YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 37

37
Caibidil XXXVII.
Aislinge Ióseṗ. 18 Tnúṫ a ḋearḃraiṫre. 21 A reice agus a ṫaḃarta don Egipt.
1Agus do ḃí Iácob na ċoṁnuiġe sa tír a raiḃ a aṫair na ċoiṁiġṫeaċ, a ttír Ċanaáin. 2A síad so geinealuiġ Iácob. Ar mbeiṫ do Ióseṗ seaċd mbliaḋna déag dáois, do ḃí ag inġilt an tréada a ḃfoċair a ḋearḃráiṫreaċ; agus do ḃí an tóganaċ a ḃfoċair ċloinne Bilhah, agus ċloinne Silpah, mná a aṫar: agus tug Ióseṗ a ndroċṫúarusgḃáil ċum a aṫar. 3A nois dob annsa le Hisrael Ióseṗ ná a ċlann uile, dó ċionn gurab é mác a ṡeanáoisi é: agus do rinne cóta ḋó diomad daṫann. 4Agus a nuáir do ċonncadar a ḋearḃráiṫre gur ḃannsa le na naṫair é ná a ḋearḃráiṫre uile, do ḟuaṫiġeadar é, agus ní ḟéadaidís laḃairt go sioṫċánta ris. 5Agus do ċonnairc Ióseṗ aisling, agus do innis dá ḋearḃráiṫriḃ í: agus bá ṁóide fós a ḃfúaṫ air. 6Agus a duḃairt sé ríu, Guiḋim siḃ, éisdiġ ris a naislingsi do táiḃseaḋ ḋaṁ: 7Oir feaċuiḋ, do ḃamar ag ceangal punnann ar an maċaire; agus féaċuiḋ, do éiriġ mo ṗunnannsa agus do ṡeas súas go díreaċ; agus féuċuiḋ, do ḃadur ḃur bpunnanasa na seasaṁ na timċioll, agus do rinneadar uṁla dom ṗunnainnsi. 8Agus a duḃradar a ḋearḃráiṫre ris, An mbiáiḋ tusa go deiṁin ag ríġe ós ar ccionne? nó an mbiáiḋ go deiṁin uaċdaranaċd agad oruinn? agus bá móide fós a ḃfuaṫ air, tré na aislingiḃ, agus tré na ḃríaṫruiḃ. 9Agus do ċonnairc seision fós aisling eile, agus do innis sé dá ḋearḃraiṫriḃ í, agus a duḃáirt, Féaċuiḋ, do ċonnairc mé fós aisling eile; agus féaċuiḋ, do rinne an ġrían agus an ġealaċ agus na háonréulta déug uṁla ḋaṁsa. 10Agus do innis seision dá aṫair, agus dá ḋearḃráiṫriḃ: agus do imḋearguiḋ a aṫair é, agus a duḃairt ris, Créd é a naislingse do ċonnairc tusa? an deiṁin go tiucfa misi, agus do ṁaṫair agus do ḋearḃráiṫre dar ccláonaḋ féin síos duitsi go talaṁ? 11Agus do ḟuaṫuiġeadar a ḋearḃráiṫre é, aċ do ċoṁarṫuiġ a aṫair an glór. 12Agus do ċúadar a ḋearḃráiṫre dinġeilt ṫréada a naṫar go Seċem. 13Agus a duḃairt Israel ré Ióseṗ, Naċ ḃfuilid do ḋearḃráiṫre ag beaṫuġaḋ an tréada a Seċem? tárr águs cuirfe mé ċucṫa ṫú: agus a duḃairt seision ris, Atáim annso. 14Agus a duḃairt sé ris, Guiḋim ṫú, eiriġ, féuċ an maiṫ a táṫar ag ad ḋearḃráiṫriḃ, agus an maiṫ a táṫar ag na tréuduiḃ; agus taḃair scéula ċugam a rís. Mar sin do ċuir sé amaċ é as gleann Hébron, agus táinig sé go Seċem. 15Agus fuáir duine áiriġe é, agus, féuċ, do ḃí ar seaċrán ar an maġ; agus do ḟíafruiġ an tóglaċ ḋe, ag ráḋ, Cía atá tú íarruiḋ? 16Agus a duḃairt seision, Atáim ag íarruiḋ mo ḋearḃráiṫreaċ: gúiḋim ṫú, innis daṁ cáit á ḃfuilid síad ag inġeilt? 