YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 34

34
Caibidil XXXIV.
Dó Truailliġeaḋ Dínah. 13 Caiṫfid mic Iácob le ceilg súd do ḋíoġlaḋ ar aitreoiriḋ Ṡéċem.
1Agus do ċuáiḋ Dinah inġean Léah, noċ rug sí do Iácob, amaċ dféaċuin inġeana na tíre. 2Agus a nuáir do ċonnairc Seċem ṁac Hámor an Hiḃiteaċ, prionnsa na críċe í, do rug sé uirre, agus do luiġ sé lé, agus do ṫruáilliġ sé í. 3Agus do ḃí a anam ceangailte do Ḋínah inġean Iácob, agus do gráḋuiġ sé í, agus do laḃair go cinealta ris an gcailín. 4Agus do laḃair Seċem ré na aṫair Hámor, ag ráḋ, Faġ ḋaṁsa an cailínsi na mnaói. 5Agus do ċualuiḋ Iácob gur ṫruailliġ sé a inġean Dínah: a nois do ḃádur a ċlann san ṁaċaire ag a nairnéis: agus do ṫoċd Iácob nó go ttáinic síad. 6Agus do ċúáiḋ Hámor aṫair Ṡeċem amaċ do ċoṁráḋ ré Iácob. 7Agus tangadur mic Iácob ón ṁaċ amuiġ a nuáir do ċualadur sin: agus do ġlac doilġios íad, agus do ḃádur na fir ro ḟeargaċ, fa go ndéarna sé leiṁe a naġaiḋ Israel tré luiġe lé hinġin Iácob; ní nar ḋliġṫeaċ do ḋeanaṁ. 8Agus do rinne Hámor coṁráḋ ríu, agus a duḃairt, Atá anam mo ṁic Seċem lán dfonn hinġine: aṫċuinġim ort a taḃairt dó na mnaói. 9Agus déanuiḋsi cleaṁnuis rinne, agus tugaiḋ ḃur ninġeana ḋúinn, agus glacuiḋ ar ninġeana ċuguiḃ. 10Agus áiteoċṫáoi nar ḃfoċair: agus biáiḋ an talaṁ ar ḃar gcuinne: coṁnuiġiḋ agus malairtiġiḋ ann, agus faġaiḋ sealḃa ḋíḃ féin ann. 11Agus a duḃairt Seċem ré na haṫair agus ré na dearḃráiṫriḃ, Faġuim grása an ḃur raḋarc, agus giḋ bé ní déarṫáoi riom do ḃéar uáim é. 12Ni ḃfuil dá ṁéid croḋ nó tioḋlaiceaḋ íarrfuiḋe oram, naċ ttiuḃra me uáim do réir mar a déarṫaoi riom: aċ go ttugṫaoi an cailín daṁ na mnaói. 13Agus do ḟréagradur mic Iácob Seċem agus a aṫair Hámor go cealgaċ, ag raḋ, Do ċionn gur ṫrúailliġ sé a ndeirḃṡiur Dínah: 14Agus a duḃradur ríu, Ní ḟéadmáoidne an ní si a ḋéanaṁ, ar nderḃṡíur do ṫaḃairt do neaċ naċ ḃfuil timċillġéarrṫa; óir do buḋ masla ḋúinn sin. 15Aċ áontoċam ḋiḃ mar so: má ḃiṫísi mar a támáoidne, gaċ énḟirionaċ aguiḃ do ḃeiṫ timċillġéarrṫa; 16Ann sin do ḃéuram ar ninġeana ḋáoiḃ, agus géuḃam ḃur ninġeana ċuguinn, agus coiṁneoċam maille riḃ, agus bíam ar néunṗobal. 17Aċ muna éistí rinn fa ḃeiṫ timċillġeárṫa; ann sin béuram ar ninġean linn, agus imeoċam roṁuinn. 18Agus do ṫaitin a mbríaṫra le Hámor agus le Seċem, mac Hámor. 19Agus níor ċuir an tóganaċ maill san ní do ḋéunaṁ, do ċionn go raiḃ dúil aige a ninġin Iácob; agus do buḋ ro onóruiġe é ná tiġ aṫar uile: 20Agus táinic Hámor agus Seċem a ṁac go geata a ccaiṫreaċ, agus do laḃradar re muinntir na caiṫreaċ, ag ráḋ, 21Atáid na dáoinesi síoṫċánta rinn; uimesin áitriġidís an talaṁ, agus déindís malairt ann; óir féaċuiḋ, atá an fearann fairsiong go lór ḋóiḃ; glacam a ninġeana na mnáiḃ ċuguinn, agus tugam ar ninġeana na mnaiḃ ḋóiḃsion. 22Aċ aṁaín gurob mar so áontoċuid na daoine linn, coṁnuiġe do ḋéanaṁ ar ḃfoċair go mbemís ar néanṗobal; gaċ áon ḟirionnaċ aguinn do ḃeiṫ timċillġéarrṫa, mar a táidsion timċillġéarrṫá. 23Naċ buḋ linne a náirneís, a máoin, agus gaċ ainṁiḋe da mbí aca? aċd aṁáin tigiom léo, agus áitreoċuid aguinn. 24Agus do áontuiġ a ndeaċuiġ amaċ as geata a gcaiṫreaċ lé Hámor, agus lé Seċem: agus do tímċillġearraḋ gaċ éinḟear, an ṁéid do ċuáiḋ amáċ as geata a gcaiṫreaċ. 25Agus tárla an treas lá a núair do ḃádur neiṁneaċ, gur ġlacadar días ṁac Iacob, Simeon agus Léḃi dearḃráiṫre Ḋínah, gaċ áon aca a ċloiḋeaṁ, agus tangadar ar an gcaṫruiġ go dána, agus do ṁarḃadur na fir uile. 26Agus do ṁarḃadur Hámor, agus Seċem a ṁac le fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus tugadar Dínah as tiġ Ṡeċem, agus do ċúadur a maċ. 27Tangadur clann Jácob ar a nár, agus do ċreaċadar an ċaṫair, do ċionn gur ṫruáilliġeadur a ndeirḃṡíur. 28Do ṫógḃadur a gcaóiriġ, agus a ndaiṁ, agus a nassail, agus an ṁéid do ḃí sa ccaṫruiġ, agus an ṁéid do ḃí ar an maċaire léo, 29Agus a saiḋḃrios uile agus a nóga uile, agus a mná rugadar léo a láiṁ, agus do airgeadur go léir a raiḃ annsa tiġ. 30Agus a duḃairt Iácob ré Símeon, agus ré Léḃi, Do ċuireaḃair buáiḋreaḋ orum, mo ḋéanaṁ bréun a measg aitreaḃaḋ na tíre, a measg na Ccanaaniteaċ, agus a measc na Bperisiteaċ: agus gan mé aċ beagán a nuiṁir, cruinneoċuid íad féin uile am aġuiḋ, agus muirfid mé; agus sgriosfuiġer mé féin agus mo ṫiġ. 31Agus a duḃradur san, Nar ċóir ḋósan a ḋéanaṁ ré ar ndeirḃṡiairne mar do ḋéanaḋ sé ré meirdriġ?

Currently Selected:

Genesis 34: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in