YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 33

33
Caibidil XXXIII.
Ḋearnadar Iácob agus Esau réiteaḋ. 18 Táinig Iacob go Salem, agus do ċeannaiċ maċair annsin.
1Agus do ṫóg Iácob a ṡúile súas, agus daṁairc se, agus féuċ do ṫáinic Esau agus ceiṫre ċéad fear leis. Agus do roinn sé an ċlann do Léah, agus do Ráċel, agus don dá ċuṁal. 2Agus do ċuir sé na cuṁail agus a cclann a ttosaċ, agus Léah agus a clann na ndiáiġ, agus Raċel agus Ióseṗ fá ḋeireaḋ. 3Agus do ġluáis anonn rompa, agus do ċláon é féin go talaṁ seaċd nuáire, nó go ttáinig a ḃfogus dá ḋearḃraṫair. 4Agus do riṫ Esau na ċoinne, agus do ṫeann ris é, agus do luiḋ ar a ṁuinéul, agus do ṗóg é: agus do ġuileadur. 5Agus do ṫóg se súas a ṡúile, agus do ċonnairc na mná agus an ċlann; agus a duḃairt, Cía híad súd agud? agus a duḃairt seision, An ċlann tug Día go grásaṁuil dod ṡeirḃíseaċ. 6Ann sin tangadur na cuṁail, agus a cclann a ḃfogus, agus do cláonadur íad féin. 7Agus ṫáinic Léah mar an gcéadna gon a cloinn a ḃfogus, agus do ċláonadur íad féin: agus fá ḋeireaḋ ṫáinic Ióseṗ agus Ráċel a ḃfogus, agus do ċláonadar íad féin. 8Agus a duḃairt sé, Créad as cíall duit ris a nealḃasa uile ṫárla rium? agus a duḃairt seision, Dfaġáil grás a raḋarc mo ṫiġearna. 9Agus a duḃairt Esau, Atá go lór agamsa a ḋearḃraṫair; bíoḋ an ní as leaċd agad féin. 10Agus a duḃairt Iácob, Ní heaḋ, guiḋim ṫú, má fuáir mé a nois grása ad raḋarc, ann sin glac mo ḃronntanas as mo láiṁ: oir is uime sin do ċonnairc mé do ġnuis aṁuil mar do ċífinn gnúis Dé, gus do ṫaitin mé riot. 11Guiḋim ṫú, glac mo ḃeannuġaḋ, tugaḋ ċugad; do ċionn go raiḃ Día go grásaṁuil riom, agus do ċionn go ḃfuil go lór agam. Agus do ṡárúiḋ air, agus do ġaḃ sé an tioḋlaiceaḋ. 12Agus a duḃairt seision, Glúaisiom ann ar sliġe, agus imṫiġiom, agus raċuiḋ misi roṁad. 13Agus a duḃairt seision ris, Ata a ḟios ag mo ṫiġearna go ḃfuilid na leiniṁ máoṫ, agus na tréada agus na sealḃaḋa ré hóga agamsa: agus má ṫiomáinid daóine go hiomarcaċ íad a néanló, ġeaḃuiḋ an tréad uile bás. 14Eirġioḋ mo ṫiġearna, íarruim ort, ṫairis anonn roiṁe a ṡerḃíseaċ: agus leanfa misi ṫú go socair, réir mar ḟéadfuid a nairnéis ḃías roṁam agus an ċlann ḟulang, nó go ttí mé go núiġ mo ṫiġearna go Seir. 15Agus a duḃairt Esau, Léig ḋaṁsa a nois cuid don ṁuínntir atá am ḟoċair dfágḃáil agad. Agus a duḃairt seision, Cionnus rioċṫara leas? faġaim a nois grása a raḋarc mo ṫiġearna. 16Marsin do ḟill Esau ann lá sin féin ann a ṡliġe go Seir. 17Agus do ġluáis Iácob go Succot, agus do rinne tiġ ḋó féin, agus do rinne máinreaċa ḋá áirnéis: uimesin goirṫear Succot dainm do náit. 18Agus táinic Iácob go Sálem, caṫair Ṡeċem, noċ atá a ttír Cánaain, a nuáir ṫáínic sé ó Ṗádan-Aram; agus do ṡuiḋiḋ a ṗubuil as ċoinne na caiṫreaċ. 19Agus do ċeannuiġ sé cuid do ṁaċaire, áit ar leaṫnuiġ sé a ṗubail, as láiṁ ċloinne Hámor, aṫair Ṡeċem ar ċéad píosa airgid. 20Agus do ċuir altoir súas annsin, agus do ġoir sé ḋi El-elohe-Israel.

Currently Selected:

Genesis 33: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in