17Agus a duḃairt an tóglaċ, Do imṫiġeadur as so; óir do ċuala mé íad ḋá ráḋ, Déanam go Dótan. Agus do lean Ióseṗ a ḋearḃráiṫre, agus fuáír a Ndótan iad. 18Agus a nuáir do ċónncadar é a ḃfad úaṫa, suil ṫáinic sé na ngar, do coṁairliġeadur a ṁarḃaḋ. 19Agus a duḃradar gaċ fear ré ċéile, Féuċuiḋ atá an taislingṫeaċ so ag teaċd. 20Déanam a nois, ar a naḋḃarsin agus marḃam é, agus teilgeam a bpoll éigin é, agus a déaram, Gur ṁarḃ droċḃeiṫeaċ éigin é: agus do ċífeam créud ṫiucfas dá aislingiḃ. 21Agus do ċúaluiḋ Reuben sin, agus do ṡáor ó na láṁuiḃ é; agus do ráiḋ, Ná marḃam é. 22Agus do ráiḋ Reuben ríu, Ná dóirtiġ fuil, aċ teilgiḋ é annsa bpoll so atá ar an ḃfásaċ, agus ná cuiriḋ láṁ ann; ionnus go mbeanfaḋ sé as a laṁuiḃ é, ḋá ṫaḃairt dá aṫair a rís. 23Agus tárla a nuáir ṫáinig Ióseṗ ċum a ḋearḃráiṫreaċ, gur ḃeanadar a ċóta ḋe, a ċóta iolḋaṫaċ do ḃí uime; 24Agus do ṫógḃadar léó e, agus do ṫeilgeadar a bpoll é: agus do ḃí an poll folaṁ, agus ní raiḃ uisge ann. 25Agus do ṡuiġeadar síos diṫe aráin, agus do ṫógḃadar súas a súile, agus do aṁairceadar, agus féuċ do ṫáinic cuideaċda Ismaeliteaċ ó Ġilead gun a ccaṁulluiḃ, ag iomċar spíosra, agus balma, agus mirra, ag imṫeaċd dá ḃreiṫ síos do Néigipt. 26Agus a duḃairt Iúdah ré na ḋearḃráiṫriḃ, Cioḋ an tarḃa má ṁarḃamáoid ar ndearḃraṫair, agus a ḟuil a ċeilt? 27Déanam, agus reácam ris na Hismaeliteaċuiḃ é, agus na beanaḋ ar láṁa leis; óir isé ar ndearḃraṫair agus ar ḃfeóil é, Agus do áontuiġedar a ḋearḃráiṫre sin. 28Annsin do ġaḃadar Midianuiġ ré na ttáoḃ, ceannuiġṫe; agus do ṫairngeadar agus do ṫógḃadar súas Ióseṗ as an bpoll, agus do réacadur Ióseṗ ris na Hismaeliteaċuiḃ ar ḟiċid píosa airgid: agus rugadarsin Ióseṗ do Négipt. 29Agus dfill Reuben ċum an ṗuill; agus féuċ ní raiḃ Ióséṗ san ṗoll: agus do stíall sé a éudaċ. 30Agus do ḟill sé ar a ḋearḃráiṫriḃ, agus a duḃairt, Ní ḃfuil an leanaṁ ann: agus misi, cáit a ngéuḃa mé? 31Agus do ġlacadar cóta Ióseṗ, agus do ṁarḃadar meannán do na gaḃruiḃ, agus do ṫumadar an cóta ann sa nḃfuil. 32Agus do ċuireadar an cóta iolḋaṫaċ, agus rugadar ċum a naṫar é, agus a duḃradar, Ag so mar fuaramairne é; aiṫin a nois a né cóta do ṁic é, nó naċ é. 33Agus do aiṫin seision é, agus a duḃairt, A sé cóta mo ṁic é; do ṁarḃ droiċḃeiṫeaċ é, atá Ióseṗ ar ná ġearraḋ na ṗíosuiḃ gan ċunntaḃairt. 34Agus do stíall Iácob a endaċ, agus do ċuir éudaċ róinníġ uime, agus do rinne doilġios fá na ṁac mórán do laéṫiḃ. 35Agus do éirġeadar a ċlann ṁac uile, agus a inġeana suas dá ṁeisniuġaḋ; aċ do ḋíult seision meisneaċ do ġlacaḋ; agus do ráiḋ sé, Oir raċuiḋ mé síos annsa nuáiġ ċum mo ṁic ag déanaṁ doilġiosa: mar so do ċáoin a aṫair é. 36Agus do reacadar na Midianuiġ é do Néigípt ré Potiṗar, oifigeaċ do ṁuinntir Ṗárao, agus caiptín a ġárda.

Currently Selected:

Genesis 37: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in