Genesis 35
35
Caibidil XXXV.
Táinic Jacob go Betel. 16 Fuair Ráċel bás ar an tsliġe re breiṫ Ḃeniamin. 28 Deúg agus daḋlaiceaḋ Isaac.
1Agus a duḃairt Día ré Iácob, Eiriġ, imṫiġ súas go Bétel agus coṁnuiġ ann sin: agus déun altóir ann do Ḋía noċ do ḟoillsiġ é féin duit a nuáir do ṫeiṫ tú ó laṫair do ḋearḃraṫar Esau. 2Ann sin a duḃairt Iacob ré na ṁuinntir, agus ré a raiḃ na ḟoċair uile, Cuiriḋ uáiḃ na deé coiṁiġṫeaċa atá eadruiḃ, agus bíġí glan, agus aṫruiġiḋ ḃur néudniġe: 3Agus éirġeam agus teannum súas go Bétel, agus do ḋéana misi altóir ann do Ḋía, noċ do ḟreagair mé a nam mo ċrúaḋóige, agus do ḃi liom ann gaċ sliġe ar ġaḃus. 4Agus tugadur do Iácob a raiḃ do ḋéeiḃ coiṁiġṫeaċa ann a láṁuiḃ, agus a raiḃ dfainniḃ-cluas na gcluasuiḃ; agus do ḟoluiġ Iácob íad faói an daruiġ noċ do ḃí laiṁ ré Seċem. 5Agus do ġluáiseadur; agus do ḃí eagla Dé ar na caiṫreaċuiḃ do ḃí gaċa táoḃ ḋioḃ, agus níor leanadar síad clann Iácob. 6Mar sin ṫainíc Iácob go Lus, noċ atá a ttír Ċánaan, eaḋon Bétel, é féin agus a raiḃ aige uile. 7Agus do rinne altóir ann, agus do ġoir El-Bétel do náit: do ċionn gurob ann do ṫaisbéin Día é féin dó, a nuair do ṫeiṫ sé ó laṫair a ḋearḃraṫar. 8Aċ fuáir Debora banaltra Rebecah bás, agus do haḋlaiceaḋ í táoḃ ṡíos do Ḃétel faói ḋaruiġ: agus do goireaḋ Allonbaċut dainm ḋe. 9Agus do ṫaisbéin Día a rís é féin do Iácob, a nuáir ṫáinic sé amaċ as Páda-Aram, agus do ḃeannuiġ sé é. 10Agus a duḃairt Día ris, Iácob as ainm ḋuitsi; ni goirfiġear feasda Iácob ḋíot, aċ Israel ḃus ainm ḋuit: agus do ġoir sé Israel dainm ḋe. 11Agus a duḃairt Día ris, Is misi Día uile ċuṁaċdaċ: bí siolṁar agus foírlíon; tiocfuiḋ cineaḋ agus morán do ċiniḋeaċuiḃ uáid, agus tiocfaid ríġṫe amaċ ód ḟorḋronnuiḃ; 12Agus an dúṫaiḋ tug misi do Abraham, agus do Isaac, do ḃéura mé ḋuitsi í, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ do ḃéura mé an dúṫaiġ sin. 13Agus do ċuáiḋ Día úaḋ súas sa náit a raiḃ ag caint ris. 14Agus do tóg Iácob piléir sa náit a raiḃ ag caint ris, eaḋon pileir cloiċe, agus do ḋóirt ofrail diġe air, agus do ḋóirt ola air. 15Agus tug Iácob Bétel dainm ar a náit a raiḃ Día ag caint ris. 16Agus do aistriġeadur ó Ḃétel; agus ní raiḃ aċ sliġe ġearr ag teaċd go Heṗrat: agus do ġaḃ teinnios cloinne Ráċel, agus fuáir sí saoṫar docaṁlaċ. 17Agus tárla a nuair do ḃí sí ann a sáoṫar éigeantaċ, go nduḃairt an ḃean ċunganta ría, Ná bíoḋ eagla ort; biáiḋ an macsa agad mar an gcéadná. 18Agus tárla, a nuáir do ḃí a hanam ag dul aiste, (óir fuáir sí bás) gur goir sí Benoni dainm ḋe: aċ tug a aṫair Beniamin dainm air. 19Agus fuáir Ráċel bás, agus do haḋluiceḋ í ar a tsliġe a ngaḃṫaoi go Héṗrat, noċ re raiḋtior Bétlehem. 20Agus do ċuir Iácob Piléir ar a huáiġe: sé sin Piléir uáiġe Ráċel gus a niuġ. 21Agus do aistriġ Israel, agus do leaṫnuiġ a ṗubuil táoḃ ṫall do ṫor Edar. 22Agus tárla, a nuáir do ḃí Israel ná ċoṁnuiġe sa duṫaiġ sin, go ndeaċuiḋ Reuben, agus gur luiġ re Bilhah leannán aṫar: agus do ċúaluiḋ Israel sin. A nois clann Iácob bá ḋá ḟear ḋéag iad. 23Mic Léah Reuben céidġin Iácob, Símeon, agus Léḃi, agus Iúdah agus Issaċar, agus Sebulun. 24Mic Ráċel; Ióseṗ, agus Beniamin. 25Mic Ḃilhah, cuṁal Ráċel; Dan agus Naṗtali. 26Agus mic Silpah, cuṁal Léah; Gad agus Assur. Asíad so mic Iácob, noċ do rugaḋ ḋó a Bpádan-Aram. 27Agus táinic Iácob go nuige a aṫair Isaac go Mamre go caṫruiġ Arbah, (eaḋon Hébron) áit ar ċoṁnuiḋ Abraham agus Isaac. 28Agus dob íad láeṫe Isaac céud agus ceiṫre fiċid blíaḋan. 29Agus do ṫiomun Isáac a spiorad suas, agus fúair bás, agus do cruinniġeaḋ ċum a ḋaóine é, ar mbeiṫ foirfe lán dáois dó: agus do aḋlaiceadur a ċlann Esau agus Iácob é.
Currently Selected:
Genesis 35: BedellG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.