YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 18

18
CAIBIDIOL XVIII.
Críost ġa ṫeagasg dóiḃ an uṁluiġeaċt do ċleaċtaḋ; sgannal do ṡeaċaint; teiṫe ó ócáidíḃ peacṫa; peacaċa leanaṁnaċa do ġearán leis an Eaglais, agus a ṫuisgint gur cuma nú págánaiġ an ṁuíntir ná h-éisteann leis an Eaglais. E ’á ġeallaṁaint d’á ḋeisgiobulaiḃ cumas ar ċeangal agus ar sgaoíle do ṫaḃairt dóiḃ, agus go mbeiḋ sé féin ’na gcóṁṫíonólaiḃ. Ná maiṫfar do’n t-e ná maiṫfiḋ.
1An uair sin ṫáinig na deisgiobuil ċun Íosa agus duḃradar: Cé h-é, dar leat, an duine is mó i ríġeaċt na ḃflaṫas? 2Agus do ġlaoiḋ Íosa ċuige leanḃ beag, agus ċuir sé ’n-a ṡeasaṁ ’n-a lár é. 3Agus duḃairt sé: Go deiṁin adeirim liḃ, mura n-iompuiġiḋ siḃ agus ḃeiṫ ar nós na leanḃ, ní raġaiḋ siḃ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas. 4An t-é d’á ḃríġ sin, d’ísleóċaiḋ é féin ar nós an leinḃ ḃig sin, siné is mó i ríġeaċt na ḃflaṫas. 5Agus an t-é a ġlacann aon leanḃ beag aṁáin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise. 6Aċ an t-é ṫaḃarfaiḋ sgannal do ḋuine de’n ṁuintir ḃeag so a ċreideann ionam-sa, b’ḟearra ḋó go gcurfaí bró muilinn ar a ṁuineál agus é ċaiṫeaṁ isteaċ i ndoiṁneaċt na faraige.#18:6 Ver. 6. ṫaḃarfaiḋ sgannal .i., do ċuirfiḋ trúig ḃaraṫuisle rómpa agus cuirfiḋ féaċaint orṫa peaca ḋéanaṁ.
7Is mairg do’n doṁan mar ġeall ar na sgannalaiḃ. Ní foláir na sgannail do ṫeaċt: aċ sa n-am gcéadna is mairg an t-é go dtagann an #18:7 .i. droċ-ṡampla.sgannal d’á ḋruím.#18:7 Ver. 7. Ní foláir .i. Tá an saoġal ċóṁ h-olc san, ċóṁ cuirpṫe sin. 8Má ḋeineann do láṁ nó do ċos sgannal duit#18:8 Ver. 8. sgannal duit .i., Má’s trúig ṗeacṫa ḋuit iad, .i., Má ċuirid siad ḟéaċaint ort peaca ḋéanaṁ., gearr anuas díot í, agus caiṫ uait í; is fearra ḋuit dul isteaċ sa ḃeaṫa ar leaṫ-láiṁ nó ar leaṫ-ċois ’ná ḋá láiṁ nó ḋá ċois a ḃeiṫ agat agus tu ċur i dteine ṡíoruiḋe. 9Agus má ḋeineann do ṡúil sgannal duit, strac amaċ í agus caiṫ uait í; is fearra duit dul isteaċ ’sa ḃeaṫa ar leaṫ-ṡúil ’ná dul i n-ifreann na teine agus do ḋá ṡúil agat.
10Tugaiḋ aire gan neaṁṡuím a ḋéanaṁ d’aoinne de’n ṁuintir ḃeag san, mar deirim liḃ #Salm 33:8.go ḃfuil raḋarc do ṡíor agá n-aingealaiḃ sin ins na flaṫais, ar ġnúis m’Aṫar-sa, atá ins na flaṫais.
11Óir do ṫáinig Mac an Duine ċun go sáḃálfaḋ sé an níḋ a ḃí caillte. 12Cad is dóiġ liḃ? Má ḃíonn céad caora ag duine, agus go raġaiḋ caora acu amú, ná fágfaiḋ sé na naoi gcinn déag agus ċeiṫre fiċid ar na cnocaiḃ, agus ná h-imṫeóċaiḋ sé ag lorg an ċinn a ċuaiḋ amú? 13Agus má ráiniġeann dó í ḋ’ḟáġail, deirim liḃ, go deiṁin, gur mó an t-áṫas atá air mar ġeall uirṫi sin ’ná mar ġeall ar na naoi gcinn déag agus ċeiṫre fiċid nár ċuaiḋ amú. 14Mar an gcéadna, ní toil le nḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais go gcaillfí duine de’n ṁuíntir ḃeag san. 15Aċ má ḋeineann do ḃráṫair beart ad’ ċoinniḃ, imṫiġ agus cóṁairliġ é idir ṫu féin agus é féin aṁáin. Má éisteann sé leat, tá do ḃráṫair buaiḋte agat. 16Mura n-éistiḋ sé leat, taḃair leat duine nó beirt eile, #Deut. 19:15.i dtreó go seasóċaiḋ gaċ focal i mbéal beirte nó trír fínniṫe. 17#1 Cor. 5:9.Agus mura n-éistiḋ sé leó san, innis do’n eaglais é; agus mura n-éistiḋ sé leis an eaglais, bíoḋ sé ’n-a ṗágánaċ nó ’n-a ṗuibliocánaċ agat. 18Go deiṁin adeirim liḃ, pé neiṫe a ċeangalóċaiḋ siḃ ar talaṁ, beid siad ceangailte ar neaṁ; agus pé neiṫe a sgaoilfiḋ siḃ ar talaṁ, beid siad sgaoilte ar neaṁ.
