YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 1

1
CAIBIDIOL I.
Seanmóiniú Eóin baiste. Críost d’á baiste aige. É ag glaoḋaċ a ḋeisgiobul agus ag ḋéanaṁ mírḃúiltí.
1Tusaċ Soisgéil Íosa Críost, Ṁic Dé.
2Mar atá sgríoḃṫa i n-Isáias fáiḋ: #Mal. 3:1.Féaċ, táim ag cur mo ṫeaċtaire róṁat ċun na sliġe d’ollaṁú róṁat. 3#Isáias 40:3.Guṫ duine ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ: Ollaṁuiġiḋ an tslíġ do’n Tiġearna; deiniḋ a ċasáin do ḋíriú ḋó. 4Ḃí Eóin sa ḃfásaċ ag baisteaḋ agus ag fógairt baiste ċun aiṫriġe agus cun maiṫeaṁnaċais peacaí. 5Agus ḃí muintir Iudaéa agus muintir Ierúsaleim go léir ag dul amaċ ag triall air, agus ḃí sé ’ġá mbaisteaḋ i n-aḃainn Iórdain, agus iad ag adṁáil a bpeacaí. 6Agus ruainneaċ camail iseaḋ ḃí mar éadaċ ar Eóin, agus crios leaṫair an a ċom, #Leḃit. 11:22.agus isé bia a ḃí aige ’ná lócuistí agus mil ḟiain. 7Agus seo mar a ḋeineaḋ sé fógairt: Tá duine is mó cóṁaċt ’ná mise ag teaċt am ḋiaiḋ, agus ní fiú mé go gcromfainn agus go sgaoilfinn iall a ḃróige. 8#Gníoṁ. 1:5; 2:4; 11:16; 19:4.Do ḃaisteas-sa siḃ le h-uisge; baistfiḋ sé siúd siḃ, áṁṫaċ, leis an Spioraid Naoṁ.
9Agus do ṫárla, ins na laeṫiḃ sin, go dtáinig Íosa ó Nasaret Ġaililí agus gur ḃaist Eóin é sa n-Iórdan. 10Agus láiṫreaċ nuair a ṫáinig sé aníos as an uisge, do ċonaic sé na flaṫais ar osgailt agus an Spioraid Naoṁ ag teaċt anuas i ḃfuirm colúir agus ag túirling air. 11Agus ṫáinig an guṫ as na flaṫais: Is tusa mo Ṁac dílis; is ort atá mo ġreann.
12Agus láiṫreaċ do ṡeól an Spioraid amaċ sa ḃfásaċ é; 13Agus ḃí sé sa ḃfásaċ daċad lá agus daċad oiḋċe, agus ḃí Sátan ag cur caṫa air, agus ḃí sé ameasg na mbeiṫiġeaċ allta, agus ḃí na h-aingil ag frioṫálaṁ air.
14Agus nuair a ḃí Eóin curṫa sa ṗríosún, ṫáinig Íosa isteaċ i nGaililí ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil ríġeaċta Dé. 15Agus duḃairt sé: Tá an aimsir caiṫte, agus tá ríġeaċt Dé buailte liḃ. Deiniḋ aiṫriġe agus creidiḋ an soisgéal.
16Agus ḃí sé ag siuḃal ar bruaċ mara Ġaililí agus ċonaic sé Símón agus Aindrias a ḋriṫáir ag cur líonta sa ḃfaraige (mar iasgairí ab eaḋ iad). 17Agus duḃairt Íosa leó: Leanaiḋ mise agus déanfad iasgairí ar ḋaoine ḋíḃ. 18Agus d’ḟágadar ansan na líonta agus do leanadar é láiṫreaċ. 19Agus nuair a ḃí sé imṫiġṫe tamall beag ó’n áit sin ċonaic sé Séamus mac Sebedé agus Eóin a ḋriṫáir agus iad ag socarú a líonta sa luing; 20Agus do ġlaoiḋ sé orṫa láiṫreaċ agus d’ḟágadar ansan sa luing Sebedé a n-aṫair agus a luċt oibre, agus do leanadar eisean.
21Agus ċuadar isteaċ i gCaṗarnaum, agus gan ṁoill, sa tsabbóid, ṫéiġeaḋ sé isteaċ sa tsinagóig agus ḋeineaḋ sé teagasg. 22#Mait. 7:28; Lúc. 4:32.Agus do ċuir a ṫeagasg iongna orṫa, mar do ṫeagaisg sé mar duine go raiḃ coṁaċt aige, murar ḃ’ionan a’s na Sgríḃneóirí.
