋ asal Ṡibeóin á aṫar. 25Agus dob íad so clann Anah, Díson, agus Aholibamah inġean Anah. 26Agus dob íad so clann Ḋísoin Hemdan, agus Esban, agus Itran, agus Ċéran. 27Agus á síad so clann Eser: Bilhan, agus Saaḃan, agus Acan. 28Agus a síad so clann Ḋísain: Us agus Aran. 29A síad so na Duiḃciḋe ṫáinic do na Hóriteaċuiḃ; Duiḃce Lótan, Duiḃce Sóbal, Duiḃce Sibeon, Duiḃce Anah, 30Duiḃce Díson, Duiḃce Eser, Duiḃce Dísan: is íad so na Duiḃciḋe ṫáinig ó Hóri, a measg a Nduiḃciḋe a ttír Ṡeir. 31Agus a síad na ríġṫe so fuáir ríoġaċd a ttír Edom: suil dó ḃí éinriġ a rioġaċd ós cionn ċloinne Isráel. 32Agus Béla ṁac Beor do ḃí a rioġaċd a Nédom: agus ainm a ċaiṫreaċ Dinhabah. 33Agus fuáir Béla bás, agus Ióbab ṁac Sérah ó Ḃosra fá ríġ na áit. 34Agus do éug Ióbab, agus Husam ó ṫír Ṫemáni fa ríġ na áit. 35Agus do éug Husám, agus Hádad ṁac Bédad, noċ do ḃuáil Midian air ṁaġ Móáb, fá ríġ na áit: agus dob é ainm a ċaiṫreaċ Aḃit. 36Agus do éug Hádad, agus Samlah ó Ṁasrecah fá ríġ na áit. 37Agus do éug Samlah, agus Saul ó Rehoboṫ ó naḃuinn, fá ríġ na áit. 38Agus do éug Saul, agus Baalhanan ṁac Aċbor fa ríġ na áit. 39Agus do éug Baalhanan ṁac Aċbor, agus Hádar fa ríġ na áit; agus dob é ainm a ċaiṫreaċ Pau; agus dob é ainm a ṁná Mehetabel, inġean Ṁatread, inġean Ṁesahab. 40Agus a síad so anmanna na Nduiḃceaḋa ṫáinic ó Esau, do réir a muinntire ar lorg a naiṫreaċ ann a nanmannuiḃ: Duiḃce Timnah, Duiḃce Alḃah, Duiḃce Ietet. 41Duiḃce Aholibamah, Duiḃce Elah, Duiḃcé Pínon, 42Duiḃce Cénas, Duiḃce Téman, Duiḃce Mibsar, 43Duiḃce Magdiel, Duiḃce Iram: is íad so Duiḃciḋe Edom do réir a náitreaḃa, a ndúṫaiġ a seilḃe; sé sin Esau aṫair na Nédomiteaċ.

Currently Selected:

Genesis 36: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in