19Agus deirim liḃ ’n-a ṫeannta san, má ḃíonn beirt agaiḃ ar aon aigne ar talaṁ i dtaoḃ aon ruda ar biṫ a ḃeiḋ acu d’á iarraiḋ, go ḃfaġaid siad an rud san a ḋéanaṁ dóiḃ ó m’ Aṫair-se atá ins na flaṫais. 20Óir, an áit ’n-a ḃfuil beirt nó triúr cruinniġṫe am’ ainm-se, táim-se ansan ’n-a measg.#18:20 Ver. 20. táim-se ansan ’n-a measg. — Tuigtear an ċaint sin i dtaoḃ cruinniġṫe a ḃíonn i n-ainim Ċríost agus i n-aondaċt Eagailse Ċríost. Cyprian Naoṁṫa, De Unitate Ecclesiae.
21Ansan do ṫáinig Peadar ċuige agus duḃairt, A Ṫiġearna, an ’mó uair a ḋéanfaiḋ mo ḃráṫair beart am’ ċoinniḃ agus go maiṫfead dó? Ċóṁ fada le seaċt n-uaire, an eaḋ? 22Duḃairt Íosa leis: Ní deirim leat ċóṁ fada le seaċt n-uaire, aċ ċóṁ fada le seaċt n-uaire fó ṡeaċt ndeiċ.
23D’á ḃríġ sin, is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le fear a ḃí ’n-a rí, agus gur ṁian leis cúntas a ṡocarú le n-a ṡeirḃíseaċaiḃ. 24Agus nuair a ṫosnuiġ sé ar an gcúntas do ṡocarú do tugaḋ ċuige duine go raiḃ deiċ míle talant #18:24 .i. ag an rí ar an nduine.aige air.#18:24 Ver. 24. Talant. — Dob ionan talant agus 750 d’únsaíḃ airgid, .i., do réir ċoróinn an t-únsa céad oċt ndeiċ a seaċt de ṗúntaiḃ airgid agus deiċ sgillinge (£187 10s. 0d.). 25Agus nuair ná raiḃ aon rud aige ċun na ḃfiaċ a ḋíol, d’órduiġ an tiġearna é féin agus a ḃean, agus a ċlann, agus a raiḃ aige, do ḋíol amaċ agus díolḟiaċ a ḋéanaṁ. 26Ansan do ċaiṫ an seirḃíseaċ san é féin ar an dtalaṁ, ag guiḋe an tiġearna, agus duḃairt sé: Dein foiḋne liom, agus díolfad an iomláine leat. 27Agus do ġlac truaġ an máiġistir do’n tseirḃíseaċ san, agus do sgaoil sé ċun siuḃail é, agus do ṁaiṫ sé na fiaċa dó. 28D’imṫiġ an seirḃíseaċ san amaċ, áṁṫaċ, agus do casaḋ air cóṁ-ṡeirḃíseaċ dó féin go raiḃ céad pingin aige air; agus do rug sé air, agus ḃí sé ’ġá ṫaċtaḋ, agus ’ġá ráḋ leis: Díol liom na fiaċa atá agam ort.#18:28 Ver. 28. céad pingin An t-oċtṁaḋ cuid d’únsa a ḃí sa ṗingin Róṁanaċ, .i., tímpal seaċt bpingine goileiṫ d’airgead na h-aimsire seo. 29Agus do ċaiṫ an cóṁ-ṡeirḃíseaċ é féin ar an dtalaṁ, agus duḃairt sé: Dein foiḋne liom, agus díolfad leat an iomláine. 30Ní ḋéanfaḋ, áṁṫaċ; aċ d’imṫiġ sé agus ċuir sé sa ṗríosún é, go ndíolfaḋ sé na fiaċa. 31Aċ nuair a ċonaic a ċóṁ-seirḃísiġ-sin cad a ḃí déanta, ṫáinig buairt ana-ṁór orṫa, agus ṫánadar agus d’innseadar do’n tiġearna gaċ níḋ fé mar a ṫuit amaċ. 32Ansan do ġlaoiḋ a ṫiġearna ar an ḃfear san, agus duḃairt sé leis: A ṡeirḃísiġ ṁalluiġṫe, do ṁaiṫeas-sa na fiaċa go léir duit-se, toisg tu ’ġá iarraiḋ orm; 33Nár ċóir, d’á ḃríġ sin, duit-se truaġ ḃeiṫ agat dod’ ċóṁ-ṡeirḃíseaċ, fé mar a ḃí truaġ agam-sa ḋuit-se? 34Agus ḃí fearg ar an dtiġearna, agus ṫug sé suas do na céasdóiriḃ é, go ndíolfaḋ sé na fiaċa go léir. 35Agus sin mar a ḋéanfaiḋ m’Aṫair-se atá ins na flaṫais liḃ-se é mura maiṫfiḋ gaċ duine agaiḃ d’á ḃráṫair, ó ċroiḋe.

Currently Selected:

Maitiú 18: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in