23Agus ḃí sa tsinagóig acu duine go raiḃ spioraid neaṁġlan istiġ ann, agus do liúiġ sé amaċ: 24Cad í an ḃaint atá agatsa agus againne le n-a ċéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An ċun sinn a ṁilleaḋ a ṫáinís annso? Tá ḟios agam cé h-é ṫu, Aon Naoṁṫa Dé. 25Agus do smaċtuiġ Íosa é agus duḃairt sé: Bí ciúin agus imṫiġ amaċ as an nduine. 26Ansan do ċuir an annsprid truailliġṫe sgread as, agus ḃain sé stracaḋ as an nduine, agus d’imṫiġ sé amaċ as. 27Agus ṫáinig iongna ar na daoine go léir, agus ḃíodar ag fiafraiġe ḋá ċéile; agus deiridís: Cad é seo? cad é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smaċt ar na h-annspridíḃ truailliġṫe féin, agus go ngéillid siad dó? 28Agus do ġluais a ṫuairisg láiṫreaċ tré críċ Ġaililí go léir.
29Agus ṫanadar láiṫreaċ amaċ as an sinagóig agus ċánadar go tiġ Ṡímóin agus Aindriais, i n-aonḟeaċt le Séamus agus le h-Eóin. 30Agus ḃí máṫair céile Ṡímóin ’n-a luiġe le fiaḃras, agus do laḃradar leis láiṫreaċ ’n-a taoḃ. 31Agus ṫáinig sé agus do rug sé ar láiṁ uirṫi agus ṫóg sé suas í, agus d’imṫiġ an fiaḃras di láiṫreaċ, agus ḋein sí frioṫálaṁ orṫa.
32Agus nuair a ṫáinig an tráṫnóna agus ċuaiḋ grian fé, ṫugadar ag triall air gaċ aoinne a ḃí as a ṡláinte agus gaċ aoinne go raiḃ deaṁan ann. 33Agus ḃí muintir an ḃaile go léir cruinniġṫe ag an ndorus; 34Agus do leiġis sé na sluaiġte daoine ó gaċ saġas galair d’á raiḃ orṫa, #Lúc. 4:41.agus ċuir sé amaċ na sluaiġte deaṁan, agus níor leig sé ḋóiḃ laḃairt, mar d’aiṫníġeadar é.
35Agus d’eiriġ sé ana-ṁoċ ar maidin, agus d’imṫiġ sé amaċ agus ċuaiḋ sé go h-áit uaigneaċ, agus ḃí sé ag guiḋe ann. 36Agus do lean Símón é, agus an ṁuintir a ḃí ’n-a ṫeannta. 37Agus nuair a fuaradar é duḃradar leis: Táid na daoine go léir at’ lorg. 38Agus duḃairt sé leó: Téiġmís isteaċ ins na sráidiḃ agus ins na bailtiḃ beaga atá i n-ár gcóṁgar go ndeinead craoḃsgaoileaḋ ionta, óir is ċuige sin a ṫánag.
39Agus ḃí sé ag seanmóin ins na sinagógaiḃ acu ar fuid Ġaililí go léir, agus ag cur deaṁan amaċ.
40Agus ṫáinig ċuige loḃar, ’ġá ġuiḋe, agus d’úṁluiġ sé ḋó agus duḃairt sé: Má’s toil leat é is féidir duit mé ġlanaḋ. 41Agus ṫáinig truaġ ag Íosa ḋó, agus do ṡín sé a láṁ agus ċuir sé air í, agus duḃairt sé: Is toil liom é; glantar ṫu. 42Agus nuair a duḃairt sé an focal d’imṫiġ an loḃra de’n duine láiṫreaċ, agus ḃí sé glan. 43Agus ṫug sé foláraṁ dó agus ċuir sé uaiḋ amaċ é láiṫreaċ, 44Agus duḃairt sé leis: Seaċain agus ná h-innis d’aoinne é, aċ imṫiġ agus taisbeáin tu féin d’uaċtarán na sagart, agus taḃair, ar do ġlanaḋ, #Leḃit. 14:2.na neiṫe a ḋ’órduiġ Maois, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ-sin. 45Aċ ċóṁ luaṫ agus ċuaiḋ seisean amaċ ḋíriġ sé ar an sgéal a ḋ’innsint agus do ċraoḃsgaoileaḋ, i dtreó nár ḟéad Íosa dul isteaċ go puibiliḋe sa ċaṫair, agus gur ḟan sé lasmuiġ ins na h-áiteanaiḃ uaigneaċa, agus gur ċruinniġ na daoine ċuige as gaċ áird.

Currently Selected:

Marcus 1: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in